English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Beagnach 650 teach sóisialta nua ar fud Chathair Bhaile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach agus Loch Garman le seachadadh i gcéim nua den Chlár CPP

  • Tá 1,000 teach sóisialta nua curtha ar fáil cheana féin ag an gClár Comhpháirtíochta Poiblí Príobháidí (CPP).
  • Tá 3,500 teach eile idir lámha

D’fháiltigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, inniu (13 Samhain) roimh sheoladh na dtionscadal tithíochta nua faoin gClár um Chomhpháirtíocht Phoiblí Phríobháideach (CPP) um thithíocht shóisialta a sholáthróidh beagnach 650 teach sóisialta nua.

Dar teideal ‘Bundle 7’ (toisc go ndéantar na tionscadail atá le seachadadh ar na tailte seo a chuachadh i ngrúpa laistigh de gach céim agus is é seo an seachtú grúpáil dá leithéid), tógfar na tithe nua ar shuímh i gceantair Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Chomhairle Contae na Gaillimhe, Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus Chomhairle Contae Loch Garman.

Tógann seoladh an lae inniu ar an dul chun cinn suntasach atá déanta cheana féin faoi chéimeanna roimhe seo den chlár seo, lena n-áirítear:

  • Beart 1 - seachadadh 534 teach thar sé shuíomh i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, Lú agus Cill Mhantáin in 2020 agus 2021.
  • Beart 2 - Seachadadh 465 teach thar ocht suíomh i gCorcaigh, sa Chlár, i nGaillimh, i gCill Dara, i Ros Comáin agus i bPort Láirge in 2021.
  • Beart 3 - Soláthrófar 486 teach nua thar sé shuíomh i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, Sligeach agus Cill Mhantáin agus críochnófar an phleanáil ar gach láithreán. Cuireadh tús leis an bpróiseas tairisceana i R4 2022.
  • Beart 4 agus 5 - cuirfear timpeall 1,900 teach nua ar fáil thar 18 suíomh i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, Lú agus Cill Mhantáin. Forbairt dearaidh ar siúl.
  • Beart 6 - timpeall 500 teach nua thar sheacht suíomh i gCorcaigh, Cill Dara agus Cill Mhantáin

Ag fáiltiú roimh chéim nua na tithíochta sóisialta, dúirt an tAire O’ Brien:

“Tá Tithíocht do Chách tiomanta do sholáthar na tithíochta sóisialta nuathógtha a mhéadú go dtí 10,000 ar an meán in aghaidh na bliana idir 2022 agus 2030 agus táimid ag baint úsáide as gach acmhainn atá ar fáil dúinn chun é seo a bhaint amach.

"Léiríonn an Clár Comhpháirtíochta Poiblí Príobháidí (CPP) Tithíocht Shóisialta ceann den iliomad snáitheanna seachadta chun méid na tithíochta sóisialta a mhéadú. Áiríonn Tithíocht do Chách cuspóir sonrach freisin chun úsáid na CPP a mhéadú chun tithíocht shóisialta a sheachadadh agus cuireann fógra an lae inniu go mór leis seo a bhaint amach.

"Tá rathúlacht an mhúnla seo do sholáthar tithíochta sóisialta soiléir mar go bhfuil 1,000 teach nua ardchaighdeáin curtha ar fáil cheana féin aige, agus 3,500 eile idir lámha.

"Leagann fógra an lae inniu béim ar thiomantas an Rialtais seo do níos mó tithe sóisialta a thógáil agus léiríonn sé an cur chuige réamhghníomhach atá á ghlacadh againn chun dul i ngleic leis na dúshláin tithíochta atá againn.”

Tá an fógra seo mar chuid den chlár um thithíocht shóisialta CPP atá á sheachadadh ag an nGníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (NDFA), i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus údaráis áitiúla ábhartha. I measc na bpríomhpháirtithe leasmhara eile atá páirteach i gcur chun cinn an chláir tá an Oifig um Sheachadadh agus Comhordú Tithíochta, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contae Chorcaí (tá an dá cheann deiridh fostaithe mar phríomhúdaráis áitiúla le haghaidh Beart 1, 3, 4, 5 agus Beart 2 agus 6 faoi seach).

Críoch


Tuilleadh faisnéise

Tar éis fhoilsiú Tithíocht do Chách, plean náisiúnta tithíochta an Rialtais go dtí 2030, tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, i gcomhpháirtíocht leis an NDFA agus le príomhpháirtithe leasmhara, ag obair go gníomhach chun na cuachtaí nua CPP a chur chun cinn.

Áirítear ar na geallsealbhóirí sin an Oifig um Sheachadadh agus Comhordú Tithíochta agus na húdaráis áitiúla.

Soláthróidh an NDFA seirbhísí comhairleacha airgeadais, soláthair agus bainistíochta tionscadail ag gach céim den chlár Tithíochta Sóisialta CPP.

Is socrú é CPP idir údarás poiblí agus comhpháirtí príobháideach atá deartha chun tionscadal nó seirbhís bonneagair phoiblí a sheachadadh faoi chonradh fadtéarmach. I gcás an tionscadail CPP seo, déanfaidh an páirtí príobháideach na tithe a mhaoiniú agus a thógáil, ansin soláthróidh siad seirbhísí cothabhála agus bainistíochta tionóntachta ar feadh tréimhse seirbhíse 25 bliain agus na tithe á gcothabháil go caighdeán réamhshainithe. Fanann na tithe faoi úinéireacht an údaráis áitiúil.

Suímh beart 7

Údarás Áitiúla Suímhanna Iomlán Seoltaí Suímh Uimhir Aonaid Tithíochta Sóisialta
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 1 Tailte Carton, Baile Munna 110
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 1 Suímh LAP 2 Bhaile Munna, Bóthar Shaileoige 170
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 1 Lána Belcamp, Darndál 170
Comhairle Contae na Gaillimhe 1 Bóthar Bhaile Gadaí, Tuaim 60
Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh 1 Toppins Field 67
Comhairle Chontae Loch Garman 1 Cnoc an Ospidéil, Bun Clóidí 65
6 642