English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Léiríonn seimineár ‘Dea-Chleachtas sa Rialtas Áitiúil’ de chuid CNMI sárobair na n-údarás áitiúil

Inniu an 13 Feabhra 2025 i gCill Chainnigh, reáchtáil an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta (CNMI) a sheachtú seimineár bliantúil ‘Dea Chleachtais sa Rialtas Áitiúil’. Chuir sé údarás áitiúla tionscadail óna gceantair i láthair mar phríomhshamplaí de dhea-chleachtais.

Le deich mbliana anuas, is é CNMI an comhlacht neamhspleách a sholáthraíonn maoirseacht ar an earnáil rialtais áitiúil. D’óstáil an eagraíocht an seimineár seo i gcomhar leis an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil agus leis an gCumann Bainistíochta Contae agus Cathrach.

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt Michael McCarthy, Cathaoirleach CNMI:

“Tugann an ócáid seo deis iontach d’údaráis áitiúla tionscadail a d’fhéadfaí a athchruthú ar fud na hearnála a thaispeáint. Ba mhaith linn na tionscnaimh seo a cheiliúradh agus comhroinnt eolais, smaointe agus bealaí a spreagadh chun feabhas a chur ar shaol na bpobal ar a bhfreastalaíonn siad.

“Tá an earnáil rialtais áitiúil ag athrú ag luas an-tapa agus, i gcaitheamh na mblianta, tá an seimineár seo tagtha chun cinn agus ag fás chun na hathruithe sin a léiriú”.

I measc na sé thionscadal atá i gceist tá:

Comhairle Contae an Chláir Úsáid na teicneolaíochta chun bainistiú éifeachtach crann, coigilteas costais a sholáthar agus sábháilteacht an phobail a chinntiú.
Comhairle Contae Chorcaí Páirtíocht agus rannpháirtíocht na n-ealaíon a athnuachan do Chruinniú na nÓg trí chur ar chumas leanaí, an t-úsáideoir deiridh chun é a chlárú.
Comhairle Contae Dhún na nGall Cleachtais agus próisis ghnó nua a chur i bhfeidhm chun próisis láimhe a athsholáthar, éifeachtúlachtaí a fheabhsú agus costais a laghdú san Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ).
Comhairle Contae Chill Dara Iarratas a fhorbairt chun a chinntiú go n-íocfar rátaí tráchtála go cruinn agus go tráthúil.
Comhairle Contae na Mí Toghcháin áitiúla a bheoshruthú chun faisnéis fíor-ama a thabhairt, agus a bheith mar phríomhfhoinse faisnéise agus chun a thaispeáint do shaoránaigh conas a oibríonn toghcháin áitiúla.
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Tithíocht shóisialta a chruthú trí fhoirgnimh oifige fholmha a thiontú ina n-árasáin, ag baint úsáid as próiseas/cur chuige ‘Athúsáid Oiriúnaitheach’.

I measc na ndaoine a d’fhreastail ar an seimineár, bhí Príomhfheidhmeannaigh agus oifigigh shinsearacha ó na húdaráis áitiúla laistigh d’Éirinn, oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ionadaithe ó chomhaltaí tofa agus na tionóil réigiúnacha, chomh maith le páirtithe leasmhara éagsúla eile san earnáil rialtais áitiúil.

Déanfar taifeadadh de gach cur i láthair a uaslódáil chuig suíomh gréasáin an CNMI, www.noac.ie

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na tionscadail aonair nó maidir leis an ócáid, déan teagmháil le noac@housing.gov.ie

Léiríonn seimineár ‘Dea-Chleachtas sa Rialtas Áitiúil’ de chuid CNMI sárobair na n-údarás áitiúil

Sé dtionscadal á gcur ar taispeáint ó údaráis áitiúla ar fud na tíre

Inniu an 13 Feabhra 2025 i gCill Chainnigh, reáchtáil an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta (CNMI) a sheachtú seimineár bliantúil ‘Dea Chleachtais sa Rialtas Áitiúil’. Chuir sé údarás áitiúla tionscadail óna gceantair i láthair mar phríomhshamplaí de dhea-chleachtais.

Le deich mbliana anuas, is é CNMI an comhlacht neamhspleách a sholáthraíonn maoirseacht ar an earnáil rialtais áitiúil. D’óstáil an eagraíocht an seimineár seo i gcomhar leis an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil agus leis an gCumann Bainistíochta Contae agus Cathrach.

