Tithíocht do Chách - Deais Staitisticí
- Foilsithe: 25 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Deais Staitisticí
- Tuarascáil Ráithe ar Staidreamh Tithíochta do Chách
- Teaghaisí Nua Críochnaithe
- Ceadanna Pleanála
- Fógraí Tosaithe
- Cláraithe HomeBond
- An tInnéacs Praghsanna Maoine Cónaithe
- Innéacs Cíosa RTB
Deais Staitisticí
Is é atá i nDeais Staitisticí Thithíocht do Chách bailiúchán de thacair sonraí a bhaineann le hearnáil na tithíochta Is é is aidhm don Deais Staitisticí sonraí a chur le chéile a léiríonn treochtaí i soláthar agus inacmhainneacht tithíochta. Déantar na tacair sonraí seo a nuashonrú ar bhonn míosúil agus ráithiúil. Is féidir tuilleadh eolais maidir le gach tacar sonraí a fháil sna codanna thíos.
Tuarascáil Ráithe ar Staidreamh Tithíochta do Chách
Tá bailiúchán de thacair sonraí a bhaineann leis an earnáil tithíochta sa Tuarascáil Ráithiúil um Thithíocht do Chách. Foilsítear an tuarascáil seo go ráithiúil in éineacht leis na tuarascálacha Ráithiúla um Dhul Chun Cinn Tithíochta do Chách agus tugann sí forbhreathnú ar earnáil tithíochta na hÉireann trí roinnt príomhmhéadracht.
Teaghaisí Nua Críochnaithe
Cuireann An Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí maidir le Teaghaisí Nua Críochnaithe le chéile. Is é an phríomhfhoinse sonraí a úsáidtear do shraith na dTeaghaisí Nua Críochnaithe tacar sonraí naisc intíre nua de chuid Líonraí BSL, ina gcinntíonn an dáta a dhéantar an nasc a fhuinnmhiú dáta an chomhlánaithe. Léirítear sonraí maidir le Teaghaisí Nua Críochnaithe mar iomláin rollacha 12 mhí. Déantar na sonraí a nuashonrú ar bhonn ráithiúil.
Ceadanna Pleanála
Cuireann An Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) sonraí maidir le Ceadanna Pleanála i dtoll a chéile. Cuirtear i dtoll a chéile iad ó na sonraí a chuireann 34 údarás áitiúil agus An Bord Pleanála ar fáil. Is é cuspóir Staitisticí na Príomh-Oifige Staidrimh maidir le Ceadanna Pleanála léiriú gearrthéarmach ar an tógáil a chur ar fáil. Tá sé d’aidhm aige sonraí a chur ar fáil lena mbítear in ann méid na gníomhaíochta tógála atá le bheith ar siúl sa Stát a thuar nó léargas a fháil air. Léirítear sonraí maidir le Ceadanna Pleanála mar iomláin rollacha 12 mhí. Déantar na sonraí a nuashonrú ar bhonn ráithiúil.
Fógraí Tosaithe
Cuireann an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil na sonraí maidir le Fógraí Tosaithe le chéile tríd an gCóras Bainistíochta um Rialú Foirgneamh. Is éard atá i gceist le Fógra Tosaithe fógra a chuirtear chuig Údarás Rialuithe Foirgneamh go bhfuil sé ar intinn ag duine obair nó ‘athrú úsáide ábhar’ a dhéanamh a mbeidh feidhm ag na Rialacháin Foirgneamh leis. Glanann an Roinn na sonraí agus cuireann sí i dtoll a chéile iad sula bhfoilseofar iad. Léirítear sonraí maidir le Fógraí Tosaithe mar iomláin rollacha 12 mhí. Déantar na sonraí a nuashonrú ar bhonn míosúil.
Cláraithe HomeBond
Cuireann HomeBond cláraithe HomeBond i dtoll a chéile. Cuireann HomeBond barántaí ar thithe nua ar fáil a chlúdaíonn aon lochtanna struchtúracha móra de ghnáth thar thréimhse deich mbliana. Cuirtear cláraithe ar fáil mí amháin sula dtosófar ar obair ar an láthair de ghnáth. Léirítear sonraí maidir le Cláraithe HomeBond mar iomláin rollacha 12 mhí. Déantar na sonraí a nuashonrú ar bhonn míosúil.
An tInnéacs Praghsanna Maoine Cónaithe
Foilsíonn an An Phríomh-Oifig Staidrimh an tInnéacs Praghsanna Maoine Cónaithe (RPPI). Tá sé leagtha amach chun an t-athrú i meánleibhéal na bpraghsanna a íocann teaghlaigh as maoine cónaithe a dhíoltar in Éirinn a thomhais. Is iad tuairisceáin Dleachta Stampa an Phríomhfhoinse sonraí a dhéantar do na Coimisinéirí Ioncaim.
Tá eolas faoi athruithe praghais, mheánphraghsanna díola agus phraghsanna díola meánacha agus mhéideanna idirbhirt sa Deais Staitisticí. Foilsítear sonraí RRPI ar bhonn míosúil.
Innéacs Cíosa RTB
Cuireann an RTB Innéacs Cíosa an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB) le chéile, i gcomhar leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI). Tá an tInnéacs Cíosa bunaithe ar chlár tionóntachta náisiúnta RTB. Foilsíonn RTB sonraí cíosa ar bhonn ráithiúil agus eolas ann maidir le meánchíos agus innéacs cíosa caighdeánaithe.