Tithíocht do Dhaoine faoi Mhíchumas
- Foilsithe: 16 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 20 Eanáir 2022
- An Straitéis Tithíochta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas 2022 - 2027
- Tithíocht do Chách – Plean Tithíochta nua d’Éirinn
- Cur i bhFeidhm Beartais
Tá freagairt trasrialtais i gceist le tithíocht a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas:
- Is é atá i gceist leis an ról atá ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ná creat náisiúnta beartais, reachtaíochta agus cistiúcháin a sholáthar chun bonn a chur faoin ról atá ag na húdaráis áitiúla maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais tithíochta ar leibhéal áitiúil.
- Is ar údaráis áitiúla aonair atá an fhreagracht reachtúil as tithíocht a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus as seirbhísí gaolmhara a chur ar fáil. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le d’údarás áitiúil.
- Tá an Housing Agency freagrach as cur i bhfeidhm na ngníomhartha a bhrú chun cinn agus a mhaoirsiú de réir mar a bhaineann siad le soláthar tithíochta a chur ar aghaidh do dhaoine faoi mhíchumas. Is go príomha trína cuid foghrúpaí a chuirtear an obair sin i gcrích.
- Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) freagrach as cúram sláinte agus as tacaí sóisialta a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus tá buiséad bliantúil suntasach i bhfeidhm aici le haghaidh seirbhísí den sórt sin. Tá sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin an HSE
- Cuireann an Roinn Sláinte cistiú ar fáil chun tithíocht agus tacaíocht a éascú do dhaoine faoi mhíchumas freisin. Agus í ag obair i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, tá ról ag an Roinn Sláinte maidir le creat náisiúnta beartais agus reachtaíochta tithíochta a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas.
- Comhordaíonn an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige an obair níos leithne chun beartas míchumais an Rialtais a fhorbairt. Is ar an obair sin a bhunaítear beartas tithíochta na Roinne ina dhiaidh sin.
An Straitéis Tithíochta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas 2022 - 2027
Foilsíodh an Straitéis Tithíochta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas 2022 - 2027 an 14 Eanáir 2022. Is comhfhoilseachán é de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Sláinte; agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Leagtar amach sa Straitéis conas a chuirfidh an Rialtas na creataí i bhfeidhm chun a chinntiú go dtabharfar aghaidh go cuimsitheach ar riachtanais tithíochta agus tacaíochta daoine faoi mhíchumas. Tá an Ghníomhaireacht Tithíochta ag ullmhú plean forfheidhmithe mionsonraithe don Straitéis.
Is í fís uileghabhálach na Straitéise ná cabhrú le daoine faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách agus a bheith cuimsithe ina bpobail. Tá sé mar aidhm ag an Straitéis Náisiúnta Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas 2022 – 2027 tógáil ar an obair a baineadh amach tríd an Straitéis Náisiúnta Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas 2011-2016 roimhe seo (sínte go 2021). Déanann sí doiciméadú ar an gcreat do sholáthar tithíochta do dhaoine faoi mhíchumas trí bheartas tithíochta príomhshrutha. Forbraíodh an Straitéis faoi threoirphrionsabail Tithíocht do Chách – Plean Tithíochta nua d’Éirinn.
D’fhoilsigh an Roinn an Straitéis Náisiúnta Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas 2022 – 2027 – i bhFormáid atá Furasta le Léamh freisin.
Tithíocht do Chách – Plean Tithíochta nua d’Éirinn
Foilsíodh Tithíocht do Chách – Plean Tithíochta nua d’Éirinn i Meán Fómhair 2021. Is é seo polasaí tithíochta an rialtais go dtí 2030. Tá sé deartha chun roghanna tithíochta agus tacaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas a mhéadú agus a fheabhsú. Bainfear é seo amach trí:
- Straitéis nua Náisiúnta Tithíochta 2022 - 2027 a sheachadadh
- a chinntiú go leagtar amach i bPleananna Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta Údaráis Áitiúil conas a sheachadfar soláthar tiomnaithe tithíochta sóisialta atá oiriúnach do riachtanais daoine faoi mhíchumas ag teacht le scála agus méid an riachtanais tithíochta a aithnítear do dhaoine faoi mhíchumas.
