English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tithíocht Inacmhainne



Tithíocht do Chách

Tá inacmhainneacht agus úinéireacht teaghaise ag croílár Tithíocht do Chách, plean náisiúnta an Rialtais go dtí an bhliain 2030. Aithnítear leis go bhfuil tacaíochtaí suntasacha nua ag teastáil le go mbeidh daoine a dteastaíonn uathu úinéireacht a bheith acu ar a n-áras cónaithe féin in ann é sin a fháil, agus go mbeidh daoine atá ag iarraidh áras cónaithe a bheith acu ar cíos in ann ceann a fháil ag ráta inacmhainne agus le níos mó seasmhachta.

Tá tithíocht inacmhainne á cur ar fáil ar dhá bhealach:

Tá sé mar aidhm le Tithíocht do Chách 36,000 áras cónaithe ar chostas inacmhainne agus 18,000 áras cónaithe ar cíos de réir costais a sheachadadh faoin mbliain 2030.


Scéimeanna agus tacaíochtaí inacmhainne

Scéim Ceannaigh Inacmhainne Údarás Áitiúil

Tríd an Scéim Ceannaigh Inacmhainne Údarás Áitiúil, cuirtear árais chónaithe atá curtha ar fáil ag an údarás áitiúil ar fáil ar phraghas laghdaithe do cheannaitheoirí céaduaire agus iarratasóirí ‘Túis Úir’ sa chás nach gclúdódh a morgáiste agus a n-éarlais praghas margaidh an árais cónaithe agus iad ag féachaint le háras cónaithe nuathógtha a cheannach. Is féidir le hiarratasóirí incháilithe iarratas a dhéanamh Ceannach Inacmhainne atá curtha ar fáil ag an údarás áitiúil a cheannach tríd a n-Údarás Áitiúil.

Tuilleadh eolais maidir le Scéim Ceannaigh Inacmhainne Údarás Áitiúil

Scéim an Chéad Bhaile

Tá sé d’aidhm ag Scéim an Chéad Bhaile tacú le ceannaitheoirí céaduaire agus iarratasóirí ‘Túis Úir’ atá incháilithe tríd an mbearna a laghdú idir a n-éarlais agus a morgáiste, agus praghas margaidh phríobháidigh an árais cónaithe nua (faoi réir praghsanna uasta réigiúnacha).

Táthar in ann iarratais a dhéanamh ar Scéim an Chéad Bhaile. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an scéim agus mar a dhéantar iarratas ina leith téigh chuig an nasc seo a leanas.

First Home SchemeTuilleadh eolais faoi Scéim an Chéad Bhaile

Scéim Iasachta Tithíochta Údarás Áitiúil

Is ionann Iasacht Tithíochta Údarás Áitiúil agus morgáiste a bhfuil tacaíocht rialtais aige do cheannaitheoirí céaduaire nó d’iarratasóirí ‘Túis Úir’. Tá sé ar fáil ar fud na tíre ó na húdaráis áitiúla ar fad dóibhsean atá ar ioncam measartha nó ar ioncam íseal nach bhfuil in ann maoiniú leordhóthanach a fháil ó sholáthróirí airgeadais rialaithe chun áras cónaithe a cheannach nó a thógáil. Is féidir le ceannaitheoirí céaduaire agus iarratasóirí ‘Túis Úir’ atá incháilithe iarratas a dhéanamh ar Iasacht Tithíochta Údarás Áitiúil chun réadmhaoin nua nó dara láimhe a cheannach nó chun a n-áras cónaithe féin a thógáil.

Tá feidhm ag prionsabal ‘Túis Úir’ maidir leis an Scéim Iasachta Tithíochta Údarás Áitiúil. Is éard atá i gceist leis seo ná go bhfuil daoine atá colscartha nó scartha agus nach bhfuil aon spéis acu san áras teaghlaigh, nó daoine a raibh baint acu le himeachtaí dócmhainneachta agus nach bhfuil aon spéis acu san áras teaghlaigh a thuilleadh, incháilithe le hiarratas a dhéanamh faoin Scéim seo.

Tuilleadh eolais ar Iasacht Tithíochta Údarás Áitiúil

Cíos de réir Costais

Is ionann cíos de réir costais agus cineál nua cíosa árais cónaithe atá fadtéarmach agus inbhuanaithe. Dírítear Cíos de réir Costais ar theaghlaigh ar ioncam meánach, a bhfuil an t-ioncam sin os cionn na dteorainneacha do thithíocht shóisialta, ach atá ag streachailt an leibhéal cíosa sa mhargadh príobháideach a íoc.

Leis an múnla Cíos de réir Costais, bíonn cíos socruithe d’árais chónaithe chun an costas a bhaineann le maoiniú, tógáil, bainistiú agus cothabháil an árais a chlúdach, agus an costas sin amháin agus mar sin tá siad bunaithe ar an gcostas chun na hárais chónaithe a sholáthar, seachas a bheith faoi réir gluaiseachta atá faoi thionchar an mhargaidh.

Is féidir fóirdheontais Stáit a úsáid d’fhonn an costas tosaigh caipitil a laghdú agus an costas tosaigh cíosa a dhéanamh níos inacmhainne. Cuireann Cíos de réir Costais cóiríocht ar cíos ar fáil atá inbhuanaithe agus fadtéarmach.

Tuilleadh eolais maidir le Cíos de réir Costais


An Ghníomhaireacht Forbartha Talún (LDA)

Is comhpháirtí tábhachtach í an Ghníomhaireacht Forbartha Talún (LDA) chun seachadadh ar thithíocht inacmhainne le ceannach nó le fáil ar cíos a mhéadú ó scála. Cuirfear líon suntasach tithe ar fáil leis ar thailte Stáit, agus i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla i bhforbraíochtaí tionachtaí measctha móra.

Chomh maith leis sin, déanfaidh an LDA soláthar áras cónaithe ar thailte, nach tailte stáit iad a chumasú trí Project Tosaigh, a seoladh i Samhain 2021. Is tionscnamh rannpháirtíochta margaidh é Project Tosaigh atá dírithe ar dhlús a chur le seachadadh tithíochta ar shuíomhanna le cead pleanála iomlán nach bhfuil á bhforbairt ag úinéirí na hearnála príobháidí faoi láthair de bharr maoinithe agus srianta eile. Seachadfar suas le 5,000 áras cónaithe inacmhainne le ceannach nó le fáil ar cíos faoi dheireadh 2026.

Tuilleadh eolais faoin nGníomhaireacht Forbartha Talún (LDA)