Rialtas Áitiúil
- Foilsithe: 5 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 7 Aibreán 2025
achoimre
Tacaíonn an roinn seo leis an rialtas áitiúil ina ról maidir le folláine agus cáilíocht beatha na saoránach agus na bpobal a chur chun cinn trí fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtúil agus trí sheirbhísí luachmhara a sholáthar ar leibhéal áitiúil.
Vótáil
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as an dlí a dhéileálann le clárú toghthóirí agus as toghcháin agus reifrinn a reáchtáil.
Cuimsíonn sé seo:
- athbhreithniú leanúnach ar an dlí toghcháin
- athbhreithniú ar dháilcheantair agus ar thoghcheantair áitiúla
- faisnéis agus comhairle a sholáthar d’údaráis chlárúcháin, d’oifigigh chomhairimh agus don phobal i gcoitinne mar aon le torthaí toghcháin a fhoilsiú.
Le haghaidh faisnéise níos mionsonraithe ba cheart duit dul i gcomhairle leis na forálacha bunreachtúla agus reachtacha ábhartha a bhaineann le dlí toghcháin, atá ar fáil ar láithreán gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann.
Foghlaim níos mó faoi vótáil in Éirinn.
Dóiteáin / Éigeandáil
Tá an roinn freagrach as tacú le Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na hÉireann. Comhordaíonn sé freisin an freagra náisiúnta ar:
- drochaimsir
- raon móréigeandálaí eile.