Cuireadh tús le 54,574 teach sa chéad aon mhí dhéag de 2024, 84% níos mó ná an tréimhse chéanna anuraidh
- Foilsithe: 19 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a cuid sonraí míosúla ar líon na bhFógraí Tosaithe (tógáil tithe cónaithe atá tosaithe) le haghaidh mhí na Samhna 2024.
Cuireadh tús le 1,318 teach i mí na Samhna 2024. Don chéad aon mhí dhéag de 2024 (Eanáir – Samhain), cuireadh tús le 54,574 teach, méadú suntasach de 84% i gcomparáid le 29,634 teach sa tréimhse chéanna de 2023. Is ionann é seo agus 235 teach ar an meán ar cuireadh tús leo gach lá oibre go dtí deireadh mhí na Samhna.
Le 12 mhí anuas, (Nollaig 2023 go dtí Samhain 2024) tá tús curtha le 57,741 teach, méadú 84% ó 31,429 sna 12 mí roimhe sin (Nollaig 2022 go dtí Samhain 2023).
As na 1,318 áit chónaithe ar cuireadh tús leo i Samhain 2024, is áiteanna cónaithe scéime iad 48%, is árasáin iad 19%, agus baineann 33% le haonaid aonuaire.
As na háiteanna cónaithe ar cuireadh tús leo sa chéad aon mhí déag de 2024 (Eanáir-Samhain), bhí 36% díobh sna ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. De réir údarás áitiúil, ba i gCathair Bhaile Átha Cliath a cuireadh tús leis an líon ba mhó tithe go dtí seo i mbliana (6,724), agus Fine Gall (5,483) agus Baile Átha Cliath Theas (4,486) ina dhiaidh sin. Ba i Liatroim (94), Ceatharlach (245) agus an Longfort (207) ar cuireadh tús leis an líon ba lú tithe.
Is féidir sonraí iomlána ar líon na dtithe ar cuireadh tús leo, ar fhógraí agus ar áiteanna cónaithe aonuaire ar leibhéal náisiúnta agus de réir údarás áitiúil ó 2014 go dtí Samhain 2024 a íoslódáil thíos.