Tithe Tosaithe i Mí na Nollag 2024
- Foilsithe: 16 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2025
Cuireadh tús le 4,397 teach i mí na Nollag 2024
Ar an iomlán, cuireadh tús le 60,243 teach in 2024
Tá líon iomlán na dtithe ar cuireadh tús leo in 2024 suas 84% ó 32,801 in 2023.
Is ionann é sin agus 239 teach ar an meán ar cuireadh tús leo gach lá oibre de 2024.
Figiúr 1: Annual New Residential Units Commenced 2015 - 2024

Figiúr 2: : Monthly Residential Units Commenced 2024

As na háiteanna cónaithe ar fad ar cuireadh tús leo in 2024, bhí 34% díobh sna ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath (20,712 áit chónaithe). De réir údarás áitiúil, in 2024, ba i gCathair Bhaile Átha Cliath a cuireadh tús leis an líon ba mhó tithe (7,116) agus Fine Gall (5,770) agus Baile Átha Cliath Theas (4728) ina dhiaidh sin. Ba é an líon is airde lasmuigh de Bhaile Átha Cliath ná cathair Chorcaí (4,384). Ba i Liatroim (101), Ceatharlach (213) agus an Longfort (248) ar cuireadh tús leis an líon ba lú tithe.
Figiúr 3: Percentage Split of New Residential Commencements by Dwelling Type 2021-2024

Is féidir sonraí iomlána ar líon na dtithe ar cuireadh tús leo, ar fhógraí agus ar áiteanna cónaithe aonuaire ar leibhéal náisiúnta agus de réir údarás áitiúil ó 2014 go dtí Nollaig 2024 a íoslódáil thíos:
Is féidir sonraí iomlána ar líon na dtithe ar cuireadh tús leo, ar fhógraí agus ar áiteanna cónaithe aonuaire ar leibhéal náisiúnta agus de réir údarás áitiúil ó 2014 go dtí Nollaig 2024 a íoslódáil thíos: