English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Orduithe an Lá Vótaíochta déanta do na toghcháin Eorpacha agus áitiúla agus don toghchán do Mhéara Luimnigh

Rinne an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an tUasal Darragh O’Brien, T.D., orduithe inniu (05 Aibreán 2024) lena cheap sé Dé hAoine an 7 Meitheamh 2024 mar an lá vótaíochta agus na huaireanta 7.00a.m. go 10.00p.m. mar uaireanta vótaíochta na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, na dtoghchán áitiúil agus an toghcháin do Mhéara Luimnigh.

Tá Barry Ryan, Príomhoifigeach sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ceaptha ag an Aire mar Phríomhcheann Comhairimh do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Tá cinn chomhairimh ceaptha aige freisin do na trí thoghcheantar de chuid Pharlaimint na hEorpa ina bhfuil 14 Feisire de Phairlaimint na hEorpa (FPE) le toghadh don téarma parlaiminteach 2024 2029.

Beidh an tUasal Fergus Gallagher, Sirriam Chontae Bhaile Átha Cliath, ina cheann comhairimh do Thoghlach 4 shuíochán Bhaile Átha Cliath. Beidh Marian Chambers Higgins, Cláraitheoir Chontae na Gaillimhe, ina ceann comhairimh do Thoghlach 5 shuíochán an Láir Tíre - an Iarthuaiscirt. Beidh an tUasal Martin Harvey, Sirriam Chathair Chorcaí, ina cheann comhairimh do Thoghlach 5 shuíochán an Deiscirt. Tá na trí thoghcheantar sonraithe san Acht Toghcháin (Leasú), 2023.

Ainmniúcháin iarrthóirí sa toghchán Eorpach

Sna laethanta amach romhainn tabharfaidh na cinn chomhairimh do na trí thoghlach Eorpacha fógra poiblí faoi na hamanna chun ainmniúcháin a ghlacadh agus faoi na riachtanais iarratais.

Ainmniúcháin iarrthóirí sa toghchán áitiúil

Tabharfaidh cinn chomhairimh na n-údarás áitiúil do thoghcháin áitiúla fógra poiblí freisin faoi na hamanna chun ainmniúcháin a ghlacadh agus faoi na riachtanais iarratais.

Ainmniúcháin iarrthóirí sa toghchán do Mhéara Luimnigh

Tabharfaidh an ceann comhairimh don toghchán do Mhéara Luimnigh fógra poiblí freisin faoi na hamanna chun ainmniúcháin a ghlacadh agus faoi na riachtanais iarratais.

Clárú Vótálaithe

Tá am fós ag duine atá incháilithe chun vótáil ach nach bhfuil cláraithe mar thoghthóir iarratas a dhéanamh ar iontráil i gclár na dtoghthóirí. Chun a bheith incháilithe chun vótáil ní mór do dhuine a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine ar nó roimh an lá vótaíochta agus a bheith ina ghnáthchónaí/gnáthchónaí sa toghlach inar mian leo vótáil. Ní mór dó/di a bheith ar Chlár na dToghthóirí freisin.

Moltar do gach duine a sheiceáil go bhfuil a chuid/cuid sonraí ceart agus cothrom le dáta ag www.checktheregister.ie

Is féidir le vótálaithe incháilithe nach bhfuil ar chlár na dtoghthóirí, nó iad siúd gur gá a gcuid sonraí a nuashonrú, mar shampla toisc gur bhog siad teach, é seo a dhéanamh trí iarratas ar líne a chur isteach ag. www.checkthereigster.ie nó trí fhoirm a sheoladh chuig a n-údarás áitiúil. Tá foirmeacha iarratais ábhartha ar fáil ó Chomhairlí Cathrach, ó Chomhairlí Contae agus ó Chomhairlí Cathrach agus Contae (is iad seo na húdaráis chlárúcháin) nó ar líne ag www.checktheregister.ie

Ní mór iarratais chomhlánaithe a bheith faighte ag an údarás clárúcháin don cheantar ina bhfuil cónaí ort faoi Dé Luain, an 20 Bealtaine 2024.

Má tá duine incháilithe chun vótáil tríd an bpost, nó mura bhfuil sé/sí in ann vótáil go pearsanta mar gheall ar bhreoiteacht nó míchumas agus go bhfuil cónaí air/uirthi in ospidéal, i dteach altranais, i saoráid mheabhairshláinte nó in institiúid dá samhail, agus mura bhfuil sé/sí ar Liosta na Vótálaithe Poist nó ar Liosta na Vótálaithe Speisialta, de réir mar is cuí, d'fhéadfadh leis/léi iarratas a dhéanamh roimh Dé Sathairn, an 11 Bealtaine 2024 chun a bheith curtha san áireamh sna liostaí sin. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó Chomhairlí Cathrach, Contae nó Cathrach agus Contae agus ar líne ag www.checktheregister.ie.

Póstaeir thoghcháin

Agus socruithe do thoghcháin áitiúla 2024 socraithe anois, shoiléirigh an tAire an tréimhse ama inar féidir le hiarrthóirí póstaeir toghcháin a thaispeáint. Ní féidir le hiarrthóirí póstaeir a chur suas ach amháin ón 8 Bealtaine 2024, is é sin 30 lá roimh an dáta vótaíochta. Ní mór d’iarrthóirí gach póstaer a bhaint laistigh de 7 lá ón vótaíocht.