Treoir Theicniúil um Chosaint Foinse Uisce Óil
- Foilsithe: 25 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sa bhreac-chuntas i dTreoirlínte an EDS um Cháilíocht Uisce Óil, luaitear “Is é pleanáil sábháilteachta uisce an bealach is éifeachtaí chun sábháilteacht soláthair uisce óil a chinntiú i gcónaí”. Is é Cosaint Foinse an chéad chéim chun sábháilteacht soláthair uisce a chinntiú don chustaiméir.
Éilíonn an Treoir athmhúnlaithe um Uisce Óil (AE) 2020/2184 agus Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil) 2023 (I.R. 99 de 2023), a aistríonn an treoir go reachtaíocht náisiúnta, cur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm i leith dobharcheantar le haghaidh soláthairtí uisce óil.
Soláthraíonn an Treoirdhoiciméad sin creat do chur chuige náisiúnta maidir le Cosaint Foinse Uisce Óil. Is é an prionsabal bunúsach ná dá airde cáilíocht an uisce foinse, is ea is fusa an t-uisce sin a chóireáil de réir na gcaighdeán a cheanglaítear faoin Treoir athmhúnlaithe. Tógann an creat seo ar na cleachtais atá i bhfeidhm cheana féin agus leithdháileann sé freagracht as na gníomhaíochtaí éagsúla ar na páirtithe leasmhara ábhartha.
Forbraíodh an Treoir seo um Chosaint Foinse Uisce Óil chun ceanglais na Treorach athmhúnlaithe, Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil) 2023 a chomhlíonadh agus chun a bheith comhlántach le próiseas foriomlán cur chun feidhme na Creat-Treorach Uisce.