Foilsíodh sonraí tosaithe míosúla do mhí Eanáir
- Foilsithe: 27 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a cuid sonraí míosúla ar líon na bhFógraí Tosaithe (tógáil tithe cónaithe atá tosaithe) le haghaidh mhí Eanáir 2025.
Léiríonn na sonraí gur cuireadh tús le 1,178 áit chónaithe i mí Eanáir 2025.
Ar bhonn atrátha 12 mhí (Feabhra 2024 go Eanáir 2025), cuireadh tús le 66,873 áit chónaithe, sin ardú 96% ón 12 mhí roimhe sin (nuair a cuireadh tús le 34,058 áit chónaithe).
As an 1,178 áit chónaithe ar cuireadh tús leo i Samhain 2025, is áit chónaithe scéime iad 38%, is árasáin iad 51%, agus baineann 11% le haonaid aonuaire.
As na háiteanna cónaithe ar fad ar cuireadh tús leo le linn an mhí seo, bhí 42% díobh sna ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath (489 áit chónaithe). De réir údaráis áitiúil, ba i gCathair Bhaile Átha Cliath a cuireadh tús leis an líon is mó áiteanna cónaithe (430 áit chónaithe, 37%) agus an Mhí (213 áit chónaithe, 18%) agus Loch Garman (107 áit chónaithe, 9%) ina dhiaidh sin.
Athbhreithniú aníos ar Fhigiúirí Tosaithe 2024
Rinneadh leasuithe ar shonraí a foilsíodh roimhe seo a bhaineann leis an mbliain 2024*. Tá méadú níos mó ná 6,000 go dtí 10,578 tagtha ar líon na n-aonad ar cuireadh tús leo i mí na Nollag, go háirithe. Is é an figiúr athbhreithnithe don bhliain 2024 ar fad ná 69,060 anois.
Léiríonn na huimhreacha athbhreithnithe níos láidre a bhí ann i dtreo deireadh na bliana seo caite go háirithe an borradh ar líon na dtosaithe mar thoradh ar an tarscaoileadh tobhaigh forbartha a tháinig chun críche an 31 Nollaig 2024.
Is féidir teacht ar an tacar sonraí tosaithe iomlán ag: Tosaigh le linn mhí Eanáir 2025.
Nótaí
- In 2024 rinneadh fíorú breise lena chinntiú go raibh tús curtha le tógáil a bhí tuairiscithe. Tar éis bailíochtú breise a dhéanamh - chomh maith le tabhairt faoi plé le heagraíochtaí eile a rinne anailís ar shonraí BCManna atá ar fáil go poiblí - rinneadh athbhreithnithe ar staitisticí a foilsíodh in 2024, agus tháinig ardú ar an bhfigiúr.