English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Líon na nÁras Cónaithe ar cuireadh Tús leo i nDeireadh Fómhair 2024

Tús curtha le 53,256 áras cónaithe sna chéad deich mí de 2024

Tá a cuid sonraí míosúla maidir le líon na bhFógraí Tosaithe (tús curtha le tógáil tithe cónaithe) foilsithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta do mhí Dheireadh Fómhair 2024.

Bhí tús curtha le tógáil 4,249 áras cónaithe i nDeireadh Fómhair 2024. Bhí tús curtha le tógáil 53,256 áras cónaithe sna chéad deich mí de 2024 (Eanáir - Deireadh Fómhair).

Sna 12 mhí roimhe sin (Samhain 2023 go Deireadh Fómhair 2024), cuireadh tús le tógáil 59,510 áras cónaithe.

As na hárais chónaithe go léir a raibh tús curtha lena dtógáil sna chéad deich mí de 2024 (Ean-D.Fómh.), bhí 37% den tógáil sin ar bun ag ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath. De réir údarás áitiúil, is i gCathair Bhaile Átha Cliath (6,655) is mó a cuireadh tús le tógáil ar árais chónaithe go dtí seo i mbliana le Fine Gall (5,368) agus Baile Átha Cliath Theas (4,469) ina dhiaidh sin. Is i Liatroim (91), i gCeatharlach (197) agus i Longfort (243) is lú a cuireadh tús le tógáil ar árais chónaithe.

Is féidir sonraí iomlána faoi líon na n-áras cónaithe ar cuireadh tús lena dtógáil, faoi fhógraí agus faoi theaghaisí aonuaire ar leibhéal náisiúnta agus ag údaráis áitiúla ó 2014 go Deireadh Fómhair 2024 a íoslódáil thíos.

October 2024 Commencements