Scoláireachtaí nua chun níos mó tacaíochta a chur ar fáil d’Oidhreacht Dhomhanda EOECNA
- Foilsithe: 2 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Scoláireachtaí nua chun níos mó tacaíochta a chur ar fáil d’Oidhreacht Dhomhanda EOECNA
Tá rannpháirtíocht, oideachas agus forbairt acmhainne maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda á neartú ag Éirinn trí dhá chlár scoláireachta nua arna mbunú ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (SSN) i gcomhar leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC) agus leis an gcomhlacht comhairleach atá bunaithe sa Róimh ICCROM (Lár-Ionad Idirnáisiúnta um Staidéar ar Chaomhnú agus Athchóiriú na Maoine Cultúrtha).
Sna trí bliana amach romhainn, maoineoidh Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta scoláireachtaí le haghaidh saoránaigh as Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha (SIDS) agus le haghaidh saoránaigh an Aontais Eorpaigh a bhfuil cónaí orthu in Éirinn chun freastal ar an gclár COBÁC um Oidhreacht Dhomhanda. Cumhdófar leis na scoláireachtaí táillí teagaisc do chéimeanna Máistreachta i gCaomhnú agus Bainistiú Oidhreachta Domhanda COBÁC a bhféadfar freastal orthu go pearsanta agus ar líne. Leis an gClár COBÁC um Oidhreacht Dhomhanda, tugtar deis do rannpháirtithe an t-eolas agus na scileanna a fhorbairt atá riachtanach chun tuiscint a fháil ar fheidhmiú Choinbhinsiún um Oidhreacht Dhomhanda EOECNA agus le haghaidh cinnteoireachta i réimsí a bhaineann le hainmniú agus caomhnú maoine Oidhreachta Domhanda chomh maith le saincheisteanna um bainistiú oidhreachta níos leithne.
Ina theannta sin, rannchuideoidh SSN deontas scoláireachta bliantúil le ICCROM, atá deartha go sonrach chun cabhrú le gairmithe oidhreachta ón Afraic agus SIDS. Sna trí bliana amach romhainn, rannchuideoidh SSN deontas scoláireachta bliantúil le ICCROM, atá deartha go sonrach chun tacú le rannpháirtíocht na ngairmithe oidhreachta ón Afraic agus ó na Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus i réigiún an Aigéin Chiúin i ngníomhaíochtaí forbartha acmhainne ICCROM. Tá na gníomhaíochtaí seo ríthábhachtach chun cur chun feidhme an Choinbhinsiúin um Oidhreacht Dhomhanda a neartú ar leibhéil áitiúla agus náisiúnta agus cuireann siad eispéiris tumfhoghlama ar fáil chomh maith le deiseanna chun bheith rannpháirteach i suíomhanna Oidhreachta Domhanda agus comhoibriú le comhghleacaithe idirnáisiúnta agus foghlaim uathu.
Tá an tacaíocht mhéadaithe a chuirtear ar fáil leis an dá scoláireacht nua seo ag teacht le fís na Straitéise um Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn, atá le teacht, a sholáthróidh creat le haghaidh rannpháirtíocht agus tacaíocht na hÉireann le hOidhreacht Dhomhanda EOECNA sna deich mbliana amach romhainn.
Comhlánaíonn siad freisin Straitéis na hÉireann don Afraic go dtí 2025 Dara Straitéis na hÉireann maidir le Comhpháirtíocht le Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha (SIDS).
Maidir le bunú an chiste scoláireachta, dúirt an tAire Stáit Dúlra, Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, Malcolm Noonan TD:
“Údar bróid dom go bhfuil ár dtacaíocht don Oidhreacht Dhomhanda á méadú againn, a bhfuil luach uilíoch agus tábhacht ag baint léi don chine daonna. Is ceart go nglacann Éire a páirt go hiomlán chun a chinntiú gur féidir leis an bpobal domhanda feabhas a chur ar an gcumas chun an oidhreacht seo a thuiscint agus a chosaint ar bhealach níos fearr. Ag na cruinnithe a bhí agam níos luaithe i mbliana le Lazare Eloundou Assomo, Stiúrthóir Lár-Ionad Oidhreachta Domhanda EOECNA, gheall mé go méadófar tacaíocht na hÉireann. Táimid ag baint amach an ghealltanais sin anois trínár dtiomantais don Afraic agus do Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha a ailíniú lenár n-uaillmhian Oidhreachta Domhanda féin. Lenár dtacaíocht don tionscnamh seo, i gcomhpháirtíocht le COBÁC agus ICCROM, chomh maith lenár maoiniú le haghaidh faireacháin ar an Oidhreacht Dhomhanda in Gaza agus san Úcráin áit a bhfuil oidhreacht i mbaol mór damáiste, léirítear ár dtiomantas don Oidhreacht Dhomhanda a bhfuil meas againn go léir uirthi.”
Dúirt an tOllamh Aidan O’Sullivan, Ceann Scoil na Seandálaíochta, COBÁC:
“Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh na Scoláireachtaí Oidhreachta Domhanda SSN. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh scoláirí chuig an gclár. Tá súil againn, a bhuí leis an tionscnamh iontach seo, go neartóidh siad a bpróifíl, go rachaidh an fhoghlaim agus an chomhroinnt eolais lena bpiaraí chun tairbhe go mór dóibh agus go rachaidh siad ar aghaidh agus tionchar a bheith acu ar bhainistiú oidhreachta agus ar an tsochaí ar fud an domhain.”
Dúirt Aruna Francesca Maria Gujral, Ard-Stiúrthóir ICCROM:
“Is ardán agus ceangal é ICCROM chun oidhreacht a nascadh le daoine. Cuirimid feabhas ar ár gcleachtais san oidhreacht trí nascadh agus foghlaim le daoine éagsúla. Tá Éire ar thús cadhnaíochta maidir le léiriú conas is féidir le comhoibriú idirnáisiúnta tacú le forbairt acmhainne bhríoch, rud a fhéadfaidh na naisc sin a éascú agus na líonraí a neartú a choinníonn ár n-earnáil sláintiúil agus faoi bhláth. Táim fíorbhuíoch as an tiomantas atá ag Éirinn don ról tábhachtach atá ag ICCROM maidir le forbairt acmhainne dár n-oidhreacht agus dár dtodhchaí.”
Tá tuilleadh sonraí faoi na scoláireachtaí ar fáil ar shuíomh gréasáin COBÁC
CRÍOCH