English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tithíocht do Chách - Plean Tithíochta Nua d’Éirinn


Is é ‘Tithíocht do Chách – Plean Tithíochta Nua d’Éirinn’ plean tithíochta an rialtais go dtí 2030. Is plean ilbhliantúil, ilbhilliún euro é, a fheabhsóidh córas tithíochta na hÉireann agus a sholáthróidh níos mó tithe de gach cineál do dhaoine le héagsúlacht riachtanais tithíochta.

Is é cuspóir foriomlán an rialtais ná go mbeadh rochtain ag gach saoránach sa Stát ar thithe ar ardchaighdeán:

  • chun iad a cheannach nó a fháil ar cíos ar phraghas réasúnta
  • tógtha go ardchaighdeán agus san áit cheart
  • go bhfuil ardchaighdeán beatha á thairscint

Is í fís an rialtais don chóras tithíochta san fhadtéarma soláthar seasta tithíochta a bhaint amach sna háiteanna cearta le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil mar chuid den chóras.

Meastar go mbeidh 33,000 teach nua ag teastáil ó Éirinn gach bliain ó 2021 go 2030.

Tá ceithre chonair sa bheartas chun tithíocht do chách a bhaint amach:

  • Conair chun Tacú le hÚinéireacht tí agus inacmhainneacht a mhéadú
  • Conair chun Deireadh a chur le hEaspa Dídine, Seachadadh Tithíochta Sóisialta a Mhéadú agus Tacú le hUilechuinsitheacht Shóisialta
  • Conair chun Soláthar Tithíochta nua a Mhéadú
  • Conair chun Dul i nGleic le Folúntas agus Athúsáid Stoic Reatha

Cuimsíonn na conairí bearta atá le déanamh ag ranna rialtais, údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí Stáit i measc ghrúpaí eile. Tá na conairí tacaithe ó ghníomhartha chun córas tithíochta inbhuanaithe a chumasú.

Tá 213 beart ag Tithíocht do Chách a sholáthróidh raon roghanna tithíochta do dhaoine aonair, do lánúin agus do theaghlaigh.


Féach ar an bplean

Tithíocht do Chách: Plean Tithíochta Nua d’Éirinn - Achoimre Fheidhmeach
Amharc amharc
Tithíocht do Chách: Plean Tithíochta Nua d’Éirinn
Amharc amharc
Tithíocht do Chách: Plean Tithíochta Nua d’Éirinn - Conair 1
Amharc amharc
Tithíocht do Chách: Plean Tithíochta Nua d’Éirinn - Conair 2
Amharc amharc
Tithíocht do Chách: Plean Tithíochta Nua d’Éirinn - Conair 3
Amharc amharc
Tithíocht do Chách: Plean Tithíochta Nua d’Éirinn - Conair 4
Amharc amharc
Tithíocht do Chách: Plean Tithíochta Nua d’Éirinn - Caibidil 5
Amharc amharc
Tithíocht do Chách: Plean Tithíochta Nua d’Éirinn - Caibidil 6
Amharc amharc
Tithíocht do Chách: Plean Tithíochta Nua d’Éirinn - Caibidil 7
Amharc amharc
Tithíocht do Chách - Plean Tithíochta Nua d’Éirinn - Tábla Gníomhartha
Amharc amharc

Do cheannaitheoirí céaduaire

  • soláthar de 4,000 teach ceannaigh inacmhainne gan fasach, ar an meán, gach bliain, do theaghlaigh, do lánúin agus do dhaoine singil
  • Scéim Ceannaigh Inacmhainne nua faoi stiúir údarás áitiúil
  • Scéim cothromais roinnte nua, Céad Teach do cheannaitheoirí tithe nua-thógtha i dtithe príobháideacha
  • Scéim Iasachta Baile athchóirithe ag an Údarás Áitiúil
  • Ráthaíocht Áitithe Úinéara, chun tithe a fháil do cheannaitheoirí céaduaire agus úinéirí-áititheoirí eile

Do chíosaí

  • 2,000 teach nua ‘costas ar cíos’ ar an meán gach bliain, agus spriocanna na gcíosanna 25% ar a laghad faoi bhun leibhéal an mhargaidh
  • reo luach cíosanna go 2024 trí aon mhéaduithe ar Chriosanna Brú Cíosa a nascadh le boilsciú
  • rialáil nua ar ligean gearrthéarmach trí chóras clárúcháin Fáilte Ireland
  • tionóntachtaí éiginnte (gan aon fhaid ama) chun slándáil do chíosóirí a neartú
  • Íoschaighdeáin Rátála Fuinnimh Foirgníochta d’áitribh phríobháideacha ar cíos

