Orduithe déanta ag an Aire O’Brien chun dátaí agus amanna d’olltoghchán Sheanad Éireann a shocrú
- Foilsithe: 15 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá Orduithe déanta ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, lena socraítear na dátaí agus na hamanna, mar a leagtar amach thíos, d’olltoghchán na gComhaltaí chuig Seanad Éireann atá le teacht.
Faoi Airteagal 18.8 den Bhunreacht ní mór olltoghchán don Seanad a bheith ann tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis lánscor na Dála. Rinneadh an 33ú Dáil a lánscor le forógra an Uachtaráin an 8 Samhain 2024, agus dá bhrí sin, ní mór toghchán an tSeanaid a bheith ann tráth nach déanaí ná an 6 Feabhra 2025. 60 comhalta a bhíonn sa Seanad, agus an Taoiseach a ainmníonn 11 acu. Téitear in iomaíocht in olltoghchán do na 49 suíochán eile – líontar 43 shuíochán trí thoghchán do rolla-chomhaltaí agus 6 shuíochán trí thoghcháin do chomhaltaí ollscoile. I gcás rolla-chomhaltaí agus comhaltaí ollscoile araon, ceanglaítear ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ordú a dhéanamh laistigh de 7 lá tar éis lánscor na Dála lena socraítear dátaí agus amanna do na céimeanna leantacha sa phróiseas toghcháin.
Rolla-Chomhaltaí
- Rachaidh an tréimhse ainmniúcháin ag Comhlachtaí Ainmniúcháin in éag ag meán lae Dé Céadaoin an 18 Nollaig 2024.
- Rachaidh an tréimhse ainmniúcháin ag comhaltaí an Oireachtais in éag ag meán lae Dé Máirt, an 31 Nollaig 2024.
- Suífidh Ceann Comhairimh an tSeanaid chun na rollaí a chomhlánú Dé Céadaoin an 8 Eanáir 2025.
- Eiseofar na páipéir bhallóide chuig na toghthóirí Dé Céadaoin an 15 Eanáir 2025.
- Dúnfar an vótáil ar 11.00 a.m., Dé Déardaoin an 30 Eanáir 2025.
Comhaltaí Ollscoile
- Rachaidh an tréimhse ainmniúcháin i dtoghcheantair na n-ollscoileanna in éag Dé hAoine an 6 Nollaig 2024.
- Eiseofar na páipéir bhallóide chuig na toghthóirí Dé Luain an 30 Nollaig 2024.
- Dúnfar an vótáil ar 11.00 a.m., Dé Céadaoin an 29 Eanáir 2025.
Faoi láthair, in olltoghcháin an tSeanaid, toghtar an seisear Comhaltaí Ollscoile ag dhá thoghcheantar trí shuíochán, Ollscoil na hÉireann (OÉ) agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath (ar a bhfuil céimithe, agus iad siúd a bhfuil Scoláireachtaí Fondúireachta nó Scoláireachtaí nach Scoláireachtaí Fondúireachta iad faighte acu ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath). Faoi Acht Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile) (Leasú) 2024, aon Orduithe lena dtugtar éifeacht do thráthchláir agus do dhátaí vótaíochta do Shuíocháin Ollscoile in Olltoghcháin an tSeanaid, a dhéanfar tar éis an 21 Márta 2025, is do thoghcheantar nua ‘Ardoideachais’ sé shuíochán a dhéanfar iad. Leathnófar an ceart vótála chun Seanadóirí ‘Ard-Oideachais’ a thoghadh ó chéimithe Ollscoil na hÉireann agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath go dtí céimithe uile na nInstitiúidí Ainmnithe Ardoideachais in Éirinn ar saoránaigh Éireannacha iad a bhfuil céim acu agus atá 18 mbliana d’aois nó níos sine. Is é an tÚdarás Clárúcháin Lárnach (CRA) a bheidh freagrach as Clár na dToghthóirí a chothabháil.
ENDS
Nóta d'Eagarthóirí
Tá sonraí maidir leis an gcaoi a dtoghtar an Seanad, lena n-áirítear eolas maidir le Comhlachtaí Ainmniúcháin, Rolla-Chomhaltaí agus na Toghthóirí leagtha amach sa bhileog seo: