English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire O’Brien roimh cheapachán Stiúrthóra nua ar an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe

Tá fáilte curtha ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien roimh cheapachán Rosemary Steen mar Stiúrthóir nua ar an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC). Cuireann an tUas. Steen tús lena ról nua inniu, an 2 Meán Fómhair.

Dúirt an tAire O’Brien:

“Tréaslaím le Rosemary agus guím gach rath uirthi ar a ceapachán mar Stiúrthóir nua ar an BTC. Ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt do ról Owen Keegan as an méid a rinne sé mar Stiúrthóir eatramhach.

“Tá earnáil cíosa phríobháideach dea-rialaithe a fhreastalaíonn ar riachtanais na dtionóntaí agus na dtiarnaí talún araon riachtanach chun feidhmiú ceart na hearnála tithíochta in Éirinn a chinntiú. Tá Tithíocht do Chách tiomanta do chíosaithe a chosaint agus tiarnaí talún beaga a choinneáil sa mhargadh, agus tá ról ríthábhachtach ag an BTC lena chinntiú go mbaintear é sin amach.

“Tagann ceapachán Rosemary ag tráth tábhachtach don ghníomhaireacht. Tá athbhreithniú déanta againn le déanaí ar an earnáil cíosa phríobháideach, agus léiríonn na sonraí is déanaí go bhfuil líon na dtionóntachtaí príobháideacha agus na dtiarnaí talún atá cláraithe leis an BTC ag méadú i gcónaí. Sin an fáth a bhfuil leibhéil bhreise foirne leithdháilte ar an BTC chun cur ar a gcumas a n-ualach oibre breise a bhainistiú.”

“Tá mo Roinn agus mé féin ag tnúth le caidreamh oibre táirgiúil ionas go bhfeidhmeoidh an earnáil cíosa go cothrom agus go héifeachtach do chách.”

Beathaisnéis

Téann an tUas. Steen isteach sa BTC tar éis di a bheith ina Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ag Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann (CDCÉ). Sular thosaigh sí le CDCÉ, bhí an tUas. Steen ar fhoireann ceannaireachta EirGrid mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Tá raon leathan taithí gnó aici lena n-áirítear ag obair le cuideachtaí domhanda ar nós Vodafone agus Shell. D’oibrigh sí freisin don ghrúpa fostóirí CGFÉ, agus sa ról sin bhí sí ar an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach.

Is céimí í de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a bhfuil céim san Eacnamaíocht agus san Fhealsúnacht aici agus tá Máistreacht sa Ghnó aici ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

CRÍOCH