Do theaghlaigh ar ioncam íseal

  • níos mó ná 10,000 teach sóisialta nua a sheachadadh in aghaidh na bliana go dtí 2030. Áireofar leis seo 9,500 aonad tógála nua ar an meán, an líon is airde i stair an Stáit
  • deireadh a chur le léasú fadtéarmach chun tithe sóisialta a sholáthar, ag bogadh go dtí foirgnimh nua a sheachadadh
  • scéim morgáiste le ligean ar cíos neartaithe lena chinntiú go bhfreastalaíonn sí ar riachtanais na ndaoine sin atá i riaráistí morgáiste fadtéarmacha
  • athruithe ar an Scéim Ceannaigh Tionóntaí
  • athbhreithniú ar incháilitheacht ioncaim do thithíocht shóisialta

Do dhaoine atá gan dídean

  • Spriocanna Méadaithe ar Thithíocht ar dtús go 1,200 áitíocht thar chúig bliana
  • Coiste Náisiúnta Gníomhaíochta do Dhaoine gan Dídean
  • Cúram Sláinte Comhtháite Pearsantaithe

Do dhaoine atá ag trádáil suas agus do dhaoine scothaosta ag ceartú méid an tí

  • 33,000 teach nua ar an meán a sholáthar in aghaidh na bliana chun aghaidh a thabhairt ar bhrú ar an margadh tithíochta
  • Scéim Leasaithe Chothrom na Féinne (a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais dóibh siúd atá i gcúram fadtéarmach tí altranais) chun stop a chur le pionós a ghearradh ar ioncam cíosa

Do dhaoine ag tosú arís

Prionsabal ‘Tosa as an nua’ d’iarratais ar thithíocht inacmhainne agus scéimeanna iasachta Stáit. Ciallaíonn sé seo go mbeidh daoine atá colscartha nó scartha agus nach bhfuil aon leas acu i dteach an teaghlaigh, nó a chuaigh faoi imeachtaí dócmhainneachta, incháilithe iarratas a dhéanamh.


Do phobail

  • cumhachtaí leasaithe uasdátaithe, ar nós chumhachtaí 'Thuarascáil Kenny' chun a chinntiú go roinntear an méadú ar luachanna na talún ó chinntí athchriosaithe agus leas níos mó don phobal.
  • deireadh chur le Forbairtí Straitéiseach Tithíochta, cinntí pleanála a thabhairt ar ais d’údaráis áitiúla agus athbhreithnithe breithiúnacha a athchóiriú
  • cáin nua chun tailte folmha a ghníomhachtú chun críocha cónaithe, mar mhalairt ar an Tobhach Láithreáin Fholaimh
  • Leibhéal Cónaithe folamh a mheas chun gur féidir cáin mhaoine cónaithe a chur in iúl

Do bhailte agus do chathracha

  • Ciste Croí Cónaithe (Cathracha) nua chun forbairt árasáin úinéir-áitithe a spreagadh i lár na cathrach
  • maoiniú méadaithe don Ghníomhaireacht Forbartha Talún d’fhorbairt straitéiseach tailte poiblí le haghaidh tithíochta inacmhainne agus sóisialta i lár na cathrach agus na mbailte
  • Ciste Croí Cónaithe (Bailte) nua chun suíomhanna seirbhíse i mbailte agus sráidbhailte réigiúnacha
  • Ciste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí, agus infheistíocht ón gCiste Athghiniúna agus Forbartha Tuaithe chun tacú le cur chuige Lár an Bhaile ar dtús, agus é mar aidhm cathracha, bailte agus ceantair thuaithe a athghiniúint
  • díolúintí a phleanáil le haghaidh athruithe ‘os cionn an tsiopa’ agus an córas Struchtúir Chosanta a shruthlíniú
  • Scéim Ordaithe Ceannaigh Éigeantach ar fud na tíre, faoi stiúir údarás áitiúil, chun aonaid fholmha a cheannach

Do phobail tuaithe

  • treoir nua maidir le Plean Forbartha Contae chun leibhéil chriosaithe agus dlúis iomchuí a chinntiú
  • treoirlínte nua um Thithíocht Tuaithe chun cinnteacht a thabhairt do thithe aonuaire

Beidh na gealltanais infheistíochta i dTithíocht do Chách comhsheasmhach leis an bPlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe (PFN). Is é an PFN plean infheistíochta caipitil ilbhilliún an rialtais. Beidh spriocanna uaillmhianacha tithíochta, inbhuanaitheacht agus forbairt réigiúnach mar chroílár aige.