Tithíocht do Chách – Acmhainneacht Earnála
- Foilsithe: 3 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Forbhreathnú
- Printíseachtaí
- Oideachas agus Oiliúint
- Earcaíocht Idirnáisiúnta
- Naisc a bhfuil ábhar/acmhainní ábhartha iontu:
- Naisc leis na Preasráitis is déanaí:
Forbhreathnú
Is cuid lárnach den uaillmhian Tithíocht do Chách é an gá atá le hoibrithe breise san earnáil foirgníochta.
Sa Tuarascáil ar an Anailís ar Scileanna le haghaidh Foirgníocht Cónaithe agus Iarfheistithe, 2023-2030 a foilsíodh i mí na Nollag 2022, léirítear go bhfuil gá le 50,831 iontrálaí nua san earnáil foirgníochta, ó bhealaí gairmiúla, ceardaíochta, oibrithe agus trádála eile. Cuirtear i láthair sa Tuarascáil trí réamhaisnéis don tréimhse go dtí 2030, lena n-áirítear na scileanna a theastaíonn chun 33,000 teach a thógáil in aghaidh na bliana ar an meán; na scileanna a theastaíonn chun 446,300 teach a iarfheistiú agus na scileanna a theastaíonn chun an stoc tithíochta a dheisiú agus a chothabháil go ginearálta.
Bainfear an sprioc seo amach trí mhodhanna éagsúla, lena n-áirítear:
- soláthar na scileanna tógála a mhéadú
- oideachas agus oiliúint
- gairmeacha sna réimsí seo a chur chun cinn
- oibrithe a earcú go hidirnáisiúnta.
Léigh an chuid ar Thithíocht do Chách ar An Acmhainneacht Oibre agus Earnála a Mhéadú
Printíseachtaí
Cinntíonn an Plean Gníomhaíochta don Phrintíseacht 2021-2025 go méadóidh córas na printíseachta an cúnamh a thugann sé chun riachtanais scileanna agus caipitil daonna na hÉireann a bhaint amach trí sprioc 10,000 clárú printíseachta in aghaidh na bliana a bhaint amach faoin mbliain 2025.
Tá 66 clár printíseachta ann faoi láthair, idir leibhéil 5-10 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí: 25 clár ceirde agus 41 clár cuibhreannais.
Ar na cláir a bhaineann le cúrsaí tógála, áirítear:
- cláir leictreacha
- cláir phluiméireachta
- cláir cearpantóireachta agus siúinéireachta
- cláir phlástrála
- cláir phéinteála agus mhaisiúcháin agus
- an phrintíseacht scafaill.
Is féidir tuilleadh eolais ar na printíseachtaí tógála a fháil ar shuíomh gréasáin Generation Apprenticeship
Oideachas agus Oiliúint
Cuirtear an tOideachas agus an Oiliúint is ábhartha do na scileanna atá ag teastáil san earnáil tógála agus iarfheistithe ar fáil ar fud an chórais tríú leibhéil ar fad agus tríd an oideachas agus an oiliúint phríomhshrutha chomh maith trí chláir ar leith amhail Springboard, an Tionscnamh Caipitil Daonna agus Skillnet Ireland.
San earnáil Bhreisoideachais agus Bhreisoiliúna tá 50+ clár i réimsí amhail scileanna glasa agus réimse na hinbhuanaitheachta. Tá na cúrsaí gearra seo dírithe ar an uasoiliúint agus ar fheasacht eolais a mhéadú do ghairmithe atá ann cheana. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar Mhol na gCúrsaí Breisoideachais agus Breisoiliúna .
San earnáil Ardoideachais tugtar maoiniú faoi Springboard agus faoin Tionscnamh Caipitil Daonna chun soláthar na gclár trína dtacaítear le gairmithe a fhorbairt i réimsí ábhartha a chur chun cinn. Is féidir leosan san earnáil a bhfuil suim acu san uasoiliúint tuilleadh sonraí a fháil amach trí chuairt a thabhairt ar leathanach An Cúrsa Ceart’ ar gov.ie.
Earcaíocht Idirnáisiúnta
Beidh feachtas réamhghníomhach i gceist chun oibrithe idirnáisiúnta a mhealladh sa chás go mbíonn soláthar teoranta go háitiúil.
Faoi Thithíocht do Chách agus a Oibre um Inacmhainneachta Tionscail , is é an an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta cathaoirleach an fhoghrúpa Earcaíochta Idirnáisiúnta, a bhfuil ionadaithe ó na comhlachtaí seo a leanas ann:
- SOLAS
- An Roinn Coimirce Sóisialaí
- Item was unpublished or removed
- An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
Is é aidhm an ghrúpa earcaíocht idirnáisiúnta na n-oibrithe a chur chun cinn chun na riachtanais oibre agus scileanna atá ag teastáil chun go dtabharfaí Tithocht do Chách chun fíre a shásamh.
Tógáil Todhchaí
Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí i gceannas ar an Tionscnamh FutureBuilding chun gníomhaíochtaí earcaíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur chun cinn i gcomhar le EURES. Is tionscnamh píolótach 18 mí é an Tionscnamh, a fheidhmítear trí fhoireann ar a bhfuil baill foirne na Roinne Coimirce Sóisialaí, SOLAS agus an Bhoird Oideachais agus Oiliúna agus a mhaoinítear faoi Chiste Forfheidhmithe Thithíocht do Chách. Leis an tionscnamh seo táthar ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna acmhainneachta san earnáil foirgníochta trí fholúntais a mheaitseáil le cuardaitheoirí poist atá ag lorg fostaíochta agus tagairt a dhéanamh d’oideachas agus oiliúint, de réir mar is gá.
Naisc a bhfuil ábhar/acmhainní ábhartha iontu:
- Bealach Tithíocht do Chách chun soláthar tithíochta nua a mhéadú
- Tuarascáil ar an Anailís ar Scileanna le haghaidh Foirgníocht Cónaithe agus Iarfheistithe, 2023 go 2030
- An Sainghrúpa ar Riachtanais Scileanna sa Todhchaí (EGFSN): Meastacháin ar an Éileamh ar Oibrithe do Spriocanna Náisiúnta Tithíochta na hÉireann, 2021-2030
- SOLAS
- Generation Apprenticeship
- Mol na gCúrsaí Breisoideachais agus Breisoiliúna
- An Bille um Cheadúnú Sábháilteachta Foirgníochta, 2023
Is féidir leosan san earnáil a bhfuil suim acu san uasoiliúint tuilleadh sonraí a fháil amach trí chuairt a thabhairt ar leathanach ‘An Cúrsa Ceart’ ar gov.ie
Naisc leis na Preasráitis is déanaí:
- East Docklands Local Employment Service Construction Skills and Retrofitting programme
- The Right Course (upskilling and reskilling)
- Córas Athnuachana Pas Sábháilte Ar Líne agus Clár Scileanna Foirgníochta Leibhéal 3 QQI
- Tuarascáil ar Anailís Scileanna Foirgníochta fógartha
- An líon is airde rolluithe iarfheistithe riamh in 2022
- 10 gclár printíseachta nua in 2023
- Seoladh Athnuachan Pas Sábháilte ar líne
- Skills investment for Midlands Region, Construction Training Centre in Mount Lucas
- Capital funding for apprenticeships in FET
- Funding mode for FET.