Beagnach 100 teach tábhairne le hathfhorbairt chun 300 áit chónaithe nua a chruthú
- Foilsithe: 16 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
San iomlán, tá athoiriúnú beartaithe do níos mó ná 1,100 áitreabh tráchtála folamh a d’fhéadfadh a bheith ina 2,700 áit chónaithe
Leis an tionscnamh, téitear i ngleic le háitribh foilmhe, méadaítear an soláthar tithíochta agus athnuaitear ceantair uirbeacha
D’fhoilsigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, figiúirí a léiríonn go bhfuair údaráis áitiúla 1,165 fógra chun áitribh thráchtála folmha a athoiriúnú ina n-áiteanna cónaithe nua idir 2018-2023. D’fhéadfadh 2,716 áit chónaithe nua a bheith mar thoradh ar na fógraí sin ar fud na tíre.
Le díolúintí pleanála a tugadh isteach in 2018, cuireadh deireadh leis an gceanglas maidir le cead pleanála chun cineálacha áirithe réadmhaoine tráchtála folmha a athoiriúnú ina n-aonaid chónaithe. In 2022, leathnaíodh an díolúine chun go bhféadfaí tithe tábhairne folmha a athoiriúnú ina n áiteanna cónaithe. In 2022 agus 2023, fuair údaráis áitiúla 92 fógra maidir le tithe tábhairne agus é ar intinn acu 295 áit chónaithe nua a chruthú.
Ar an iomlán, in 2023, fuair údaráis áitiúla 267 fógra a d’fhéadfaí 650 áit chónaithe nua a sholáthar dá mbarr (baineann 39 acu le tithe tábhairne óna gcruthófar 136 áit chónaithe).
Dúirt an tAire O’Brien:
“Is príomhchuid de Thithíocht do Chách é foirgnimh fholmha a athoiriúnú ina n-áiteanna cónaithe buana. Léiríonn na figiúirí sin go bhfuil beartais a d’éascaigh an t-ualach pleanála dóibh siúd ar mian leo áitribh thráchtála fholmha, tithe tábhairne san áireamh, a athoiriúnú in úsáid chónaitheach ag cuidiú le soláthar a mhéadú, dul i ngleic le líon na n-áitreabh folamh agus ceantair uirbeacha a athnuachan.
“Thug mé cuairt ar chontaetha agus chonaic mé go pearsanta an tionchar a bhíonn ag teach tábhairne a bhí folamh tráth a thiontú go cúig nó sé árasán nua. Tá ciall leis na díolúintí a sholáthar agus é a bheith níos fusa do dhaoine dá bharr foirgnimh thráchtála a athoiriúnú ina n-áiteanna cónaithe d’ardchaighdeán.’’
Agus dúirt an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Alan Dillion:
“Tá sé sin ar cheann de shraith beart a bhí éifeachtach chun úinéirí réadmhaoine a spreagadh chun foirgnimh fholmha thráchtála a athoiriúnú go húsáid chónaithe, amhail cónaí ‘os cionn an tsiopa’. D’fhéadfadh sé a bheith ina chatalaíoch d’athghiniúint agus d’athbheochan réadmhaoine folmha agus tréigthe a athúsáid, rud a thabharfadh beocht ar ais do phobail.”
I measc na dtionscnamh Rialtais eile chun dul i ngleic le háitribh fholmha, tá acmhainní méadaithe d’Oifigí Tithe Folmha na n-údarás áitiúil, an Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe tríd a dtugtar iasacht d’úinéirí réadmhaoine chun réadmhaoin a athchóiriú mar chúiteamh ar chíos ráthaithe tríd an réadmhaoin a ligean ar léas le haghaidh tithíocht shóisialta, agus an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh ina dtairgtear deontais suas le €70,000 chun réadmhaoin fholamh a iompú ina háit chónaithe bhuan.
Tabhair cuairt ar Item was unpublished or removed chun gach tacaíocht atá ar fáil a fheiceáil chun áitribh fholmha a úsáid arís.
Tuilleadh eolais
Nasc le sonraí ar líon na bhfógraí a fuair údaráis áitiúla maidir le hathruithe pleanáilte ar úsáid réadmhaoine tráchtála foilmhe ina n-aonaid chónaithe, agus líon na n-áiteanna cónaithe a bhaineann leis na fógraí sin, do na blianta 2018-2023: