Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Vótáil na nOileán

Tá roinnt oileáin áitrithe thart ar chósta na hÉireann. Le linn na dtoghchán, cuirtear ionaid vótála ar bun ar 19 de na hoileáin sin, ionas nach gá do chónaitheoirí taisteal chuig an mórthír chun vóta a chaitheamh.

Rinne Cuid 8 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, na cóid toghcháin a leasú chun foráil a dhéanamh go mbeidh an vótáil ar na hoileáin sin ar siúl an lá céanna leis an gcuid eile den tír. Nuair is gá, tá áis ann chun líon na n-uaireanta vótála ar na hoileáin sin a ghiorrú sa chás go n-éilíonn cúinsí áitiúla é.


Liosta de na hoileáin ar a bhfuil ionaid vótaíochta, de réir contae

Contae Chorcaí

  • An tOileán Mór
  • Cléire
  • Oileán Baoi
  • Inis Uí Drisceoil
  • Oileán Faoide
  • Inis Fada, An Scoil
  • Inis Arcáin

Dún na nGall

  • Árainn Mhór
  • Oileán Ghabhla
  • Inis Bó Finne
  • Inis Fraoigh
  • Toraigh

Contae na Gaillimhe

  • Inis Mór
  • Inis Meáin
  • Inis Oírr
  • Inis Bó Finne

Maigh Eo

  • Cliara
  • Inis Bigil
  • Inis Toirc