English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascáil ar Mholtaí tionól na Saoránach ar Chaillteanas na Bithéagsúlachta Tionól Páistí agus Daoine Óga ar Chaillteanas na Bithéagsúlachta

Is ionann ‘Tuarascáil ar Mholtaí agus Glaonna chun Gnímh an Tionóil Saoránach maidir le Cailleadh na Bithéagsúlachta & an Tionóil Páistí agus Daoine Óga faoi Chailliúint na Bithéagsúlachta’ agus freagairt an Rialtais ar na Tionóil maidir le Cailleadh na Bithéagsúlachta, a tionóladh chun aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag an mbithéagsúlacht i sláinte leanúnach ár sochaí, ár ngeilleagair, ár speiceas agus ár bpláinéid.

Freagraíonn an tuarascáil do 159 Moladh ón Tionól Saoránach maidir le Cailleadh na Bithéagsúlachta (CABL) agus 58 nGlao chun Gnímh ón Tionól Páistí agus Daoine Óga faoi Chailliúint na Bithéagsúlachta (CYPABL).

Léirítear sa tuarascáil, a chuir an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra i dtoll a chéile, go meastar go bhfuil breis is 90% de mholtaí an CABL agus an CYPABL curtha i bhfeidhm nó idir lámha, a chiallaíonn go bhfuil gnéithe de na moltaí ionchorpraithe i mbeartais agus straitéisí Rialtais atá ann cheana, amhail an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht, an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Plean Straitéiseach an Chomhbheartais Talmhaíochta.

Tuarascáil ar Mholtaí agus Treoracha chun Gnímh ón Tionól na Saoránach ar Chaillteanas na Bithéagsúlachta Tionól Páistí agus Daoine Óga ar Chaillteanas na Bithéagsúlachta
Amharc amharc