Cuireadh tús le 35,358 teach sa chéad seacht mí de 2024
- Foilsithe: 29 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a sonraí míosúla ar líon na bhFógraí Tosaithe (tosuithe tógála cónaithe) d’Iúil 2024. Cuireadh tús le 1,574 teach in Iúil 2024.
Sa chéad seacht mí de 2024 (Eanáir - Iúil), cuireadh tús le 35,358 teach, gar do mhéadú faoi dhó (méadú 91%) ar an 18,546 sna míonna céanna in 2023. Is ionann sin agus timpeall ar 240 teach ar an meán ar cuireadh tús leo gach lá oibre go dtí seo i mbliana.
Le 12 mhí anuas, (Lúnasa 2023 go dtí Iúil 2024) tá tús curtha le 49,613 aonad, méadú 72% ó 28,916 sna 12 mí roimhe sin (Lúnasa 2022 go dtí Iúil 2023).
Is féidir teacht ar an tacar sonraí tosuithe iomlán ar líon na n-aonaid ar cuireadh tús leo, ar fhógraí agus ar áiteanna cónaithe aonuaire ar bhonn náisiúnta agus de réir údarás áitiúil ó 2014 go dtí Iúil 2024 ag: Construction Activity Statistics.