English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ordú lá vótaíochta sínithe ag an Aire O’Brien

Rinne an tUasal Darragh O’Brien, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ordú inniu lena gceaptar Dé hAoine, 29 Samhain 2024 mar lá na vótála agus uaireanta an chloig ó 07.00 a.m. go 10.00 p.m. mar uaireanta na vótála ag an Olltoghchán.

Chun seasamh i dtoghchán do Dháil Éireann, ní mór d’iarrthóir a bheith ina shaoránach d’Éirinn agus a bheith 21 bliain d’aois ar a laghad faoin lá vótála. Féadfaidh duine é nó í féin a ainmniú mar iarrthóir nó féadfaidh duine atá cláraithe mar thoghthóir sa dáilcheantar lena mbaineann an duine sin a ainmniú, ach toiliú a fháil uaidh nó uaithi. Ní mór d’iarrthóir nach bhfuil deimhniú cleamhnachta polaitíochta (deimhniú gur iarrthóir de chuid pháirtí polaitíochta atá cláraithe i gClárú na bPáirtithe Polaitíochta é an duine lena mbaineann) aige nó aici a (h)ainmniúchán a chur i gcrích trí cheachtar den rogha seo a leanas a úsáid: trí mhodh aontuithe ó 30 aontaitheoir (toghthóirí cláraithe) sa dáilcheantar ábhartha, óna dteastaíonn dearbhuithe reachtúla a chomhlánú ina leith sin, nó trí mhodh éarlais €500 atá le taisceadh leis an gceann comhairimh ag an iarrthóir nó ag duine éigin thar ceann an iarrthóra.

Is é an tráth is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh 12 meán lae Dé Sathairn an 16 Samhain 2024. Féadfaidh iarrthóirí a n-ainmniúcháin a tharraingt siar suas go 12 meán lae Dé Luain an 18 Samhain 2024.

Tá gach duine ar saoránach Éireannach nó Briotánach é nó í agus atá curtha san áireamh i gclár na dtoghthóirí i dteideal vóta a chaitheamh san Olltoghchán; tá breis is 3.5 milliún duine i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin na Dála faoi láthair.

Clárú Vótálaithe

Tá am fós ag duine atá incháilithe chun vótáil ach nach bhfuil cláraithe mar thoghthóir iarratas a dhéanamh ar iontráil i gclár na dtoghthóirí. Chun a bheith incháilithe chun vóta a chaitheamh ní mór do dhuine a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine ar an lá vótála nó roimhe sin agus gnáthchónaí a bheith orthu sa dáilcheantar inar mian leo vóta a chaitheamh. Ní mór dóibh freisin a bheith ar Chlár na dToghthóirí.

Moltar do gach duine seiceáil go bhfuil a sonraí ceart agus cothrom le dáta ag www.checktheregister.ie. Má tá sonraí duine éigean i gceart, ní gá a thuilleadh a dhéanamh agus eiseofar cárta faisnéise votaíochta ar ball.

Is féidir le toghthóirí nach bhfuil ar an gclár, nó ar gá dóibh a sonraí a nuashonrú, toisc gur bhog siad chuig teach nua, mar shampla, amhlaidh a dhéanamh trí iarratas ar líne a chur isteach ag www.checkthereigster.ie nó trí fhoirm a chur isteach lena n-údarás áitiúil. Tá foirmeacha iarratais ábhartha ar fáil ó Chomhairlí Cathrach, Contae nó Cathrach agus Contae (is iad seo na húdaráis chlárúcháin) nó ar líne ag www.checktheregister.ie.

Ní mór d’iarratais chomhlánaithe a bheith faighte ag an údarás clárúcháin don cheantar ina bhfuil cónaí ar dhuine faoi Dé Máirt an 12 Samhain 2024.

Má tá duine incháilithe chun vótáil tríd an bpost, nó mura bhfuil siad in ann vótáil go pearsanta mar gheall ar bhreoiteacht nó a mhíchumas agus má tá cónaí air nó uirthi in ospidéal, i dteach altranais, i saoráid mheabhairshláinte nó in institiúid dá macasamhail, agus mura bhfuil siad ar Liosta na Vótálaithe Poist nó na Vótálaithe Speisialta, de réir mar is cuí, is féidir leo cur isteach ar chuimsiú ar na liostaí siúd. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratais a fháil Dé Domhnaigh an 10 Samhain 2024. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó Chomhairlí Cathrach, Contae nó Cathrach agus Contae agus ar líne ag www.checktheregister.ie.

Déanfar an vótáil, chun 173 comhalta a thoghadh don 34ú Dáil (seachas an Ceann Comhairle, a mheastar le bheith tofa gan aon toghchán), sna 43 dáilcheantar a shonraítear san Acht Toghcháin (Leasú) 2023

Tá tuilleadh eolais maidir le cúrsaí toghcháin agus maidir leis an olltoghchán ar fáil ag: Item was unpublished or removed