English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Plean Bainistíochta Abhantraí 2022 - 2027



Forbhreathnú

An Plean Gníomhaíochta Uisce 2024: Leagtar amach d'Éirinn le Plean Bainistíochta Abhantraí na bearta atá riachtanach chun cáilíocht uisce in Éirinn a chosaint agus a athshlánú. Is é sprioc fhoriomlán an phlean ná a chinntiú go ndéanfar ár ndobharlaigh nádúrtha a bhainistiú ar dhóigh inbhuanaithe agus go ndéanfar acmhainní fionnuisce a chosaint chun timpeallachtaí uisce na hÉireann a choimeád agus a fheabhsú.

Is iad na príomhchúiseanna le meath ar cháilíocht uisce in Éirinn ná an rith chun srutha méadaithe truailleán amhail fosfar agus nítrigin ó fheirmeacha, fuíolluisce nach gcóireáladh go leordhóthanach agus tionchair fhisiceacha ar dhobharlaigh, de dheasca bacainní abhann, agus draenála tailte agus aibhneacha.

Tá gá le bearta spriocdhírithe agus éifeachtacha chun dul i ngleic le meath ar cháilíocht uisce agus chun na limistéir sin a bhfuil dul chun cinn déanta iontu a chosaint. Sa bhreis ar cháilíocht fhoriomlán uisce a fheabhsú, tá tábhacht ag baint le bainistíocht uisce inbhuanaithe chun dul i ngleic le tionchair an athraithe aeráide chomh maith le dul in oiriúint dó, agus tá comhleasanna ag baint le roinnt mhaith de na bearta a bhfuil gá leo do mhaolú aeráide agus don bhithéagsúlacht.

Chun na bearta sin a chur chun feidhme, beidh gá le maoiniú leanúnach agus acmhainní leordhóthanacha a chomhtháthú go hiomlán ar fud réimsí earnálacha, a ndéanfar a threisiú le rannpháirteachas comhoibríoch páirtithe leasmhara ag leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus earnálacha.


Cad atá sa Phlean?

“an beart ceart, san áit cheart” is ea cur chuige foriomlán an Phlean Bainistíochta Abhantraí tríú timthriall, á thacú agus á sheachadadh ag:

*Leibhéal uaillmhéine méadaithe: beidh ardleibhéal uaillmhéine sa phlean tríú timthriall lena gcuimseofar gach dobharlach le straitéisí soiléire chun na dobharlaigh siúd a bhfuil stádas maith nó níos fearr fós acu a chosaint agus chun dobharlaigh a bhfuil stádas atá níos lú ná stádas maith acu a fheabhsú.

*Soiléireacht maidir le Ról agus Cur chun Feidhme Comhoibríoch: déanfar an leibhéal comhordaithe agus comhoibre a mhéadú tríd an úsáid is fearr a bhaint as struchtúir agus acmhainní rialachais reatha agus feabhsaithe ag gach comhlacht cur chun feidhme ag leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus an dobharcheantair.

*Pleanáil Dobharcheantair Chomhtháite: cuirfear pleananna oibre maidir le bainistiú dobharcheantar i bhfeidhm i ngach ceann de na 46 dhobharcheantar hidriméadrach mar fho-phleananna an Phlean náisiúnta. Déanfar cinneadh maidir le leibhéal tosaigh an mhionsonraithe a bheidh sna pleananna sin bunaithe ar theimpléid arna dtáirgeadh ag an CUÚÁ, i gcomhairle le páirtithe leasmhara, agus le himeacht ama déanfar pleananna lán-chomhtháite díobh lena ndéanfar cáilíochta an uisce inár ndobharlaigh a bhainistiú. Beidh na pleananna sin ina gcreat tagartha freisin lena ndéanfar cur chun feidhme na mbeart a mheasúnú trí tuairisciú rialta. Ina theannta sin, déanfar Pleananna Oibre Gníomhaíochta Earnála a fhorbairt do phríomhearnálacha, a bheidh sé mar chuspóir leis a áirithiú nach mbeidh an earnáil ina brú suntasach ar stádas uisce a thuilleadh. Cuirfidh na Pleananna Oibre Gníomhaíochta Earnála le forbairt agus le cur chun feidhme cuspóirí agus gníomhartha ar bhonn dobharcheantair.

*Rannpháirtíocht an Phobail: déanfar leibhéal rannpháirtíochta an phobail a mhéadú trí bhunú fora dobharcheantair áitiúil.

