English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireadh tús le 37,622 teach sa chéad ocht mí de 2024

D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a sonraí míosúla ar líon na bhFógraí Tosaithe (tógáil tithe atá tosaithe) do mhí Lúnasa 2024. Cuireadh tús le 2,264 teach i mí Lúnasa 2024.

Don chéad ocht mí de 2024 (Eanáir-Lúnasa), bhí tús curtha le 37,622 teach. Sin ardú 76% ar 21,316 teach sna míonna sin in 2023. Is ionann é sin agus thart ar 224 teach ar an meán ar cuireadh tús leo gach lá oibre i mbliana.

Le 12 mhí anuas, (Meán Fómhair 2023 go dtí Lúnasa 2024) tá tús curtha le 49,107 aonad, méadú 66% ó 29,565 aonad sna 12 mhí roimhe sin (Meán Fómhair 2022 go dtí Lúnasa 2023).

Is féidir teacht ar an tacar sonraí tosaithe iomlán ar líon na n-aonad ar cuireadh tús leo, ar fhógraí agus ar áiteanna cónaithe aonuaire ar leibhéal náisiúnta agus de réir údarás áitiúil ó 2014 go dtí mí Iúil 2024 ag an nasc seo:

Tosaithe i Lúnasa 2024