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt Michael McCarthy, Cathaoirleach CNMI:

“Tugann an ócáid seo deis iontach d’údaráis áitiúla tionscadail a d’fhéadfaí a athchruthú ar fud na hearnála a thaispeáint. Ba mhaith linn na tionscnaimh seo a cheiliúradh agus comhroinnt eolais, smaointe agus bealaí a spreagadh chun feabhas a chur ar shaol na bpobal ar a bhfreastalaíonn siad.

“Tá an earnáil rialtais áitiúil ag athrú ag luas an-tapa agus, i gcaitheamh na mblianta, tá an seimineár seo tagtha chun cinn agus ag fás chun na hathruithe sin a léiriú”.

I measc na sé thionscadal atá i gceist tá:

Comhairle Contae an Chláir

Úsáid na teicneolaíochta chun bainistiú éifeachtach crann, coigilteas costais a sholáthar agus sábháilteacht an phobail a chinntiú.

Comhairle Contae Chorcaí

Páirtíocht agus rannpháirtíocht na n-ealaíon a athnuachan do Chruinniú na nÓg trí chur ar chumas leanaí, an t-úsáideoir deiridh chun é a chlárú.

Comhairle Contae Dhún na nGall

Cleachtais agus próisis ghnó nua a chur i bhfeidhm chun próisis láimhe a athsholáthar, éifeachtúlachtaí a fheabhsú agus costais a laghdú san Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ).

Comhairle Contae Chill Dara

Iarratas a fhorbairt chun a chinntiú go n-íocfar rátaí tráchtála go cruinn agus go tráthúil.

Comhairle Contae na Mí

Toghcháin áitiúla a bheoshruthú chun faisnéis fíor-ama a thabhairt, agus a bheith mar phríomhfhoinse faisnéise agus chun a thaispeáint do shaoránaigh conas a oibríonn toghcháin áitiúla.

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Tithíocht shóisialta a chruthú trí fhoirgnimh oifige fholmha a thiontú ina n-árasáin, ag baint úsáid as próiseas/cur chuige ‘Athúsáid Oiriúnaitheach’.

I measc na ndaoine a d’fhreastail ar an seimineár, bhí Príomhfheidhmeannaigh agus oifigigh shinsearacha ó na húdaráis áitiúla laistigh d’Éirinn, oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ionadaithe ó chomhaltaí tofa agus na tionóil réigiúnacha, chomh maith le páirtithe leasmhara éagsúla eile san earnáil rialtais áitiúil.

Déanfar taifeadadh de gach cur i láthair a uaslódáil chuig suíomh gréasáin an CNMI, www.noac.ie

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na tionscadail aonair nó maidir leis an ócáid, déan teagmháil le noac@housing.gov.ie


Nótaí don Eagarthóir

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é CNMI a bunaíodh faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014 chun maoirseacht a dhéanamh ar earnáil an rialtais áitiúil in Éirinn. Tá raon leathan feidhmeanna aige agus clúdaíonn siad gníomhaíochtaí uile na n-údarás áitiúil, lena mbaineann grinnscrúdú ar fheidhmíocht i gcoitinne, agus feidhmíocht airgeadais go sonrach. Tá ról ag CNMI freisin maidir le tacú le dea-chleachtas, maoirsiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm bheartas náisiúnta an rialtais áitiúil agus monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm pleananna corparáideacha, cloí le comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse agus athchóiriú seirbhíse poiblí ag comhlachtaí rialtais áitiúil.

Táirgeann CNMI raon leathan tuarascálacha ar an earnáil rialtais áitiúil, chomh maith le bheith ina óstach ar imeachtaí ar nós a Sheimineár bliantúil Dea-Chleachtais sa Rialtas Áitiúil agus ceardlanna ar raon leathan ábhar mar sheirbhís do chustaiméirí, coistí iniúchta, pleanáil chorparáideach, gan ach cuid acu a lua.

I dtéarmaí tuarascálacha de, i measc a bpríomh-aschur tá a thuarascáil bhliantúil ar Tháscaire Feidhmíochta a scrúdaíonn 45 táscaire faoi 11 réimse ar leith de thithíocht, bóithre, pleanáil, uisce, dramhaíl/comhshaol, seirbhís dóiteáin, leabharlann/áineasa, óige/pobal, corparáideach, airgeadas agus forbairt eacnamaíoch. Déanann an tuarascáil anailís ar shonraí ó gach údarás áitiúil agus rianaíonn sí a bhfeidhmíocht don bhliain ar leith agus soláthraíonn sí treochtaí thar thréimhse deich mbliana.

