Cuir STAD le Tús Tine – Spreagtar daoine trí fheachtas náisiúnta sábháilteachta chun smaoineamh ar chúiseanna tine sa bhaile
- Foilsithe: 30 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Infheistíocht €500,000 i gclár bunscoileanna nua
- Béim ar ‘stad a chur le tús tine’ trí dheireadh a chur le cúiseanna tine
Tá an tSeachtain um Shábháilteacht ó Dhóiteán á seoladh inniu, agus tathantaítear ar dhaoine smaoineamh ar na rioscaí dóiteáin a d’fhéadfadh a bheith ina n-áiteanna cónaithe, agus cuirtear tús le feachtas náisiúnta fógraíochta meán “Cuir Stad le Tús Tine” ar fud ardáin raidió, teilifíse agus meán sóisialta a bheidh le sonrú don chuid eile den bhliain.
Dírítear sa tSeachtain Náisiúnta um Shábháilteacht ó Dhóiteán (30 Meán Fómhair - 06 Deireadh Fómhair), arb é imeacht Thuaidh/Theas é, ar shábháilteacht ó dhóiteán a fheabhsú go háirithe sa bhaile. Léiríonn na sonraí is déanaí arna n-eisiúint ag an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála (NDFEM) i bPoblacht na hÉireann gurbh iad ábhair caithimh tobac, ar nós luaithreach toitíní, an chúis ba choitianta le bás dóiteáin in Éirinn in 2023 agus go raibh níos mó ná 60% de bhásanna dóiteáin ina measc siúd a bhí 65 bliana d’aois agus ní ba shine. Tá minicíocht na dtinte tí tromchúiseacha i bhfad níos airde do dhaoine scothaosta a bhfuil cónaí orthu ina n-aonar.
In éineacht le seoladh na Seachtaine um Shábháilteacht ó Dhóiteán inniu, d’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Darragh O’Brien infheistíocht €500,000 i gclár nua bunscoileanna in 2024 agus infheistíocht bhreise de €250,000 sa Scéim Pobail Aláram Deataigh; Soláthrófar le €100,000 de sin aláraim dheataigh atá oiriúnaithe go speisialta do dhaoine Bodhra agus lagéisteachta le dáileadh ag Údaráis Dóiteáin áitiúla.
Dúirt an tAire O’Brien:
“Is féidir le daoine a chinntiú go bhfuil siad féin agus a ndaoine muinteartha sábháilte trí chúiseanna féideartha dóiteáin sa teach a aithint. Is féidir go leor damáiste ó dhóiteán a chosc trí am a ghlacadh chun gnáthsheiceálacha sábháilteachta ó dhóiteán a dhéanamh, go háirithe san oíche, agus trí chomhairle sábháilteachta ó dhóiteán a leanúint. Trí bheith feasach ar na cúiseanna sin agus bearta réamhghníomhacha a ghlacadh, is féidir linn stad a chur le tús tinte.
“Ós rud é go bhfuil oideachas sa tsábháilteacht ó dhóiteán ríthábhachtach, tá €500,000 infheistithe againn chun clár bunscoileanna nua a leathadh amach i mbliana. Táimid ag athdhéanamh ár n-infheistíochta de €250,000 freisin chun aláraim dheataigh a sholáthar do na daoine is leochailí inár bPobal, lena n-áirítear infheistíocht €100,000 chun aláraim dheataigh atá oiriúnaithe go speisialta a sholáthar do dhaoine lagéisteachta.
“Tá ár suíomh Gréasáin tiomnaithe um shábháilteacht ó dhóiteán nuashonraithe againn freisin, agus tá feachtas meán nua á reáchtáil againn chun daoine a chur ar an eolas faoi chontúirtí dóiteáin. Tá sé mar aidhm againn cultúr faireachais agus feasachta ar shábháilteacht ó dhóiteán a chruthú.”
Ag an seoladh a bhí ar siúl i gCill Dara arna óstáil ag Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Chill Dara, dúirt Keith Leonard, Stiúrthóir na Stiúrthóireachta Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála freisin:
“Ní mór dúinn a bheith san airdeall i gcónaí má táimid chun deireadh a chur le guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tine. Tá sé ríthábhachtach a bheith airdeallach, a bheith aireach ar shábháilteacht ó dhóiteán agus dea-nósanna sábháilteachta ó dhóiteán a chleachtadh."
"Molaimid do dhaoine comhairle sábháilteachta ó dhóiteán a leanúint, gnáthsheiceáil sábháilteachta ó dhóiteán a dhéanamh san oíche agus aláram deataigh i riocht oibre a bheith acu ar gach leibhéal dá n-áit chónaithe.”
