Treoir réamhráiteach Modhanna Nua-Aimseartha Tógála
- Foilsithe: 11 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 11 Iúil 2023
D'fhorbair an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta, in éineacht leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, treoir réamhráiteach ghearr ar Mhodhanna Nua-Aimseartha Tógála (MNT).
Is é aidhm an treoir réamhráiteach MNT faisnéis a sholáthar faoi MNT don léitheoir neamhtheicniúil/ don phobal i gcoitinne. Bronnadh an Marc Béarla Soiléir air ón Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh. Tá sé beartaithe freisin feabhas a chur ar chomhsheasmhacht na téarmaíochta MNT a úsáidtear ar fud na hearnála poiblí, agus feasacht a mhéadú ar an raon réitigh MNT atá ar fáil sa mhargadh. Áiríonn sé cur síos ar chineálacha MNT, amhail córais fráma adhmaid panalaithe agus chruach, córais toirtmhéadracha nó mhodúlacha agus modhanna tógála nuálaíocha a úsáidtear ar an láithreán amhail múnla choincréite inslithe. Tacaíonn an treoir le léaráidí de na córais éagsúla tógála MNT in situ.