Ina theannta sin, déanann sí athbhreithniú ar fheidhmíocht aonair na n-údarás áitiúil trína Phróiseas Iniúchta. Tugann an próiseas seo léargas ar an áit a bhfuil ag éirí go maith le húdarás áitiúil agus ar an áit ar mhaith leis a fheidhmíocht a fheabhsú, chomh maith le béim a leagan ar réimsí dea-chleachtais ar féidir iad a roinnt le húdaráis áitiúla eile.

Pléadh sé thionscadal ag seimineár an lae inniu, ina measc:

Comhairle Contae an Chláir

Tá aip agus deais do shuirbhéireacht ar chrainn forbartha ag Comhairle Contae an Chláir chun léargais a sholáthar ar speicis crann, trastomhas, airde, scaipeadh coróin, aois, riocht struchtúrach, moltaí, catagóir coinneála, agus rátáil riosca.

Feabhsaíonn an tionscnamh seo éifeachtúlacht oibríochtúil, cuireann sé barr feabhais ar leithdháileadh acmhainní, agus cuireann sé go mór le sé pleanáil comhshaoil, ag soláthar tairbhí suntasacha inláimhsithe d’fhorbairt uirbeach inbhuanaithe agus caomhnú éiceolaíoch. Athraíonn an uirlis nuálaíoch seo bainistíocht crann ó bheith imoibríoch go réamhghníomhach, ag seachadadh coigilteas suntasach costais agus ag feabhsú sábháilteacht phoiblí.

Comhairle Contae Chorcaí

Is éard atá i gCruinniú na nÓg ná Lá Náisiúnta Cruthaitheachta na hÉireann do Leanaí agus do Dhaoine Óga. Is tionscadal suaitheanta de chuid Éire Ildánach é agus tá údaráis áitiúla freagrach as gníomhaíochtaí a chur ar fáil ina réimsí riaracháin.

Bhí nach mór gach cuid de Chlár Cruinniú na nÓg 2024 de chuid Chomhairle Contae Chorcaí cláraithe ag leanaí Chontae Chorcaí tríd an Tionscnamh “Mo Mhian Chruthaitheach”. Mar thoradh ar an gcur chuige nua seo i leith an chláir tháinig méadú ar pháirtíocht, rannpháirtíocht fhiúntach, agus ar fheasacht an phobail.

Is éard a bhí i gceist leis an tionscadal ná comhairliúchán óige, trí Mo Mhian Chruthaitheach, le leanaí agus daoine óga Chorcaí chun a riachtanais agus a mianta a fháil amach ó thaobh an chláir de.

Áiríodh leis an bpróiseas:

• Níos mó ná 700 aighneacht faighte ó 36 scoil.

• 17 n-aighneacht bhuaiteacha á roghnú chun sé seachtaine de cheardlanna a fháil le cleachtóirí cruthaitheacha gairmiúla dá ranganna.

• Fuair 13 sa dara háit 4 thicéad chuig ceardlanna blaiseadh i leabharlanna.

Ba é an toradh a bhí ar an tionscnamh ná méadú de 450% ar rannpháirtíocht, rannpháirtíocht níos fiúntaí, méadú ar fheasacht an phobail ar Cruinniú na hÓg agus bhí 75% d’imeachtaí uile na leabharlainne go hiomlán lán mar thoradh ar an obair seo.

Comhairle Contae Dhún na nGall

Ghlac an Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ) i nDún na nGall páirt i dtionscnamh píolótach Barainneach mar dheis chun seirbhís do chustaiméirí a fheabhsú agus chun éifeachtúlachtaí inmheánacha a bhrú chun cinn. Leagann an mhodheolaíocht Barainneach béim ar dhramhaíl a dhíchur, ar fheabhsú leanúnach, agus ar bharrfheabhsú próisis.

Is clár é an tionscnamh Gnó Barainneach a chuireann na OFÁnna ar fáil do chliaint ar ghnólachtaí beaga ar fud na hÉireann iad, rud a spreagann glacadh le prionsabail ghnó Barainneach chun feidhmíocht a mhéadú agus iomaíochas a chur chun cinn.

Ghlac OFÁ Dhún na nGall leis na huirlisí agus na teicnící Barainneach mar dheis, ní hamháin tuiscint níos fearr a fháil ar an gclár atá ar fáil do chliaint ghnó ach freisin mar fheithicil chun athbhreithniú a dhéanamh ar na próisis inmheánacha atá i bhfeidhm san OFÁ, oibríochtaí a fheabhsú agus eagraíocht níos nuálaí a chruthú.