Míníonn Brian Stanfield, Príomh-Oifigeach Cúnta Dóiteáin agus Tarrthála, Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Thuaisceart Éireann:
"An tSeachtain um Shábháilteacht ó Dhóiteán seo, táimid ag spreagadh gach teaghlach chun na guaiseacha dóiteáin a d’fhéadfadh a bheith ina n-áiteanna cónaithe a mheas. Is féidir le tinte tí a bheith tubaisteach, agus mar sin tá fíorluach ag baint leis na cúiseanna féideartha a thuiscint. Táimid ag moladh do theaghlaigh plean soiléir éalaithe ó dhóiteán a bheith acu agus a gcuid seiceálacha sábháilteachta tí féin a dhéanamh mar chuid dá ngnáthamh ama codlata, mar shampla aláram deataigh a thástáil agus soicéid a dhíphlugáil, chun tú féin agus do mhuintir a choinneáil sábháilte.”
Mar is gnáth, tá an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála ag cur béim ar an ngá atá le haláraim dheataigh i riocht OIBRE i ngach leibhéal den teach agus ar an ngá atá le tástáil rialta a dhéanamh orthu. Léiríodh i Sonraí Dhaonáireamh 2022 POS is déanaí go bhfuil os cionn 70,000 teach in Éirinn fós gan aláram deataigh atá ag obair.
Tá an tSeachtain um Shábháilteacht ó Dhóiteán 2024 á reáchtáil i gcomhpháirt ag an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála (NDFEM) agus ag Seirbhísí Dóiteáin agus Tarrthála Thuaisceart Éireann (NIFRS). Gach bliain, dírítear ar shábháilteacht ó dhóiteán sa teach, agus i mbliana dírítear ar na cúiseanna atá le dóiteán sa teach - leis an téama “níor chuireamar tús leis an tine..ach cad a chuir?”
Chomh maith leis sin, is tús é an tSeachtain um Shábháilteacht ó Dhóiteán d’fheachtas leathan fógraíochta meán náisiúnta “Cuir Stad le Tús Tine” i bPoblacht na hÉireann a bheidh ar siúl ó Mheán Fómhair 2024 go dtí earrach 2025.
CRÍOCH
Nóta d’eagarthóirí
Reáchtáiltear an tSeachtain Náisiúnta um Shábháilteacht ó Dhóiteán (30 Meán Fómhair – 6 Deireadh Fómhair) i gcomhpháirt le Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Thuaisceart Éireann, agus is éard atá i gceist léi ná sábháilteacht ó dhóiteán sa bhaile a fheabhsú. Is é an téama atá roghnaithe don bhliain seo ná
Tá fréamhacha ag an tSeachtain Náisiúnta um Shábháilteacht ó Dhóiteán i nDóiteán Mór Chicago, a tharla ar an 8 Deireadh Fómhair, 1871. D’fhógair iar-Uachtarán Mheiriceá, Calvin Coolidge an chéad Seachtain Náisiúnta um Chosc ar Dhóiteáin in 1925 i gcuimhne orthu siúd a cailleadh sa Dóiteán sin. Ó shin i leith, go luath i mí Dheireadh Fómhair, tá sí á coimeád gach bliain i dtíortha ar fud an domhain. 148 bliain ar aghaidh ó Dhóiteán Mór Chicago, tá an teachtaireacht maidir le cosc dóiteáin agus sábháilteacht ó dhóiteán chomh hábhartha inniu agus a bhí sí.
Is iad na príomhtheachtaireachtaí atá le cur in iúl ná:
- Ní mór do dhaoine a chinntiú go bhfuil a ndaoine muinteartha sábháilte trí chúiseanna féideartha dóiteáin a aithint agus a bhaint.
- Ba cheart gnáthsheiceálacha sábháilteachta ó dhóiteán a dhéanamh, go háirithe san oíche.
- Is cúiseanna le go leor dóiteán iad earráid dhaonna agus faillí.
- Má fhanann tú ar an airdeall agus aireach ar shábháilteacht ó dhóiteán, laghdófar an mhinicíocht dóiteáin sa teach.
- Tá oideachas ar shábháilteacht ó dhóiteán bunriachtanach, agus moltar do dhaoine cuairt a thabhairt ar ár suíomh gréasáin www.fireireland.ie le haghaidh comhairle ar shábháilteacht ó dhóiteán. Má bhíonn tú réamhghníomhach in oideachas a chur orthu siúd i do theaghlach ar shábháilteacht ó dhóiteán, beidh siad níos airdeallaí chun ‘stad a chur le tús tine.’
- I rith an ama, béim a chur ar an ngá atá le haláraim dheataigh i riocht OIBRE ar a laghad ag gach leibhéal de do theach agus plean éalaithe a bheith agat.
Is éard atá san fheachtas fógraíochta teilifíse, raidió agus sóisialta don tSeachtain um Shábháilteacht ó Dhóiteán ná tús le dianfheachtas fógraíochta sna meáin, a bheidh ar siúl ar feadh mhíonna an gheimhridh go dtí an t-earrach.
Is féidir leis an bpobal faisnéis a fháil faoi shábháilteacht ó dhóiteán mar atá luaite thíos.
Tuilleadh faisnéise: