Uiscí Sliogéisc
- Foilsithe: 22 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 13 Aibreán 2021
Bímid freagrach as cáilíocht na n-uiscí sliogéisc a chosaint agus a fheabhsú chun tacú le beatha agus fás an tsliogéisc.
Ceann de na bealaí a dhéanaimid é sin is ea trínár gcuid tiomantas faoi European Union Shellfish Waters Directive a chomhlíonadh. Dearadh seo le gnáthóg uisceach na moileasc débhlaoscach agus gastrapóid a chosaint, lena n áirítear oisrí, diúilicíní, ruacain, muiríní agus breallaigh. Baineann roinnt sraitheanna difriúla leis an treoir:
- Ceanglaíonn an treoir ar gach ballstát, Éire san áireamh, le huiscí, a bhfuil cosaint de dhíth orthu, a ainmniú chun tacú le beatha agus fás sliogéisc.
- Socraíonn an treoir ceanglais fhisiciúla, cheimiceacha agus mhicri-bhitheolaíochta a chaithfidh uiscí ainmnithe sliogéisc a chomhlíonadh nó féachaint le feabhsú.
- Ceadaíonn an treoir go gcuirfear cláir um truailliú a laghdú ar bun le haghaidh na n-uiscí ainmnithe.
Cá bhfuil na limistéir sliogéisc ainmnithe in Éireann?
Tar éis comhairliúcháin phoiblí, tá 64 láithreán i bpoblacht na hÉireann ina limistéir sliogéisc ainmnithe. Agus an comhairliúchán agus measúnacht straitéiseach chomhshaoil a rinneadh á gcur san áireamh, cuireadh clár um truailliú a laghdú i bhfeidhm do na limistéir. Chun breathnú ar mhionsonraí iomlána na limistéar ainmnithe agus ar na cláir a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh gach ceann, cliceáil ar an gceantar ábhartha thíos:
6. Corcaigh
Leagtar na limistéir ainmnithe amach sna rialacháin seo a leanas:
Conas a gheobhaidh mé eolais breise?
Le haghaidh tuilleadh mionsonraí faoi Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le huiscí sliogéisc, téigh i dteagmháil linn sa Rannán Cáilíochta Uisce ar 1890 20 20 21 nó +353 (0)1 888 2000.nó seol ríomhphost chuig waterquality@housing.gov.ie