English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistiú Dóiteáin & Éigeandála faoi aimsir fhuar a d’fhéadfadh cur isteach go mór ar dhaoine

Dé hAoine an 3 Eanáir 2025

Tháinig an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistiú Dóiteáin & Éigeandála, Met Éireann agus réimse páirtithe leasmhara eile le chéile maidin inniu chun an aimsir fhuar atá geallta agus a chuirfidh isteach ar dhaoine sna laethanta amach romhainn a phlé.

Tá Met Éireann ag tuar go mbeidh aimsir an-fhuar agus shioctha ann sna laethanta amach romhainn agus táthar ag súil le báisteach, flichshneachta agus sneachta. Táthar ag súil go dtitfidh go leor sneachta in áiteanna sa tír agus is iad seo a leanas a bheidh mar thoradh air sin:

• Beidh cúrsaí taistil go dona

• Ní bheidh feiceálacht go maith

• Is dócha go gcuirfear isteach agus go gcuirfear moill ar iompar poiblí (aer, iarnród, bus)

• Beidh sé deacair siúl

• Beidh ceisteanna maidir le leas ainmhithe i gceist

Tá an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistiú Dóiteáin & Éigeandála i mbun idirchaidreamh leanúnach le Met Éireann agus tá sé ag coinneáil súil ar an gcás.

Tá Foirne Measúnaithe Drochaimsire na nÚdarás Áitiúil (SWATanna) ag coinneáil súil ar chúrsaí go háitiúil agus tá a bhfoirne práinnfhreagartha réidh ag na hÚdaráis Áitiúla le freagairt nuair is gá. Tá sé deimhnithe ag Bonneagar Iompair Éireann go bhfuil dóthain soláthairtí salainn ar fáil, agus leanfaidh údaráis áitiúla ar aghaidh ag cur salann ar bhóithre agus ar chosáin i lárionaid uirbeacha nuair is féidir.

Tá sé deimhnithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair go bhfuil na húdaráis iompair phoiblí ar an airdeall agus iad ag súil go bhféadfadh cur isteach a bheith i gceist le linn an deireadh seachtaine.

Is iad seo a leanas na rabhaidh aimsire atá i bhfeidhm ag Met Éireann faoi láthair:

Rabhadh Aimsire Buí Báistí agus Sneachta i gCorcaigh agus i gCiarraí

Bailí: Ón 13:00 Dé Sathairn go dtí 17:00 Dé Domhnaigh. D’fhéadfadh tuilte a bheith i gceantair ar leith.

Rabhadh Aimsire Oráiste Sneachta-Seaca i gCeatharlach, i gCill Chainnigh, i gCill Mhantáin, i gContae an Chláir, i Luimneach, i dTiobraid Árann

Bailí: Ón 17:00 Dé Sathairn go dtí 17:00 Dé Domhnaigh.

Rabhadh Aimsire Buí Sneachta-Seaca i gCúige Laighean, i gContae an Chabháin, i nDún na Gall, i Muineachán, i gContae an Chláir, i Luimneach, i dTiobraid Árann, i bPort Láirge agus i gCúige Chonnacht

Bailí: Ón 17:00 Dé Sathairn go dtí 17:00 Dé Domhnaigh.

ULLMHACHT AGUS COMHAIRLE

Leag Keith Leonard, Stiúrthóir Náisiúnta na Stiúrthóireachta Náisiúnta um Bainistiú Dóiteáin & Éigeandála béim ar an méid seo a leanas:

“Tá drochdhálaí taistil i ndán don chuid is mó den tír sna laethanta amach romhainn. Beidh cúrsaí tiomána contúirteach, fiú agus grean curtha ar bhóithre - mar sin impím ar dhaoine a luas a laghdú, tiomáint go cúramach, a bheith airdeallach ar dhaoine eile a bheidh ag úsáid an bhóthair agus am breise a thabhairt dóibh féin dá dturas. Tá sé tábhachtach go mbeadh tiománaithe a bheidh ag tabhairt faoi thurais níos faide airdeallach ar chúrsaí feadh an bhealaigh ós rud é go bhféadfadh athrú mór a bheith ar an aimsir in áiteanna éagsúla sa tír.

