'Mná i mbun na polaitíochta ar bhealach difriúil – Cácas Áitiúil nó Réigiúnach a fhorbairt do chomhairleoirí ban'
- Foilsithe: 4 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Roimh Lá Náisiúnta na mBan an 8 Márta, sheol Peter Burke T.D., an tAire Stáit sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta inniu "Mná i mbun na polaitíochta ar bhealach difriúil – Cácas Áitiúil nó Réigiúnach a fhorbairt do chomhairleoirí ban – spéis a aithint agus tacaíochtaí féideartha a scrúdú”, píosa taighde a rinne Comhairle Náisiúnta na mBan (NWCI).
Ag labhairt ag an seoladh, d’fháiltigh an tAire Burke roimh an taighde a thugann aghaidh, a dúirt sé, ‘ar an gceist maidir le tacú le mná ar éirigh leo ina bhfeachtas áit a bhaint amach sa rialtas áitiúil’.
Dúirt an tAire go rachaidh cácais do chomhairleoirí ban chun leasa ghnó rialtais áitiúil trí chomhroinnt eispéiris, eolais agus éachtaí, agus ag an am céanna ag tacú le comhairleoirí ban agus ag cur comhghleacaíochta chun cinn i measc grúpaí go háitiúil.’ Tá treoirlínte curtha le chéile ag Comhairle Náisiúnta na mBan freisin chun cabhrú agus tacú leis na baill tofa agus leis na húdaráis áitiúla ina n-iarrachtaí.
Chun cuidiú tuilleadh le bunú na gcácas seo ar fud na tíre, d’fhógair an tAire go bhfuil maoiniú ceadaithe aige chun cabhrú le cácais den sórt sin a bhunú. D’fhéadfadh an maoiniú sin cabhrú le cácais a chur i bhfeidhm i réimsí mar éascaitheoirí neamhspleácha a fhostú, tacaíocht riaracháin agus costais reatha.
Ghabh an tAire buíochas le Comhairle Náisiúnta na mBan as an obair thábhachtach seo, ag rá go raibh an eagraíocht ina comhpháirtí luachmhar dá Roinn agus í ag scrúdú na mbacainní a bhíonn ar mhná rannpháirtíocht a bheith acu sa rialtas áitiúil, agus ag í ag tabhairt spreagadh do bhearta atá dírithe ar níos mó ban a bheith páirteach i bpolaitíocht ar leibhéal áitiúil.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire
"Táim tiomanta rannpháirtíocht na mban sa rialtas áitiúil a mhéadú, agus comhairleoirí ardoilte a choinneáil agus muid ag tabhairt aghaidh ar Thodhcháin Áitiúla 2024. Creidim gur gá an obair a dhéanamh anois agus tugann píosaí taighde mar seo treochlár dúinn chun timpeallacht níos fearr a chruthú do chomhairleoirí ban".
Críoch