Is éard a bhí i gceist le cur i bhfeidhm Barainneach san Oifig Fiontair Áitiúil ná:

• Rannpháirtíocht na foirne iomláine chun teoiric & cur i bhfeidhm praiticiúil na teicníochta Barainneacha a thuiscint.

• Oiliúint Chaighdeán Deimhnithe an Chreasa Bhuí a sholáthar do 5 sheaimpíní inmheánacha leasmhara.

• Próisis Inmheánacha a mhapáil chun dramhaíl a aithint agus a dhíchur.

• Glacadh le modheolaíocht BARAINNEACH mar uirlis chun próisis a dhigitiú agus a chaighdeánú.

• Úsáid na teicníochta mar chur chuige maidir le réiteach fadhbanna agus feabhsú leanúnach.

• Tionscadail Feabhsúcháin Barainneach a aithint, a roghnú agus a fhorbairt.

Cé go bhfuil sé fós ag céim luath, chuidigh an tionscadal le próisis inmheánacha a athrú ó bhonn, dlús a chur le claochlú digiteach agus feabhas a chur ar sheachadadh seirbhíse.

Mar thoradh ar an tionscnamh seo, rinne OFÁ Dhún na nGall gach próiseas a dhigitiú lena n-áirítear fiosrúcháin, iarratais ar dheontais agus íocaíochtaí deontais, feabhsaíodh amanna freagartha ar sholáthar seirbhísí agus méadaíodh táirgiúlacht. Níos tábhachtaí fós, thairg an mhodheolaíocht creat chun cultúr feabhsaithe leanúnach a chruthú le fócas ar an gcustaiméir.

Comhairle Contae Chill Dara

Is comhoibriú é tionscnamh Chomhairle Contae Chill Dara idir a Roinn Rátaí Tráchtála, CFG agus Foirne Forbartha maidir le feidhmchlár a fhorbairt.

Úsáideann an feidhmchlár tacair sonraí eochracha ar nós GeoDirectory, Sonraí Cead Pleanála, Sonraí Luachála Rátaí, Agresso agus Sonraí Bainistíochta Fiachais chun a chinntiú go bhfuil an Chomhairle ag gabháil do gach réadmhaoin tráchtála nua agus ag uasmhéadú a hioncam rátaí ó bhreis is 5,000 réadmhaoin a ghineann rátaí os cionn €63m.

Cuimsíonn an feidhmchlár freisin feidhmchlár ar fhógra tosaithe chun a chinntiú go ngabhtar aon réadmhaoin inrátaithe nua-thionscanta agus go seoltar iad le haghaidh rátála.

Tá na foirne ag cur leis an obair seo faoi láthair freisin chun an feidhmchlár seo a fheabhsú tuilleadh, agus comhéadan le Tailte Éireann san áireamh.

Chuir an feidhmchlár seo ar chumas na bhfoirne bogadh ó chur chuige bailithe allamuigh go cur chuige hibrideach a chumasaíonn anailís ar aon ghléas in aon suíomh oibre.

Comhairle Contae na Mí

I mí an Mheithimh 2024, reáchtáladh toghcháin áitiúla i ngach ceann de na 31 údarás áitiúil ar fud na hÉireann. Bhí 40 suíochán le líonadh thar sé Cheantar Bardasach sa Mhí le breis agus 90 iarrthóir ag rith, agus Ionad Comhairimh Bhaile Shíomóin ina mhol gníomhaíochta gnóthach.

I measc na ndúshlán a bhí le sárú maidir le cumarsáid le linn an ama seo bhí:

• A chinntiú go mbeadh rochtain ag gach saoránach sa Mhí ar fhaisnéis fíor-ama, is cuma an raibh siad i láthair go fisiciúil nó nach raibh.

• Nuacht a chur ar fáil go pras agus a bheith mar phríomhfhoinse faisnéise le haghaidh nuashonruithe ar líne, go háirithe i bhfianaise leitheadúlacht na meán sóisialta agus an cumas nuacht a sheachadadh láithreach. Áiríodh leis seo dul san iomaíocht le hiarrthóirí, iriseoirí, agus páirtithe leasmhara eile san ionad comhairimh.

• Feasacht na saoránach a ardú faoi oibriú toghcháin áitiúil.

Cé go bhféadfadh na hiarrthóirí, an fhoireann toghcháin agus na meáin áitiúla taithí iomlán a fháil ar an ionad comhairimh agus obair na Comhairle agus an phróisis dhaonlathaigh a fheiceáil go pearsanta, ní raibh an deis seo ar fáil ach do bheagán. Ba é an sprioc a bhí ann ná bealach a aimsiú chun an t-eispéireas seo a thabhairt do shaoránaigh uile na Mí.

Moladh an ócáid a bheoshruthú, coincheap ceannródaíoch do thoghchán áitiúil Éireannach. Tríd an ócáid a bheoshruthú ar ardán fíorúil, cheadódh sé seo an t-ócáid a chur chun cinn ar na meáin shóisialta, rátaí rannpháirtíochta méadaithe agus an próiseas a roinnt le daoine eile nach mbeadh rannpháirteach de ghnáth.

Thug aschur an tionscnaimh deis don lucht féachana ar líne eolas a fháil go comhuaineach leo siúd a bhí i láthair go pearsanta, rud a fhágann gurb í Comhairle Contae na Mí an phríomhfhoinse eolais faoin toghchán áitiúil.

Tá físeán na hócáide ar fáil don phobal agus is féidir é a úsáid mar acmhainn oideachais leis an gcumas an URL a roinnt le hinstitiúidí oideachais ar fud an chontae. Ina theannta sin, is féidir leis an gComhairle an físeán a úsáid le haghaidh ullmhúcháin toghcháin amach anseo.

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Bunaíodh an tAonad um Athúsáid Oiriúnaitheach i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath in 2022 laistigh den Roinn Tithíochta agus Seirbhísí Pobail. Mar aonad nuálaíochta, cuireadh de chúram air meicníocht forbartha tithíochta nua a bhunú a chruthódh tithíocht shóisialta trí réadmhaoin tráchtála fholamha a fháil agus a thiontú ina dtithe.

Is é an tionscadal atá i gceist atá ainmnithe mar shampla chun nuálaíocht agus dea-chleachtas a thaispeáint ná an Tionscadal Athúsáide Oiriúnaitheach ag Cruthú Tithíocht Shóisialta ó Fhoirgnimh Oifige Folamh ar Ché Mhic Liam i mBaile Átha Cliath 4.

Cuireadh an foirgneamh atá i gceist ar fáil ar an margadh in 2023 agus rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath staidéar féidearthachta agus d’fhorbair siad moladh chun na foirgnimh a thiontú ina n-árasáin le húsáid mar thithíocht shóisialta.

Fuarthas maoiniú trí Chlár Infheistíochta Tithíochta Sóisialta RTRÁO chun na foirgnimh a fháil agus iad a thiontú go 15 árasán ar chostas iomlán timpeall €420,000 in aghaidh an árasáin. Léiríonn sé seo luach den scoth ar airgead do sheachadadh tithíochta sóisialta i suíomh réadmhaoine ardluacha.

Fuair Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an foirgneamh oifige folamh i mí an Mhárta 2024 agus tá sé beartaithe 15 árasán tithíochta sóisialta nua a sheachadadh in 2026.

Is bealach éifeachtach é athúsáid foirgneamh atá ann cheana chun tithe nua a chruthú chun spriocanna laghdaithe carbóin a bhaint amach sna blianta amach romhainn, agus tá sé ag teacht leis an gcur chuige atá leagtha amach i dTreochlár Chomhairle Foirgníochta Glas na hÉireann go dtí 2030. Ar bhonn sonrach, tá an foirgneamh atá i gceist suite i limistéar atá aitheanta mar chrios dícharbónaithe ainmnithe agus tá an tionscadal á sheachadadh mar thionscadal gníomhaíochta aeráide eiseamláireach.

Ina theannta sin, baineann an tionscadal le hathúsáid na bhfeisteas agus na daingneáin roimh na príomhoibreacha chun an foirgneamh oifige a thiontú ina n-árasáin. Tagann an tionscadal le dea-chleachtas agus beartas rialtais náisiúnta agus áitiúil maidir leis an ngeilleagar ciorclach.

Úsáideann Oifig um Ghníomhú ar son na hAeráide de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an foirgneamh freisin mar mhol pobail chun gníomhaíocht aeráide a chur chun cinn agus chun tacú leis. Cinnteoidh sé seo gur féidir leas a bhaint as uasacmhainneacht an fhoirgnimh, agus go gcloítear le beartas corparáideach atá dírithe ar dhul i ngleic le tearcúsáid fhoirgnimh fholamha.