Tionóntaí Údaráis Áitiúil agus Iompar Frithshóisialta
- Foilsithe: 29 Feabhra 2016
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Iompar frithshóisialta
- Cad é ról an údaráis áitiúil?
- Conas iompar frithshóisialta a thuairisciú
- Rabhaidh tionóntachta
- Orduithe Athshealbhaithe agus Orduithe Eisiaimh
- Iarmhairtí an iompair fhrithshóisialta
- Cé leis a dhéanfaidh mé teagmháil má chuireann iompar frithshóisialta isteach orm?
Iompar frithshóisialta
Cumhdaítear raon gníomhaíochtaí do-ghlactha faoi iompar frithshóisialta agus is féidir leis saolta a scrios agus timpeallacht a chruthú ina bhféadfadh coireacht níos tromchúisí teacht i réim.
Go ginearálta, is faoin nGarda Síochána atá sé freagairt d’iompar frithshóisialta; tá cumhachtaí ag na húdaráis áitiúla, áfach, chun déileáil le tionóntaí a bhíonn páirteach in iompar frithshóisialta.
Sa chás nach gcloíonn tionónta údaráis áitiúil lena chomhaontú/comhaontú tionóntachta agus go mbíonn sé/sí páirteach in iompar frithshóisialta, is féidir leis an údarás áitiúil gníomh a dhéanamh i gcoinne an tionónta sin, rud a bhféadfadh díshealbhú nó eisiamh ó aonad nó eastát údaráis áitiúil a bheith mar thoradh air.
Cad é ról an údaráis áitiúil?
Tá dualgas reachtúil ar gach údarás áitiúil straitéis um iompar frithshóisialta a ghlacadh agus a athbhreithniú chun iompar frithshóisialta ina stoc tithíochta a chosc agus a laghdú.
Is féidir leat cóip den straitéis a fháil ó d’údarás áitiúil.
Tá cumhachtaí ag na húdaráis áitiúla chomh maith faoi na hAchtanna Tithíochta 1966 go 2014 a stoc tithíochta a bhainistiú, lena n-áirítear, i gcás iompair fhrithshóisialta, cumhachtaí chun seilbh áiteanna cónaithe a fháil ar ais agus chun orduithe cúirte a lorg lena n-eisiaitear daoine ó chóiríocht nó eastáit tithíochta sóisialta ar feadh tréimhsí suas le 3 bliana.
Tá an chumhacht ag údaráis áitiúla chomh maith a dhiúltú áiteanna cónaithe a leithdháileadh ar dhaoine a bhíonn páirteach in iompar frithshóisialta, nó a dhiúltú áiteanna cónaithe a dhíol leo.
Má tá iompar frithshóisialta ag cur as duitse nó do theaghlach, is féidir leat a bheith ag súil go ndéileálfaidh na Gardaí agus an t-údarás áitiúil leis mar fhadhb thromchúiseach.
Tá cumhachtaí níos mó tugtha le Cuid 2 (An tAcht Tithíochta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2014 do na húdaráis áitiúla chun déileáil leo siúd nach gcomhlíonann téarmaí a dtionóntachta.
Soláthraítear bearta san Acht Tithíochta 2014 chomh maith chun aitheantas na ndaoine a chuireann sáruithe ar chomhaontuithe tionóntachta in iúl d’údarás áitiúil agus a d’fhéadfaí imeagla a chur orthu dá dtiocfadh a n-aitheantas chun solais.
Conas iompar frithshóisialta a thuairisciú
Más tionónta údaráis áitiúil thú agus más mian leat iompar frithshóisialta in eastát údaráis áitiúil a thuairisciú ba cheart duit glao a chur ar na Gardaí nó teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil.
Rabhaidh tionóntachta
Is féidir le húdaráis áitiúla rabhaidh tionóntachta a eisiúint chucu siúd a bhfuil a gcomhaontú ligin á sárú acu trí pháirt a ghlacadh in iompar frithshóisialta nó trí ligean dá bhaill dá dteaghlaigh páirt a ghlacadh in iompar dá leithéid.
Ní mór an tionónta ciontach a ordú i rabhadh tionóntachta i ndáil le hiompar frithshóisialta gníomh a dhéanamh chun stop a chur leis an iompar frithshóisialta agus ní mór dó rabhadh a thabhairt don tionónta go bhféadfadh imeachtaí athshealbhaithe a thionscnamh mura gcuirtear stop leis an iompar.
I gcásanna iompair fhrithshóisialta an-tromchúiseach, is féidir leis an údarás áitiúil a chinneadh gan rabhadh tionóntachta a eisiúint agus iarratas a dhéanamh go díreach chuig an gcúirt i gcomhair athshealbhú an aonaid nó i gcomhair ordú eisiaimh i gcoinne an duine lena mbaineann.
Orduithe Athshealbhaithe agus Orduithe Eisiaimh
Má leanann an sárú tionóntachta ar aghaidh, nó má dhéantar arís é laistigh de 12 mhí de theacht in éifeacht an rabhaidh tionóntachta, mar sin is féidir leis an údarás:
- Iarratas a dhéanamh leis an gcúirt chun an tionónta údaráis áitiúil a dhíshealbhú
- Más cuí, iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche i gcomhair Ordú Eisiaimh i gcoinne an bhaill teaghlaigh ba chúis leis an sárú sin
- D’fhéadfaí an duine sin a eisiamh leis an ordú ó theach faoi leith nó ó eastát iomlán agus d’fhéadfaí toirmeasc a chur ar imeagla nó ar chur isteach eile ar thionónta nó ar duine ar bith eile leis.
Mar thionónta údaráis áitiúil is féidir leat iarratas a dhéanamh go díreach le cúirt chomh maith i gcomhair Ordú Eisiaimh i gcoinne an bhaill teaghlaigh atá páirteach san iompar frithshóisialta.
Iarmhairtí an iompair fhrithshóisialta
Is féidir tionóntaí údaráis áitiúil a bhíonn páirteach in iompar frithshóisialta a dhíshealbhú de bharr a n-iompair.
Is féidir le húdarás áitiúil a dhiúltú áit chónaithe a ligean nó áit chónaithe a dhíol faoi na scéimeanna ceannaigh ag tionóntaí leo siúd a bhíonn páirteach in iompar frithshóisialta.
Féadfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí Liúntas Cíos d’áit chónaithe phríobháideach a dhiúltú nó a aistarraingt sa chás go ndearnadh an duine lena mbaineann a dhíshealbhú, a eisiamh nó a bhaint as tithíocht údaráis áitiúil ar fhorais iompair fhrithshóisialta.
Cé leis a dhéanfaidh mé teagmháil má chuireann iompar frithshóisialta isteach orm?
Más tionónta údaráis áitiúil thú a bhfuil iompar frithshóisialta duine éigin ag cur isteach ort, agus más tionónta údaráis áitiúil an ciontóir chomh maith, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an rannóg tithíochta i d’ údaráis áitiúil.
Má eisíodh rabhadh tionóntachta, Ordú Eisiaimh nó Ordú Athshealbhaithe chugat ba chóir duit comhairle dlí a lorg.