English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn An tAire Noonan iarratais do Shéasúr Fiach Fia 2021/2022 agus fáiltíonn sé roimh shealgairí ar ais faoin tuath chun tacú le bainistíocht inbhuanaithe fianna

D’fhógair An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go bhfuil foirmeacha iarratais agus nótaí treoracha do Shéasúr Fiach Fia 2021/2022 ar fáil anois ar láithreán gréasáin an NPWS.

Tá an NPWS ag iarraidh a chinntiú go ndéileáiltear le gach iarratas go tráthúil agus tá bearta curtha i bhfeidhm aige chun an méid is lú cur isteach a chinntiú, in ainneoin srianta leanúnacha Covid-19. Is féidir iarratais a chur i ríomhphost nó a sheoladh sa phost anois ag baint úsáide as an bhfoirm iarratais chuí agus, cosúil leis an séasúr seo caite, ní bheidh aon riachtanas ann maidir le síniú úinéara talún ach caithfear sonraí úinéara talún a sholáthar ar an bhfoirm iarratais.

Ag trácht dó ar an ngá le próiseas iarratais níos rianúla agus ag fáiltiú roimh shealgairí ar ais faoin tuath, dúirt An tAire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchán, Malcolm Noonan, T.D.:

“Bhí an bhliain seo caite an-dúshlánach maidir le ceadúnais seilge fianna a riaradh mar gheall ar an bpaindéim COVID-19. I mbliana, tá athruithe déanta againn chun próiseas níos rianúla a chinntiú agus táimid muiníneach go mbeimid in ann déileáil leis an éileamh a thiocfaidh as séasúr 2021/2022. Laghdaíodh ár ngluaiseacht go léir mar gheall ar an bpaindéim agus laghdaíodh gníomhaíocht seilge go mórmhór an séasúr seo caite. De réir mar a laghdaíonn srianta, ba mhaith liom fáilte a chur roimh shealgairí ar ais faoin tuath agus aon duine a bhfuil spéis acu sa bhfiach a spreagadh chun teagmháil a dhéanamh leis na grúpaí ábhartha. Tá líon mór fianna flúirseach ar fud cuid mhaith den tír, agus in áiteanna áirithe is féidir leo damáiste fairsing a dhéanamh do ghnáthóga, do choillearnacha dúchasacha, d’fhoraoisí adhmaid tráchtála agus do bharra curaíochta. Le blianta fada, bhí mé i mo veigeatóir tiomanta agus i mo ghníomhaí cearta ainmhithe. Creidim freisin, áfach, gur féidir le fiach freagrach, leis an oiliúint, an mhaoirseacht, an trealamh agus – ar ndóigh – an ceadúnas ceart brúnna ar bhithéagsúlacht a laghdú agus tionchar dearfach foriomlán a bheith acu ar an dúlra trí chabhrú le daonraí fianna a bhainistiú ar leibhéal inbhuanaithe, in éagmais creachadóirí.”

D’athdhearbhaigh an tAire Noonan a thiomantas oiliúint éigeantach deimhniúcháin a thabhairt isteach do shealgairí céaduaire:

“Tá mo Roinn tiomanta oiliúint éigeantach deimhniúcháin a thabhairt isteach do shealgairí céaduaire. Bhí sé beartaithe é a thabhairt isteach le haghaidh séasúr 2021/22 ach ar an drochuair, b’éigean an tionscadal seo, cosúil leis an oiread sin eile ar fud gach earnáil den tsochaí, a chur siar mar gheall ar an bpaindéim leanúnach COVID-19. Tá go leor oibre déanta go discréideach chun an bhunchloch a chur i bhfeidhm don tionscadal seo agus tabharfar an tionscadal seo isteach nuair a bheidh sé inmharthana agus sábháilte é seo a dhéanamh do gach duine lena mbaineann, agus cinnteoidh mo Roinn go ndéanfar é a sheachadadh ar an gcaighdeán is airde is féidir.”

Faoi na hAchtanna Fiadhúlra, tá gá le ceadúnais bhliantúla chun fianna a fhiach le linn an tSéasúir Oscailte, is í sin an tréimhse inar féidir fianna a lámhach go dlíthiúil. Feidhmíonn an Séasúr Oscailte go ginearálta ón 1 Meán Fómhair i mbliain ar leith go 28 Feabhra an bhliain dár gcionn, ag brath ar speiceas agus inscne na bhfianna. Eisítear thart ar 5,500 ceadúnas seilge fianna gach séasúr, agus baineann thart ar 1,000 acu le hiarrthóirí céaduaire.

Críoch