*Tairbhí iomadúla: is féidir le cuid mhaith de na bearta atá ag teastáil chun cáilíocht uisce a chosaint agus a fheabhsú a bheith ina tairbhe don dúlra, do cháilíocht aeir agus don athrú aeráide. Tá deis ar leith le tapú sa Treoir Réime maidir le hUisce agus a cur chuige atá bunaithe ar dhobharcheantair, chun leas a bhaint as na tairbhí iomadúla sin chun cur le maolú an athruithe aeráide agus chun an bhithéagsúlacht a fheabhsú.

Áirítear le roinnt de na bearta lena gcabhrófar le seachadadh na spriocanna sa Phlean:

*Talmhaíocht: Clár Gníomhaíochta um Níotráití nua a chuirfear i bhfeidhm leis na Rialacháin Dea-chleachtais Talmhaíochta lena gcoimeádfar agus a neartófar na srianta reatha agus lena gcuirfear chun feidhme srianta níos daingne ar Nítrigin agus Fosfar ón talamhaíocht. Tionscadal Uisce mórscála nua faoin gComhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht CEN darb ainm “Feirmeoireacht ar son Uisce”, arb é is cuspóir leis díriú ar chailliúint fosfair, nítrigine, dríodair agus, i gcás inar iomchuí, lotnaidicídí isteach san uisce ó thailte talmhaíochta a laghdú trí glacadh dea-chleachtais nuálaigh maidir le bainistiú cothaithigh a chur chun cinn, Bearta Coinneála Uisce Nádúrtha (BCUN) atá bunaithe ar an Dúlra a chur i bhfeidhm, agus bearta oiriúnacha eile.

*Fuíolluisce Uirbeach agus Rith chun Srutha Uirbigh: infheistiú leanúnach i mbonneagar fuíolluisce le hinfheistiú de bhreis agus €2.3bn ó Uisce Éireann i dtionscadail neamhspleácha ag 108 ionad cóireála fuíolluisce, 77 líonra bailiúcháin agus 92 chlár náisiúnta bainteach faoi 2024. Bunú tionscadail phíolótaigh chun imscrúdú a dhéanamh ar réitigh ar rith chun srutha uirbigh trí Réitigh atá bunaithe ar an Dúlra a úsáid.

*Hidreamoirfeolaíocht: bunú Cláir Hidreamoirfeolaíochta náisiúnta agus Sainghrúpa chun tacú lena fhorbairt agus lena chur chun feidhme chun an tionchar diúltach bacainní fisiciúla i ndobharlaigh nó gar dóibh a mhaolú.


Doiciméid

Achoimre Fheidhmeach: An Plean Gníomhaíochta Uisce 2024

An Plean Gníomhaíochta Uisce 2024

Aguisíní

Plean Gníomhaíochta Uisce 2024: Aguisín 1

Plean Gníomhaíochta Uisce 2024: Aguisín 2

Water Action Plan_Appendix 3 2024

Appendix 04 2024 03 11 National AFA with Catchment Projects identified
Download link for Íoslódáil
Appendix 05 3.3 Cycle-3-HMWB-candidates Final Supporting Appendix
Download link for Íoslódáil

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais?

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi cháilíocht uisce i do cheantar áitiúil nó faoi ghníomhaíochtaí cáilíochta uisce ar fud na tíre is féidir leat dul chuig an suíomh gréasáin Dhobharcheantair na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.

Tá treoir, léarscáileanna, sonraí, acmhainní, cás-staidéir agus nuacht maidir le huisce ó gach cearn den tír ar fáil ar an suíomh gréasáin. Tá Nuachtlitir ráithiúil maidir le hAbhantracha agus an t-eolas is deireanaí faoi imeachtaí ábhartha ar fud na tíre freisin.


Conas is féidir leat a bheith rannpháirteach?

Bíonn foirne Dobharcheantair agus Pobal den Chlár Uisce Údaráis Áitiúil (CUÚÁ) ag obair le húdaráis áitiúla, gníomhaireachtaí stáit, comhlachtaí poiblí agus páirtithe leasmhara san earnáil phríobháideach agus pobail áitiúla chun iarrachtaí a chomhordú chun cáilíocht mhaith nó ardcháilíocht uisce a bhaint amach inár ndobharlaigh. Beidh rannpháirtíocht phoiblí mhéadaithe mar chuid lárnach den Phlean Bainistíochta Abhantraí 2022 - 2027.

Tá tuilleadh eolais faoi conas is féidir leat a bheith rannpháirteach i do phobal áitiúil ar fáil ag an suíomh gréasáin CUÚÁ.