- achinntiú go mbreithneoidh Údaráis Áitiúla riachtanais tithíochta daoine faoi mhíchumas tríd an gCreat Measúnaithe ar Riachtanas agus Éileamh Tithíochta, a bheidh mar bhonn eolais ag a Straitéisí Tithíochta mar chuid dá bpróiseas Plean Forbartha.
- athbhreithniú a dhéanamh ar raon na ndeontas tithíochta atá ar fáil chun cabhrú le freastal ar riachtanais tithíochta ar leith, lena n-áirítear an Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, agus athruithe ábhartha a chur i bhfeidhm
- Comhairleoirí Teicniúla Tithíochta a Thacaíonn le Daoine faoi Mhíchumas a ainmniú i ngach Údarás Áitiúil
- tuairisciú ráithiúil ag Grúpaí Stiúrtha Tithíochta agus Míchumais ar chur i bhfeidhm a bpleananna straitéiseacha áitiúla maidir le tithíocht do dhaoine faoi mhíchumas.
Tá sonraí iomlána an phlean ar fáil ar an Láithreán gréasáin Tithíocht do Chách.
Cur i bhFeidhm Beartais
Tá cur i bhfeidhm an dara Straitéis Náisiúnta Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas 2022-2027 á chomhordú ag an nGníomhaireacht Tithíochta. Tá Plean Feidhmithe nua á ullmhú aici don Straitéis. Foilseofar í in 2022 agus sonrófar conas a bhainfear torthaí amach.
I measc na struchtúr atá á mbunú chun dul chun cinn a thiomáint agus chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta tá:
- Foghrúpa Forfheidhmithe Náisiúnta a thiocfaidh le chéile gach dhá mhí agus faoi chathaoirleacht na Gníomhaireachta Tithíochta
- Grúpaí Stiúrtha Tithíochta agus Míchumais na nÚdarás Áitiúil, a bunaíodh faoin gcéad Straitéis agus is fóram an-éifeachtach iad chun torthaí na Straitéise a sheachadadh ag an leibhéal áitiúil. Tá príomhról acu i lár an fhorfheidhmithe áitiúil faoi Tithíocht do Chách agus an dara Straitéis. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar bhallraíocht agus ar théarmaí tagartha gach Grúpa bunaithe ar riachtanais Tithíocht do Chách agus an 2ú Straitéis
- tá grúpaí náisiúnta atá dírithe ar théamaí á mbunú freisin in 2022 do gach Téama ar feadh shaolré na Straitéise. Cuirfidh siad seo comhairle ar an bhFoghrúpa Forfheidhmithe Náisiúnta, de réir mar is gá, ar na gníomhartha faoi gach Téama. Tarraingeofar ballraíocht na ngrúpaí ó dhaoine a bhfuil taithí saoil acu, saineolaithe sna réimsí ábhartha agus páirtithe leasmhara eile
- bunófar grúpaí idirghníomhaireachta réigiúnacha bunaithe ar limistéir Eagraíochtaí Sláinte Pobail FSS ach beidh siad ailínithe le haon atheagrú ar na réimsí seo thar shaolré na Straitéise. Is é an ról a bheidh acu ná ionadaithe tiomnaithe míchumais na n-údarás áitiúil agus ionadaithe tiomnaithe tithíochta FSS le haghaidh seirbhísí míchumais agus seirbhísí meabhairshláinte araon a thabhairt le chéile chun comhoibriú agus obair i gcomhar a cheadú ar leibhéal oibríochta. Reáchtálfar fóram náisiúnta de na Grúpaí réigiúnacha go léir gach bliain.