Vótálaí - Toghchán Dála
- Foilsithe: 3 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 28 Lúnasa 2025
- Cathain a tharlaíonn toghcháin Dála?
- Cárta Faisnéise Vótaíochta
- Fianaise ar Chéannacht
- Fianaise ar Chéannacht
- Páipéar Ballóide Samplach
- Treoracha maidir le Vótáil
- Tacaíochtaí le haghaidh vótálaithe a bhfuil tinneas coirp nó míchumas orthu, agus vótálaithe eile
- Féiníní/Grianghraif
- Léarscáileanna na nDáilcheantar 2024
- Cathain a tharlaíonn fothoghcháin
- Faisnéis le haghaidh iarrthóirí ionchasacha do thoghcháin na Dála
- Bileog Eolais
- Conas a oibríonn Ionadaíocht Chionmhar – Aonvóta Inaistrithe (PR-STV)
- Clárú chun vóta a chaitheamh
Cathain a tharlaíonn toghcháin Dála?
Faoin reachtaíocht, cúig bliana an saolré uasta atá ag Dáil. Tarlaíonn olltoghchán idir 18 agus 25 lá (gan Domhnaigh, laethanta saoire poiblí agus Aoine an Chéasta a áireamh) tar éis lánscor na Dála.
Cárta Faisnéise Vótaíochta
Eisítear Cárta Faisnéise Vótaíochta do vótálaí sna laethanta roimh lá na vótaíochta. Insíonn an Cárta Faisnéise Vótaíochta duit cá háit le dul chun vóta a chaitheamh agus na hamanna a bhíonn an stáisiún vótála oscailte. Insíonn sé duit freisin cé na doiciméid aitheantais ba chóir duit a thabhairt leat. Níl cárta faisnéise vótaíochta ag teastáil uait chun vóta a chaitheamh.
Fianaise ar Chéannacht
Eisítear Cártaí Faisnéise Vótaíochta ar vótálaithe sna laethanta roimh lá na vótaíochta. Tá sé ráite ar an gCárta Faisnéise Vótaíochta cá háit le dul chun do vóta a chaitheamh, chomh maith le huaireanta oscailte an stáisiúin vótaíochta. Tá sé ráite freisin cad iad na doiciméid chéannachta nach mór duit a thabhairt leat. Ní theastaíonn cárta faisnéise vótaíochta uait chun vóta a chaitheamh.
Fianaise ar Chéannacht
D’fhéadfaí go n-iarrfar ort fianaise ar chéannacht a thabhairt ag an ionad vótaíochta. Glactar leis na doiciméid seo a leanas chun críocha aitheantais.
(i) pas
(ii) ceadúnas tiomána
(iii) cárta aitheantais fostaí ar a bhfuil grianghraf
(iv) cárta aitheantais scoláire arna eisiúint ag institiúid oideachais agus ar a bhfuil grianghraf
(v) doiciméad taistil ar a bhfuil ainm agus grianghraf
(vi) leabhar bainc nó coigiltis nó comhar creidmheasa ar a bhfuil do sheoladh sa toghcheantar nó toghlimistéar áitiúil (más cuí)
(vii) Cárta Seirbhísí Poiblí
nó
aon cheann de na nithe seo a leanas in éineacht le doiciméad breise a dheimhníonn seoladh an tsealbhóra sa toghcheantar nó toghlimistéar áitiúil (más cuí):
(viii) seicleabhar
(ix) seic-chárta
(x) cárta creidmheasa
(xi) teastas breithe
(xii) deimhniú pósta.
Páipéar Ballóide Samplach
Thug an tAcht Toghcháin (Leasú) 2015 isteach foirm nua páipéir ballóide do thoghcháin Dála. Is páipéar ballóide samplach é seo.
Treoracha maidir le Vótáil
Ba chóir duit na treoracha gairide ar an bpáipéar ballóide a thug an tOifigeach Uachtaránachta duit a léamh go cúramach. Scríobh uimhir 1 sa bhosca in aice leis an iarrthóir is rogha leat, scríobh uimhir 2 sa bhosca in aice le do dhara rogha, agus mar sin de. Níor cheart duit aon rud eile a scríobh ar an bpáipéar ballóide – d’fhéadfadh sé sin do vóta a chur ar neamhní.
Tacaíochtaí le haghaidh vótálaithe a bhfuil tinneas coirp nó míchumas orthu, agus vótálaithe eile
Féadfaidh vótálaí a bhfuil tinneas fisiciúil nó míchumas fisiciúil air nó uirthi, nach bhfuil a (h)ainm ar liosta na vótálaithe poist ná speisialta, agus a bhféadfadh deacracht a bheith aige nó aici rochtain a fháil ar a stáisiún vótála áitiúil iarratas a dhéanamh chun a vóta a aistriú chuig stáisiún vótála níos inrochtana ina t(h)oghcheantar. Seo ceann de na tacaíochtaí atá ar fáil do vótálaithe.
Féiníní/Grianghraif
Níl cosc sonrach ar ghrianghraif a thógáil sa dlí toghcháin. Mar sin féin, má roinntear aon ghrianghraif de pháipéar ballóide atá marcáilte nó atá á mharcáil i dtoghchán, d’fhéadfadh sé sin cur isteach ar shláine agus ar rúndacht na ballóide. Dá bhrí sin, ní cheadaítear grianghraif nó ‘féiníní’ den sórt sin a thógáil i stáisiúin vótála.
Léarscáileanna na nDáilcheantar 2024
Tá 43 Dáilcheantar ann. Rinneadh foráil do na toghcheantair seo sa dlí tríd an Acht Toghcháin (Leasú) 2023. Féach léarscáileanna na nDáilcheantar.
Cathain a tharlaíonn fothoghcháin
Nuair a thagann folúntas Dála chun cinn, ordaíonn an Dáil do Cheann Comhairle (cathaoirleach) na Dála a ordú do Chléireach na Dála an eascaire a eisiúint le haghaidh fothoghcháin. Ní mór é seo a eisiúint a luaithe is féidir tar éis tréimhse folúntais sé mhí, mura dtugann an Dáil treoir don Cheann Comhairle treoir a thabhairt do Chléireach na Dála roimhe sin.
Faisnéis le haghaidh iarrthóirí ionchasacha do thoghcháin na Dála
Léigh faoi na daoine ar féidir leo seasamh i dtoghchán Dála agus faoi na teorainneacha caiteachais agus aisíocaíochta d’iarrthóirí