English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tithíocht do Chách - Nuálaíocht agus Táirgiúlacht



Forléargas

Ní mór córas na tithíochta a chur ar bhonn atá fadtéarmach agus inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de.

Tá an Rialtas agus gníomhaireachtaí ábhartha an Stáit ag déanamh dul chun cinn ar mhodhanna chun costais tógála cónaithe a laghdú, agus chun tacú le nuálaíocht agus táirgiúlacht feabhsaithe san earnáil.

Léigh an chuid ar Thithíocht do Chách ar an an Inbhuanaitheacht Eacnamaíoch a Bhaint Amach .


Nuálaíocht agus Táirgiúlacht

I ndeireadh na dála, tá sé riachtanach nuálaíocht agus táirgiúlacht earnáil na tógála a neartú chun tithíocht ar ardchaighdeán, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus atá níos inacmhainne a sholáthar. Tá sé seo tábhachtach ach go háirithe d’Éirinn, mar go bhfuil sé léirithe i dtuairiscí go bhfuil táirgiúlacht earnáil na tógála anseo measartha íseal i gcomparáid le tíortha eile. Is cuid bhunúsach de tháirgiúlacht a neartú agus de thorthaí níos fearr a chur chun cinn maidir le táirgí, próisis, agus seirbhísí í an nuálaíocht (arb éard atá i gceist léi smaointe agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm).

Faoi phlean an Rialtais maidir le Tithíocht do Chách, cuireadh sraitheanna straitéisí ar baineadh leas astu go rathúil chun táirgiúlacht agus an nuálaíocht a neartú in earnálacha na tíre ina mbítear ag plé le tíortha eile an domhain in oiriúint chun athrú agus feidhmiú earnáil tógála na hÉireann a chur chun cinn. Chuir an Rialtas le ról na ngníomhaireachtaí fiontair chun tacú le hearnáil tógála cónaithe na hÉireann. Go praiticiúil, ciallaíonn sé seo gur féidir le tógálaithe tí na hÉireann leas a bhaint as scéimeanna Fiontar Éireann agus tacaíochtaí deontais ar cuireadh an nuálaíocht agus an táirgiúlacht chun cinn i ngnóthaí ina mbítear ag plé le tíortha eile an domhain, mar shampla i réimse an digitithe, Lean a chur i bhfeidhm, agus R&D. Sheol Fiontar Éireann an feachtas cur chun cinn agus rannpháirtíochta tionscail ‘Tógáil le bheith Nuálach’ chun feasacht i leith na ndeiseanna sin a mhúscailt in earnáil na tógála.


Construct Innovate – an Lárionad Náisiúnta um Theicneolaíocht Foirgníochta

Is Lárionad Teicneolaíochta Foirgníochta nua é Construct Innovate atá á óstáil ag cuibhreannas faoi cheannas Ollscoil na Gaillimhe, agus a seoladh go foirmiúil i mí na Nollag 2022. Tá maoiniú de €5 mhilliún thar thréimhse cúig bliana leithdháilte trí Fhiontraíocht Éireann ar an gcuibhreannas, cuibhreannas ina bhfuil Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, ag obair le Comhairle Tógála Glas na hÉireann, freisin.

Mar aon leis na hocht Lárionad Teicneolaíochta eile atá i bhfeidhm faoi láthair, faigheann Construct Innovate acmhainní ó thaighdeoirí ardcháilithe, a bhfuil saineolas acu ar ghlacadh digiteach, modhanna nua-aimseartha foirgníochta agus inbhuanaitheacht, i measc réimsí eile. Tugtar le chéile sa Lárionad nua 22 grúpa taighde ildisciplíneach thar raon na gcúig institiúid chomhpháirtíochta, le breis agus 300 taighdeoir. Tá obair Construct Innovate eagraithe faoi chúig cholún: Táirgiúlacht; Inacmhainneacht agus Costas; Cáilíocht agus Sábháilteacht; Inbhuanaitheacht; Scileanna agus Oiliúint; agus Comhoibriú. Is é an aidhm atá ann timpeallacht uathúil a chur ar fáil do chomhoibriú acadúil an tionscail foirgníochta i réimsí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, agus béim tosaíochta ar an nuálaíocht sa tithíocht.

