English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Toibreacha príobháideacha



Réamhrá

Is ó sholáthairtí uisce príobháideacha a fhaigheann a chuirtear thart ar 11% dá n-uisce ar fáil do mhuintir na hÉireann. Tá deontais ar fáil faoin gClár Uisce Tuaithe chun tabhairt faoi oibreacha feabhsúcháin ar sholáthar uisce príobháideach (ciallaíonn seo soláthar uisce a chuireann uisce ar fáil a bheartaítear go n-ólfaidh daoine é agus go n-úsáidfear é ar mhaithe le cuspóirí tí agus nach bhfreastalaíonn ach ar theach amháin). Is iad na Rialacháin ábhartha Rialacháin na dTithe (Cúnamh Airgeadais um Sholáthar Uisce Príobháideach), 2020 (I.R. Uimh. 192 de 2020) (i mBéarla amháin).

Is iad príomhghnéithe na scéime:

  • is ionann luach an deontais atá iníoctha d’oibreacha athshlánaithe agus 85% de na costais a cheadaítear, faoi réir 3,000 euro, ar a mhéid.
  • is ionann luach an deontais atá iníoctha d’oibreacha athshlánaithe agus 85% de na costais a cheadaítear, faoi réir 5,000 euro, ar a mhéid, nuair a chomhaontaíonn an t-údarás tithíochta leis gurb é seo an réiteach is fearr.
  • agus ról an deontais á aithint i dtaobh feabhas a chur ar cháilíocht an uisce, cáilíonn gné um chóireáil cháilíocht an uisce (scagachán agus Ultraivialait) do 100% den chistiú a mhéid le 1,000 euro. Is féidir é seo a éileamh leis féin nó anuas ar an deontas d’oibreacha athshlánaithe nó an deontas do thobar nua.
  • is ionann an tairseach íosta deontais agus 750 euro

Conas iarratas a dhéanamh?

Déanfaidh údaráis tithíochta an scéim a riar thar ceann na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an rannóg uisce tuaithe i d’údarás áitiúil chun foirm iarratais agus eolas breise a fháil.

Is féidir teacht ar cháipéisí samplacha ina bhfuil na téarmaí agus coinníollacha don scéim seo anseo:

Grant for improvement works to a private water supply (787.72 KB)
Amharc amharc

Fhógra Príobháideachais

Tá an Roinn tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus a urramú. Mínítear san Fógra Príobháideachais seo an chaoi a bpróiseálfaidh an Roinn, mar an Rialaitheoir Sonraí, na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil di maidir le bainistiú agus riarachán na scéimeanna cúnaimh airgeadais seo; conas a úsáidfear an fhaisnéis sin, agus na cearta is féidir leat a fheidhmiú maidir le do shonraí pearsanta.

Fógra Príobháideachais - Scéimeanna cúnaimh airgeadais a riar faoin gClár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil 2019 - 2021
Amharc amharc

Cáilíocht an uisce óil i dtoibreacha príobháideacha

Murab ionann agus soláthairtí uisce poiblí nó grúpscéimeanna uisce, ní dhéanann údaráis seirbhísí uisce tástáil ar cháilíocht uisce óil soláthairtí uisce príobháideacha. Is ortsa atá an fhreagracht chun do thobar a thástáil agus ba cheart é a dhéanamh go rialta lena chinntiú go bhfuil cáilíocht d’uisce óil ard. Tá dóchúlacht ceithre huaire níos mó ann gur ól daoine a bhfuil VTEC (ionfhabhtú Escherichia coli véaraicíteatocsaigineach) orthu ná an daonra ginearálta, uisce neamhchóireáilte ó sholáthairtí uisce príobháideacha. Baineann an-tábhacht freisin le toibreacha a chothabháil agus a sheirbhísiú chun an baol i dtaobh éilliú a laghdú.

Is féidir leat teacht ar eolas breise ar cháilíocht an uisce a thástáil nó ar thoibreacha a chothabháil ar láithreán gréasáin an GCC (i mBéarla). Má bhíonn buarthaí ort faoi cháilíocht do sholáthair uisce phríobháidigh, déan teagmháil le d’údarás áitiúil láithreach.


Toibreacha príobháideacha a dhruileáil

Má tá tú ag smaoineamh faoi do thobar féin a tholladh, is tábhachtach go dtógtar an tobar i gceart, go bhfuil sé séalaithe in aghaidh truailliú agus go ndéantar é a dhíghalrú. Tá treoirlínte maidir le soláthar uisce príobháideach a thógáil ar fáil ar láithreán gréasáin Institiúid Gheolaithe na hÉireann (i mBéarla amháin)