English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Uisce


Tá sé mar aidhm ag an roinn seo acmhainní uisce in Éirinn a chosaint agus a fheabhsú. Déantar é seo trí bheartas náisiúnta agus Eorpach a chur i bhfeidhm maidir le seirbhísí uisce agus cáilíocht uisce.

Bíonn sé ríthábhachtach go mbeidh soláthairtí maithe, sábháilte uisce againn, chomh maith le seirbhísí dramhuisce cuimsitheacha agus uiscí glana chun sláinte an phobail a chosaint, chun tacú le fás eacnamaíoch agus lenár gcomhshaol a chaomhnú.


Uisce óil poiblí agus seirbhísí dramhuisce poiblí


Cosaint an uisce.

Déanann an roinn seo acmhainní uisce na hÉireann a chosaint agus a fheabhsú trí reachtaíocht an AE agus reachtaíocht náisiúnta a chur i bhfeidhm.


Soláthairtí uisce óil príobháideacha agus seirbhísí dramhuisce

Faigheann 12% de dhaoine in Éirinn a gcuid soláthairtí uisce óil ó thoibreacha príobháideacha agus ó sholáthairtí beaga príobháideacha. Faigheann 6% de dhaoine uisce óil ó ghrúpscéimeanna uisce, a bhíonn á rith ag pobail áitiúla. Úsáideann 34% de theaghlaigh nach bhfuil nasctha le líonra séarachais poiblí Uisce Éireann dabhcha séarachais nó córais chóireála dramhuisce eile teaghlaigh.


Bonneagar Seirbhísí Uisce arna Soláthar ag Forbróir (DPI)

Catagóir eastát tithíochta isea Bonneagar Seirbhísí Uisce arna Soláthar ag Forbróir (DPI) ar a bhfreastlaíonn bonneagar seirbhísí uisce neamhspleácha, a sholáthraíonn forbróir an eastáit.

Bonneagar Seirbhísí Uisce arna Soláthar ag Forbróir (DPI)


Uiscí Mara

Ciallaíonn dea-stádas comhshaoil ó thaobh chomhshaol na mara go mbíonn na farraigí glan, sláintiuil agus torthúil, agus go mbíonn an úsáid a bhaineann an duine as comhshaol na mara inbhuanaithe.