Cuirfidh Construct Innovate dlús le glacadh nuálaíochta san earnáil foirgníochta trí chead a thabhairt do chuideachtaí foirgníochta Éireannacha oibriú le chéile ar thionscadail straitéiseacha Taighde agus Forbartha atá dírithe ar an margadh, i gcomhar le hinstitiúidí taighde.


Treochlár chun glacadh níos mó le Modhanna Nua-Aimseartha Tógála (MNT) i Seachadadh Tithíochta Poiblí

Cuireann Nuashonrú an Rialtais ar Phlean Gníomhaíochta Tithíochta do Chách in iúl go bhfuil géarghá le sreabhadh leanúnach agus luathaithe de nuálaíochtaí comhlíontacha agus ardchaighdeáin i dtógáil a chumasú, lena n-áirítear modhanna nua-aimseartha tógála (MNT), go háirithe i dtógáil chónaithe. Déantar é seo chun seachadadh na spriocanna Tithíocht do Chách a chinntiú agus claochlú leanúnach na hearnála tógála. Éascaíonn sé freisin iarrachtaí chun an tionchar comhshaoil corpraithe carbóin agus saolré na tógála a laghdú.

Tá Treochlár chun Leas Níos Mó a bhaint as Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i Soláthar Tithíochta Sóisialta forbartha ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Aithnítear sa Treochlár nach mór don Rialtas ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla maidir leis na modhanna tógála is forbartha agus is éifeachtúla a chur chun cinn sa soláthar tithíochta. Tríd an méid sin a dhéanamh, ní mór don Treochlár cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a chruthaíonn bacainní do thabhairt isteach réitigh nuálacha sa soláthar tithíochta.

Léiríonn na moltaí a aithníodh sa Treochlár an gá atá le gníomhaíocht chomhchoiteann ar fud an éiceachórais tógála lena n-áirítear gníomhaithe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach chun na coinníollacha a chruthú le go mbeidh rath ar MNT. Príomhbheart chun tacú leis an tionscnamh is ea clár seachadta luathaithe atá á mhaoirsiú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ina gcuirfear tús le tógáil os cionn 1,500 teach sóisialta nua le linn 2023 agus 2024, ag baint úsáide as córais tógála MNT éagsúla. Tá an clár oibre seo le haghaidh gnímh mar chuid den obair leanúnach leis an earnáil agus le comhpháirtithe ar fud an Rialtais, an earnáil phríobháideach, an saol acadúil agus eile chun leanúint ar aghaidh ag aimsiú bealaí chun tithe a sheachadadh ar bhealach níos éifeachtaí, níos inbhuanaithe agus ar chostas níos ísle.

Treochlár chun glacadh le MNT i seachadadh Tithíochta Poiblí


Treoir Réamhráiteach Modhanna Nua-Aimseartha Tógála

Tá treoir réamhráiteach gairid ar Mhodhanna Nua-Aimseartha Tógála (MNT) i dtithíocht ullmhaithe chun faisnéis a sholáthar faoi MNT don léitheoir neamhtheicniúil. Cuimsíonn an Treoir cur síos ar chineálacha MNT, mar fhráma adhmaid painéalaithe agus córais chruach, córais toirtmhéadracha nó mhodúlacha agus modhanna tógála nuálacha a úsáidtear ar an láithreán, mar múnla choincréite inslithe. Tacaíonn an treoir le léaráidí de na córais éagsúla tógála MNT in situ.

Treoir Réamhráiteach Modhanna Nua-Aimseartha Tógála


Gnólachtaí Idirnáisiúnta Foirgníochta a Mhealladh

Le blianta fada anuas, chruthaigh láithreacht na ngnólachtaí idirnáisiúnta is táirgiúla in Éirinn torthaí dearfacha i dtéarmaí nuálaíochta, fhorbairt na tallainne agus iomaíochais thar raon an bhoinn fiontair ar fad. Cuireann Tithíocht do Chách de chúram ar GFT Éireann dul i dteagmháil go sonrach le gnólachtaí idirnáisiúnta foirgníochta chun rannpháirtíocht i margadh na hÉireann a spreagadh.

Tháinig an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus Ranna Rialtais ábhartha eile, mar aon le GFT Éireann, le chéile chun cur i láthair láidir agus an-spéisiúil a chruthú a bhfuil an GFT á úsáid ina chaidreamh leanúnach le cuideachtaí idirnáisiúnta foirgníochta.


Naisc Ábhartha