Is féidir le cosáin a bheith thar a bheith contúirteach agus sleamhain mar gheall ar shioc agus, mar sin, bí cúramach agus tú amuigh ag siúl.

D’fhéadfadh an tréimhse seo d’aimsir fhuar cur isteach ar sheirbhísí iompair phoiblí freisin, mar sin mholfainn do dhaoine seiceáil le hoibreoirí seirbhíse chun an t-eolas is déanaí a fháil a bhaineann lena gceantar féin.

Maidir le daoine a chodlaíonn amuigh le linn na tréimhse fuaire seo, tá an Roinn i mbun cumarsáide le Ceannairí Réigiúnacha maidir lena dTionscnaimh Aimsire Fhuair agus thug comhairle dóibh faoin drochaimsir a bhfuiltear ag súil léi. Feidhmíonn Tionscnaimh Aimsire Fhuair ar fud na n-údarás áitiúil go léir chun leapacha éigeandála breise a chur ar fáil do dhaoine a chodlaíonn amuigh nuair is gá — ag cinntiú gur féidir úsáid a bhaint as leapacha sealadacha breise ar fud raon seirbhísí agus saoráidí atá ann cheana, do dhaoine aonair agus do lánúineacha a dteastaíonn siad uathu le linn tréimhsí aimsire fhuair.

Mar fhocal scoir, mholfainn do gach duine den phobal a bheith níos cúraimí agus iad i mbun a gcuid gníomhaíochtaí go léir agus féachaint ar láithreán gréasáin Met Éireann agus ar an láithreán gréasáin Bí Ullamh don Gheimhreadh chun níos mó tuairiscí agus comhairle atá cothrom le dáta a fháil.”

Áirítear an méid seo a leanas i gcomhairle bhreise maidir le sábháilteacht phoiblí:

• Déan cúram do dhaoine aosta, daoine leochaileacha agus comharsana atá scoite amach.

• Moltar do dhaoine ullmhú don tréimhse dhrochaimsire seo agus a chinntiú go bhfuil a bhfón póca luchtaithe go hiomlán le go mbeidh siad ábalta cumarsáid a dhéanamh le daoine eile.

• Coinnigh d’fhón luchtaithe agus tabhair leat é ar gach turas. Glaoigh ar 999 nó 112 i gcás éigeandála

• Coinnigh súil ar réamhaisnéisí Met Éireann agus/nó tabhair cuairt ar met.ie chun an t-eolas is déanaí a fháil. Tá eolas ar fáil ar fud ardáin meán sóisialta agus ar fud foinsí meán nuachta eile.

• Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Éigeandála BSL ag an uimhir 1800 372 999. Is féidir leis an bpobal súil a choinneáil ar www.powercheck.ie/

• Cuirtear tuilleadh comhairle ar fáil ar an láithreán gréasáin Bí Ullamh don Gheimhreadh maidir le hullmhú do dhrochaimsir.

• Is féidir le custaiméirí Uisce Éireann a láithreán gréasáin agus a chaineál meán sóisialta a sheiceáil chun an nuacht is déanaí a fháil agus is féidir leo teagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann faoi aon fhadhb nó ábhar imní a bheadh acu trína n-ionad cúraim do chustaiméirí 24/7 ar an uimhir 1800 278 278. Is féidir le daoine clárú ar líne freisin le córas foláirimh téacs saor in aisce chun an nuacht is déanaí a fháil go rialta faoina soláthairtí áitiúla - féach www.water.ie.

• Moltar d‘fheirmeoirí gach réamhchúram a ghlacadh agus iad ag déileáil le beostoc agus iad ag obair astu féin seans.

• Coinnigh súil ar an eolas is déanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an aimsir ar chlinicí siúil isteach agus ar sheirbhísí eile.