An buiséad iomlán caite don tríú bliain as a chéile ar Chóiríocht Dírithe ar an Lucht Siúil
- Foilsithe: 24 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 29 Márta 2023
Líon ard de theaghlaigh den Lucht Siúil tar éis cur isteach ar an Scéim Iasachta Carbhán
Ar an 24 Márta, d'fháiltigh an tAire Stáit um Pleanáil agus Údarás Áitúil, an TD Kieran O'Donnell, roimh an scéala gur chaith na húdaráis áitiúla €27 milliún nach mór ar chóiríocht dírithe ar an Lucht Siúil le linn 2022. B'ionann é seo agus an leithdháileadh buiséid iomlán a chaitheamh don triú bliain as a chéile.
Is chun cóiríocht dírithe ar an Lucht Siúil a sholáthar le linn 2022, trí bhíthin na n-údarás áitiúil, a rinne an Roinn an t-infheistiú seo, caiteachas arb ionann é agus €20.6m i gcistiú caipitil agus €6.3m de mhaoiniú reatha.
Dúirt an tAire O’Donnell:
“Le trí bliana as a chéile tá caiteachas iomlán de bhuiséad cóiríochta don Lucht Siúil bainte amach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na húdaráis áitiúla as a n-iarrachtaí maidir lena chinntiú go gcaitear an infheistíocht seo ar bhealach a rachadh chun sochair don Lucht Siúil. Leanfaimid leis an obair chomhoibríoch seo le húdaráis áitiúla chun tacú le soláthar cóiríochta a bhaineann go sonrach leis an Lucht Siúil.”
Chuir an tAire sonraí ar fáil freisin faoin spéis láidir atá sa Scéim Phíolótach Iasachta Carbháin do theaghlaigh den Lucht Siúil. I mí Iúil 2022, leathnaíodh Scéim Iasachta Carbháin a bhí fabhrach agus inacmhainne ar bhonn píolótach náisiúnta ar fud na n-údarás áitiúil go léir. Is é cuspóir na scéime cur ar chumas na n-údarás áitiúil iasachtaí a sholáthar don Lucht Siúil chun a gcarbháin/tithe soghluaiste féin a cheannach lena n-úsáid mar phríomháit chónaithe ar láithreáin stad ar ráta tosaíochta. Faoin scéim phíolótach, bhí soláthar ann do suas le 75 carbhán nó caiteachas €3 mhilliún, ar fud na tíre go dtí deireadh 2022.
Dúirt an tAire:
“Tá cuma dhearfach ar an méid atá tar éis glacadh leis an scéim, agus tá éileamh láidir ann ar fud na n-údarás áitiúil. Tá áthas orm a chur in iúl go bhfuil 77 iasacht fhabhracha do charbháin tugtha chun cinn faoin scéim phíolótach seo a sholáthraíonn cóiríocht ar mhaithe leis an Lucht Siúil go sonrach ar láithreáin. Tá mo roinn i mbun athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim phíolótach anois. Tá tuarascáil á hullmhú agus tá roghanna le haghaidh scéim eile á meas mar chuid den athbhreithniú sin.”
Tugadh an scéim phíolótach isteach faoi Alt 25 den Acht um Chóiríocht don Lucht Siúil, 1998, chun tacú le soláthar cóiríochta a bhaineann go sonrach leis an Lucht Siúil. Gníomh a bhí ann freisin i dTithíocht do Chách, plean tithíochta an rialtais go dtí 2030.
Thug an tAire O’Donnell le fios gur le haghaidh cóiríocht a bhaineann go sonrach leis an Lucht Siúil é an buiséad um Chóiríocht don Lucht Siúil. Áirítear láithreáin stad agus grúpscéimeanna tithíochta agus tacaíochtaí eile leis an gcóiríocht sin. Cuirtear cóiríocht ar fáil do theaghlaigh den Lucht Siúil ar fud raon roghanna tithíochta, tríd an líne mhaoinithe shainiúil seo agus línte eile chomh maith. Cónaíonn an chuid is mó den Lucht Siúil i dtithíocht chaighdeánach agus is minic gur fearr leo tithíocht chaighdeánach, mar shampla, tithíocht údaráis áitiúil agus tithíocht ó Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta. Dá réir sin, tá an maoiniú atá ar fáil agus a chaitear ar réitigh chóiríochta a sholáthar don Lucht Siúil fós níos leithne ná mar atá sa bhuiséad Cóiríochta a bhaineann go sonrach leis an Lucht Siúil.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Léiríonn sé seo infheistíocht shuntasach ilbhliantúil a sholáthraíonn cóiríocht a bhaineann go sonrach leis an Lucht Siúil; agus tacaíocht mhaoinithe de bheagnach €27 milliún á cur ar fáil do 2023, rud a léiríonn tiomantas leanúnach an rialtais do chóiríocht a sholáthar don Lucht Siúil.
“Leanfaidh mé de bheith ag obair le mo roinn, le húdaráis áitiúla, le grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar an Lucht Siúil agus lenár bpáirtithe leasmhara go léir chun soláthar leanúnach do gach cineál cóiríochta don Lucht Siúil a chinntiú.
“Táim diongbháilte agus mé ag obair lenár bpáirtithe leasmhara ar fad faoin mBord Cláir chun méid agus cáilíocht na cóiríochta a bhaineann go sonrach leis an Lucht Siúil a fheabhsú, soláthar leanúnach Pleananna Cóiríochta don Lucht Siúil de chuid na n-údarás áitiúil a mhaoiniú agus an phíblíne cóiríochta a bhaineann go sonrach leis an Lucht Siúil a mhéadú.”