Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Sonraí míosúla maidir le Fógraí Tosaithe foilsithe do mhí na Bealtaine

Tá a cuid sonraí míosúla maidir le líon na bhFógraí Tosaithe (tús curtha le tógáil tithe cónaithe) a fuarthas foilsithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta do mhí Bealtaine 2025.

Léiríonn na sonraí gur taisceadh 1,024 fógra tosaithe do thithe nua i mí na Bealtaine 2025.

Ar bhonn atrátha 12 mhí (Meitheamh 2024 go Bealtaine 2025), fuarthas 41,178 fógra tosaithe.

As na 1,024 fógra tosaithe a taisceadh i mí na Bealtaine, ba thithe cónaithe scéime 44% díobh, árasáin 20% díobh agus tithe ar leith 36% díobh.

As na 4,969 fógra tosaithe ar fad sa chéad cúig mhí de 2025 (Eanáir-Bealtaine), bhain 30% díobh le ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath. De réir Údarás Áitiúil, ba i gCathair Bhaile Átha Cliath a cuireadh tús leis an líon ba mhó tithe (1,105), agus Contae Chorcaí (444) agus Dún na nGall (322) ina dhiaidh sin.

Is féidir teacht ar an tacar sonraí iomlán na dtosaithe ar:

May Commencements 2025.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat