Leithdháileann an tAire Dillon € 171,162 ar Féach Í Tofa, chun tacú le rannpháirtíocht na mban ó cheantair thuaithe i struchtúir rialtais áitiúil
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair Alan Dillon TD, an tAire Stáit um Pleanáil agus Rialtas Áitiúil, maoiniú €171,162 inniu do Féach Í Tofa (SHE) atá lonnaithe sa Longfort, mar thaca lena chuid oibre maidir le tacú le rannpháirtíocht na mban ón tuath in Éirinn agus í a spreagadh sa pholaitíocht áitiúil.
Agus an maoiniú á fhógairt aige, dúirt an tAire:
“B’ábhar misnigh é toradh na dtoghchán áitiúil i mí an Mheithimh i mbliana ó thaobh rannpháirtíocht na mban sa rialtas áitiúil: ghlac 681 iarrthóir baineann páirt, arbh ionann é sin agus méadú beagnach 18% ar na toghcháin roimhe seo in 2019, agus beagnach trian d’iarrthóirí san iomlán. Is ionann na 247 banchomhairleoir a toghadh agus 26% de chomhairleoirí san iomlán – an céatadán is airde de mhná a toghadh chuig rialtas áitiúil i stair an stáit. Tá neart oibre fós le déanamh, áfach, i dtreo ár gcuspóra go léireodh ár seomraí comhairle go hiomlán na pobail ar a bhfreastalaíonn siad. Tá grúpaí cosúil le Féach Í Tofa riachtanach chun an sprioc sin a bhaint amach.”
Is comhoibriú é Féach Í Tofa idir Nasc na mBan sa Longfort agus 50:50 Thiar Thuaidh, a bunaíodh ar dtús mar fhreagra ar imní faoi ghannionadaíocht na mban ar chomhairlí contae i réigiúin an iarthuaiscirt/lár na tíre. Tá Féach Í Tofa bunaithe ar éiteas na mban ag foghlaim agus ag tacú lena chéile, rud a thugann na scileanna, an t-eolas agus an mhuinín dóibh chun páirt a ghlacadh sa pholaitíocht áitiúil. Mar gheall ar an tóir atá ar an gclár agus ar lucht féachana ceantair níos mó trí sheachadadh ar líne, tá a raon feidhme méadaithe anois ag SHE go dtí an tuath ar fad in Éirinn, agus é ag comhoibriú le húdaráis áitiúla ar fud na tíre.
Dúirt an tAire Dillon:
“Tá maoiniú 100% curtha ar fáil ag mo Roinn do Féach Í Tofa ó bunaíodh é in 2019, agus le himeacht ama tá sé ina phríomhpháirtí inár n-iarrachtaí rannpháirtíocht na mban ó gach gné den saol sa daonlathas áitiúil a chur chun cinn. Chuir an fhoireann SHE go mór leis an rath le déanaí ag an leibhéal áitiúil, agus bhí 40% de bhanchomhairleoirí a toghadh ar an 7 Meitheamh ann a fuair tacaíocht ó SHE, agus líon suntasach iarrthóirí eile a fuair tacaíocht ó SHE agus a chríochnaigh sa dara háit nó a fuair vótaí láidre céadrogha.”
Cuireann Féach Í Tofa raon tacaíochtaí ar fáil do mhná ar spéis leo a bheith páirteach sa rialtas áitiúil, lena n-áirítear forbairt acmhainne agus oiliúint agus foilsiú na treorach A-Z do mhná a bheidh ag seasamh i dtoghcháin áitiúla 2029. Mar aitheantas ar a chuid oibre, in 2021 bronnadh Gradam Eorpach um Nuálaíocht sa Pholaitíocht ar SHE, sa chatagóir Dhaonlathais, agus roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana ainmníodh foireann SHE den Dr Michelle Maher agus Mairéad O’Shea mar bheirt de 100 “Mná 2024” ag an Irish Examiner.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Tá súil agam go leanfaidh an maoiniú seo de bheith ag cabhrú le SHE dul i bhfeidhm ar fhíorathrú. Leanfaidh mé de bheith ag obair go dlúth le SHE - agus lenár bpríomhpháirtithe go léir - i dtreo ár gcuspóra chomhroinnte chun comhionannas níos fearr a bhaint amach ar leibhéal an rialtais is gaire don saoránach.”