English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Molann Feachtas Fáisnéise Eolais Nua d'Iarratais ar Scéim Iasachta Tí Údaráis Áitiúil

• Breis is €555 milliún in iasachtaí dáilte go dtí seo

Sheol an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien, feachtas fáisnéise inniu ag spreagadh daoine atá ag iarraidh teach nua, nó athláimhe nó chun a dteach féin a thógáil, iarratas a dhéanamh ar Iasacht Tí Údaráis Áitiúil.

Morgáiste arna thacú ag an Rialtas is ea Iasacht Tí Údaráis Áitiúil do cheannaitheoirí céaduaire inchairde (nó do dhaoine ag déanamh tús úr i ndiaidh colscaradh, idirscaradh nó féimheacht) atá ar fáil ar bhonn náisiúnta ón údarás is cóngaraí. Cumasaíonn sé iarratasóir chun suas le 90% de luach na réadmhaoine a fháil ar iasacht.

Leagfaidh an feasacht, a bheidh ar raidió, digiteach agus ar na meáin shóisialta, béim ar Iasacht Tí Údaráis Áitiúil mar fhoinse airgeadais inmharthana, dóibh san ag iarraidh dul ar an dréimire réadmhaoine, ach go háirithe dóibh san nach bhfuil tar éis a bheith in ann airgeadas a fháil ó sholáthraithe morgáistí traidisiúnta.

Dúirt an tAire O'Brien:

"Ag croílár bheartais tithíochta an rialtais, tá inacmhainneacht agus an deis úinéireacht ar theach a bhaint amach. Tá an Iasacht Tí Údaráis Áitiúil ar cheann de réimse tionscnaíochta a sholáthraíonn cúnamh airgeadais inbhraite dóibh san atá iarraidh a gcéad teach a cheannach.

"Go dtí seo, tá breis is 3,350 teaghlach tar éis iarratas rathúil a dhéanamh ar an scéim, tar éis morgáiste faoi thacaíocht an Rialtais a fháil agus a tar éis dteach féin a cheannach.

"Níos luaithe i mbliana, rinneamar feabhasanna suntasacha don iasacht trí bhuaicphraghas na dtithe a mhéadú do gach limistéar údaráis áitiúil agus na huasteorainn intofachta ioncaim a mhéadú d'iarratasóirí agus dá bhrí sin baineann sé le bonn níos leithne le níos mó daoine cáilithe chun iarratas a dhéanamh.

Táim ag moladh d'aon duine atá ag iarraidh dul ar an dréimire réadmhaoine ach atá tar éis tairiscintí neamhleora airgeadais a fháil féachaint ar an rogha d'iarratas a dhéanamh ar Iasacht Tí Údaráis Áitiúil. "

Is é www.localauthorityhomeloan.ie suíomh gréasáin an fheachtais tithíochta.

CRÍOCH


Eolas Breise

Is éard atá i gceist le Morgáiste Údaráis Áitiúla na morgáiste faoi thacaíocht an rialtais do cheannaitheoirí céaduaire agus iarratasóirí ‘tús úr’. Tá sé ar fáil ar bhonn náisiúnta ó d'údarás áitiúil. Is féidir é a úsáid chun réadmhaoin nua nó athláimhe a cheannach nó le haghaidh féin-tógáil. Soláthraíonn Morgáiste Údaráis Áitiúla suas le 90% de luach na réadmhaoine. Dearbhaíonn an suíomh ina bhfuil an réadmhaoin lonnaithe uasmhéid na hiasachta.

Is morgáiste gnáthchaipiteal agus usmhara í an iasacht a aisíoctar trí dhochar díreach ar bhonn míosúil.

Is gá don iarratasóir fianaise a chur ar fáil go ndearna dhá bhanc nó chumann foirgníochta tairiscintí neamhleora airgeadais.

Is iad uasmhéid na luachanna de réadmhaoin gur féidir iad a cheannach nó féin-tógáil a dhéanamh orthu ná:

• €360,000 i mBaile Átha Cliath, Cill Dara nó Cill Mhantáin, nó

• €330,000 i gCorcaigh, sa Ghailleamh, an Lú nó an Mhí, nó

• €300,000 sa Chlár, Cill Chainnigh, Luimneach, Port Láirge, an Iarmhí nó Loch Garman, nó

• €275,000 i gCeatharlach, an Cabhán, Dún na nGall, Ciarraí, Laois, Liatroim, Longfort, Maigh Eo, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach nó Tiobraid Árann.

Teorainn ioncaim le haghaidh gach iarratasóir i ngach limistéar údaráis áitiúil:

• €70,000 do gach iarratasóir aonair ar bhonn náisiúnta

• €85,000 do gach comhiarratasóir ar bhonn náisiúnta


Prionsabal 'Tús Úr

Freastalaíonn an Iasacht Tí Údaráis Áitiúil ar cheannaitheoirí céaduaire ach baineann an Prionsabal 'Tús Úr' leis chomh maith - mar sin tá sé féideartha go mbeadh daoine atá colscartha, idirscartha go dleathach/idirscartha nó tá críoch leis an gcaidreamh agus níl suim ag an duine in áras an teaghlaigh, in ann iarratas a dhéanamh faoin scéim seo. Chomh maith leis sin, beidh iarratasóirí atá tar éis a bheith gafa le himeachtaí dócmhainneachta pearsanta nó féimheachta cheanna ábalta iarratas a dhéanamh ar an Scéim Iasachta Tí Údaráis Áitiúil.