Faomhann an Rialtas dréachtú tosaíochta an Bhille um Fheabhsúcháin Fabhtanna in Árasáin agus in Árasáin Dhá Urlár 2024
- Foilsithe: 18 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 8 Deireadh Fómhair 2024
Tá faomhadh an rialtais faighte ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, inniu do dhréachtú tosaíochta an Bhille um Fheabhsúcháin Fabhtanna in Árasáin agus in Árasáin Dhá Urlár 2024.
Tacóidh an Bille le feabhas a chur ar árasáin agus ar árasáin dhá urlár a tógadh idir 1991 agus 2013, ina bhfuil lochtanna ábhartha maidir le sábháilteacht dóiteáin, sábháilteacht struchtúrach agus dul isteach uisce. Faoin reachtaíocht atá beartaithe clúdófar 100% de na costais leasúcháin incháilithe.
Cuirfidh an reachtaíocht bonn reachtúil ar fáil chun scéim feabhsúcháin níos mó ná €2 billiún a bhunú, a bheidh dírithe ar shábháilteacht agus leas na ndaoine sin a bhfuil cónaí orthu in árasáin nó in árasáin dhá urlár a raibh a leithéid de na lochtanna sin orthu le linn tógála, a chosaint.
Agus é ag labhairt i ndiaidh chruinniú na comh-aireachta, dúirt an tAire O’Brien:
“Tá lúcháir orm faomhadh na Comh-Aireachta a fháil a chiallaíonn go ndréachtóidh mo Roinn an reachtaíocht riachtanach anois mar ábhar tosaíochta.
“Is eol dom an strus agus an imní atá ar go leor úinéirí árasán agus árasán dhá urlár mar gheall ar lochtanna ó tógadh iad. Tar éis dom dul i dteagmháil le go leor úinéirí tá a fhios agam an brú airgeadais agus pearsanta atá á chur ar a saol dá bharr agus tá áthas orm go bhfuilimid ag bogadh ar aghaidh leis an gcéad chéim eile seo.”
Is cloch mhíle thábhachtach é an reachtaíocht seo a chur chun cinn. Comhlánóidh sí na bearta eatramhacha atá curtha i bhfeidhm ag an Rialtas cheana féin ó mhí na Nollag anuraidh chun oibreacha éigeandála ábhartha um lochtanna sábháilteachta dóiteáin a mhaoiniú, chun leibhéal inghlactha sábháilteachta dóiteáin a sholáthar i bhfoirgnimh, go dtí go gcríochnófar na hoibreacha leasúcháin iomlána faoi scéim reachtúil.
Beidh ról lárnach ag an nGníomhaireacht Tithíochta i riaradh na scéime agus cinnteoidh sí go maoinítear Cuideachtaí Bainistíochta Úinéirí (CBÚnna) chun na hoibreacha leasúcháin ábhartha a dhéanamh, le teorainneacha nó díolúintí sonracha ar úinéirí tráchtála áirithe.
Dúirt an tAire O’Brien:
“Agus an reachtaíocht seo á cur chun cinn ba mhaith liom a mheabhrú d’úinéirí go bhfuil an Scéim Leasúcháin Eatramhach d’oibreacha éigeandála sábháilteachta dóiteáin fós oscailte agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an nGníomhaireacht Tithíochta as a cuid oibre leis an scéim seo agus as forbairtí a threorú tríd an bpróiseas.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis na grúpaí ionadaíocha, an Líonra Úinéirí Árasán, an Comhaontas um Fhabhtanna Tógála agus an Feachtas Not Our Fault as a rannpháirtíocht leanúnach.”
Agus é ag cuimhneamh ar an ngá atá le cinntiú go ndéantar bearta agus córais a fheabhsú, a ailíniú agus a chur i bhfeidhm chun a chinntiú nach dtarlóidh cás mar seo arís agus nach féidir leis tarlú arís, dúirt an tAire:
"Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag neartú ár gcóras rialaithe foirgníochta ionas nach mbeidh ceisteanna den sórt sin amach anseo. Tá reachtaíocht chun Údarás Rialála um Chaighdeáin Foirgníochta a bhunú faoi lánseol agus cinnteofar cumhachtaí éifeachtacha iniúchta agus forfheidhmithe mar aon le sraith chuí smachtbhannaí."
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá scála na lochtanna in árasáin agus in árasáin dhá urlár suntasach. Mheas an Grúpa Oibre chun Lochtanna Tithíochta a Scrúdú, a thuairiscigh don Aire O’Brien i mí Iúil 2022, go bhféadfadh idir 50% agus 80% d’árasáin agus d’árasáin dhá urlár (nó comhlimistéir ghaolmhara) a tógadh idir 1991 agus 2013 a bheith buailte ag ceann amháin nó níos mó de lochtanna sábháilteachta dóiteáin, sábháilteachta struchtúraí nó dul isteach uisce. Is ionann é sin agus idir 62,500 agus 100,000 árasán/árasán dhá urlár.
Is é meánchostas an fheabhsúcháin ná thart ar €25,000 in aghaidh an aonaid, rud a chiallaíonn go bhféadfadh costas féideartha idir €1.5 billiún agus €2.5 billiún a bheith ag an scéim ar an Státchiste.
Ní bheidh ach lochtanna atá inchurtha i leith dearadh lochtach, ceardaíocht lochtach nó ábhair lochtacha (nó aon teaglaim díobh sin) agus a sháraigh na Codanna ábhartha de na Rialacháin Foirgníochta a bhí infheidhme tráth na tógála incháilithe lena gcur san áireamh sa scéim. Ní chuimseofar aon locht a eascraíonn as cothabháil neamhleor, drochbhainistíocht etc., faoi raon feidhme na scéime.
Tacóidh an scéim le lochtanna ábhartha a fheabhsú, nuair is indéanta, chuig an gcaighdeán a bhí i bhfeidhm nuair a tógadh ar dtús iad. Nuair nach bhfuil sé sin indéanta, breithneofar cuir chuige agus roghanna eile a sholáthraíonn leibhéal réasúnta cosanta don tsábháilteacht anama.
Ceanglófar ar an úinéir ábhartha a léiriú gur tugadh faoi phróiseas soláthair as ar tháinig roghnú na tairisceana is tairbhí ó thaobh an gheilleagair de le haghaidh gach oibre leasúcháin incháilithe. Sa chás go meastar nach bhfuil luach ar airgead á bhaint amach do na hoibreacha feabhsúcháin atá beartaithe, féadfar treoir a thabhairt don úinéir ábhartha dul i ngleic arís leis an margadh agus/nó an próiseas soláthair a leathnú.
Seoladh an scéim eatramhach leasúcháin i mí na Nollag 2023. Go dtí an 31 Lúnasa 2024, bhí 171 iarratas bailíochtaithe ag an nGníomhaireacht Tithíochta, thar 27 limistéar údaráis áitiúil, arb ionann é agus 17,206 aonad cónaithe san iomlán. Tá 78% de na haonaid chónaithe suite i réigiún Bhaile Átha Cliath.
D’fhaomh an Rialtas an prionsabal chun costais leasúcháin a tabhaíodh cheana féin nó a toibhíodh a chlúdach faoin scéim reachtúil a luaithe a thiocfaidh na costais sin faoi raon feidhme agus paraiméadair shainithe na scéime. Oibreofar amach na sonraí agus na meicníochtaí a bhaineann leis sin de réir mar a dhréachtófar an reachtaíocht.