Seolann tionscadal nua maidir le hathchóiriú bogach glao le haghaidh rannpháirtíochta pobail
- Foilsithe: 27 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Iarrtar léirithe spéise ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí áitiúla chun suíomhanna bogaigh atá le hathchóiriú a shainaithint.
- Tacóidh foireann Tóchair san tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra le hiarratasóirí rathúla a dtailte a athchóiriú trí mhaoiniú a chur ar fáil le haghaidh obair shuirbhéireachta, pleanáil athchóirithe, léirmhínithe agus oideachais nó gníomhaíochtaí athchóirithe ar an láthair.
- Tá úinéirí talún, pobail agus grúpaí áitiúla i gCríoch Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir incháilithe don ghlao seo.
Is tionscadal athchóirithe bogaigh trí bliana é Tóchar atá cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach trí Chlár Chiste an AE um Aistriú Cóir. Tagann an t-ainm Tóchar ó na céadta cosán nó tóchar ársa a leag ár sinsir trasna na bportach, agus beidh an tionscadal ag freastal ar an bpobal, ag tabhairt rannpháirtithe ar aistear athchóirithe dúlra.
Agus é ag cur fáilte roimh sheoladh an ghlao ar Léirithe Spéise, dúirt an tAire Stáit le freagracht as Dúlra, Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, Malcolm Noonan TD:
“Is cuid den aistear cóir aistrithe i dtreo na haeráid-neodrachta é athchóiriú na mbogach, aistear inar féidir leis an dúlra a pháirt a ghlacadh le raon leathan de sheirbhísí éiceachórais a chur ar fáil, lena n áirítear réitigh dhúlra-bhunaithe ar oiriúnú agus ar mhaolú don athrú aeráide. Ach is féidir sólás a fháil sa dúlra, soláthraíonn sé tairbhí sláinte agus áineasa, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i gcóngaracht an dúlra agus láithreáin bhogaigh a bhfuil bail mhaith orthu. Tá sé riachtanach bogaigh a athchóiriú mar chuid den Aistriú Cóir agus baineann buntáistí iomadúla le rannpháirtíocht an phobail i mbun an chineáil sin gníomhaíochta. Tá lúcháir orm an glao ar Léirithe Spéise don Scéim Athchóiriú Bogach an Tóchair a fhógairt agus táim ag tnúth lena thorthaí sna blianta beaga atá romhainn.”
Dúirt an Comhairleoir Catherine Fitzgerald, Cathaoirleach Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár na Tíre:
“Is deis iontach é an glao seo ar léirithe spéise do dhaoine aonair, d’úinéirí talún agus do phobail ról gníomhach a bheith acu chun difríocht a dhéanamh. Trí nádúr agus ár dtailte móna a athchóiriú le chéile, is féidir linn athléimneacht aeráide agus todhchaí níos inbhuanaithe a chruthú dúinn féin agus do na glúnta atá le teacht.”
Dúirt Clare Bannon, Stiúrthóir Gníomhach EMRA:
“Tá EMRA ag obair go dlúth le foireann an NPWS le roinnt míonna anuas, agus táimid ag tnúth leis na chéad chéimeanna eile de réir mar a bheidh daoine ar fud an réigiúin páirteach agus gafa le hathchóiriú bogaigh. Tá athchóiriú na dtailte móna ar cheann de na príomhspriocanna insoláthartha atá againn agus muid ag obair chun an pobal a thabhairt trí aistriú cóir a scaoilfidh leis an spleáchas ar mhóin mar bhreosla iontaise. San iomlán beidh €12m á chaitheamh ag an tionscadal le linn a shaolré."
“Tá súil againn go nglacfaidh daoine páirt i dTóchar, ionas gur féidir linn comhoibriú agus caidreamh a chothú le chéile leis an talamh agus na bogaigh. Bíonn athchóiriú an dúlra agus feabhsú ar athléimneacht an phobail fite fuaite ina chéile, rud atá thar a bheith tábhachtach le linn an ama seo den athrú aeráide. Ní mór dúinn aire a thabhairt don talamh agus dá coimeádaithe, lena n-áirítear na bogaigh agus a n-úsáideoirí i limistéar an AE um Aistriú Cóir,” a dúirt Shirley Clerkin, Bainisteoir Tionscadail Tóchair.
Dúirt Niall Ó Donnchú, Ard-Stiúrthóir leis an NPWS:
“Braithimid ar phrionsabail na rannpháirtíochta agus an chomhoibrithe agus muid ag forbairt tionscnaimh chun an dúlra a athchóiriú. Tá Athchóiriú Bogach Tóchair sna céimeanna tosaigh maidir lena chur i bhfeidhm i lár na tíre agus i gcríoch an Aistriú Cóir. Iarann na Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra go mbeadh rannpháirtíocht leathan sa scéim seo, lena chinntiú go mbíonn tionchar dearfach ag an infheistíocht i mbogaigh agus a bpáirtithe leasmhara ar an oiread pobal agus is féidir.”
Chun tús a chur leis an bpróiseas, d’oscail Tóchar glao ar léirithe spéise d’úinéirí talún, do phobail agus do ghrúpaí baint gníomhach a bheith acu maidir le hathchóiriú an dúlra do bhogaigh ar fud limistéar an AE um Aistriú Cóir. Cuimsíonn Ceantar Aistrithe um Chóir an AE ceantair bhardasacha i gContae na hIarmhí, Contae Uíbh Fhailí, Contae an Longfoirt, Contae Ros Comáin, Contae na Gaillimhe (Béal Átha na Sluaighe), Contae Thiobraid Árann (Carraig na Siúire, Durlas) agus Contae Chill Dara (Baile Átha Í, Claonadh agus Maigh Nuad).
Is éard atá i mbogaigh limistéir ina bhfuil ithir clúdaithe le huisce, nó ina bhfuil uisce ar an dromchla nó gar don dromchla an bhliain ar fad nó ar feadh tréimhsí éagsúla i rith na bliana. Tá éagsúlacht leathan bogach fionnuisce i lár na tíre níos leithne, mar riasca, eanaigh, portaigh, calaí agus locháin, agus tá ról ríthábhachtach ag gach ceann acu san éiceolaíocht, sa mhaolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, cáilíocht uisce, timpeallachtaí sláintiúla, pobail áitiúla agus geilleagair. Is féidir an dúlra i gcroílár na bpobal ar fud chríoch an AE um Aistriú Cóir a athbhunú leis na sochair gaolmhara sin le tacaíocht ó Tóchar.
Chun tacú le rannpháirtithe ar an aistear athchóirithe seo, tá foirm léirithe spéise céim ar chéim simplí cruthaithe ag Tóchar. Leanfaidh foireann Tóchar leis an gcúnamh riachtanach chun tionscadail a chur chun cinn, bíodh sé sin trí obair shuirbhéireachta, trí phleanáil athchóirithe, trí léirmhíniú agus trí oideachas nó trí ghníomhaíochtaí athchóirithe ar an láthair.
Chun sliocht a thabhairt ón údar, Robin Wall Kimmer:
“Déanaimid an talamh a athchóiriú, agus athchóiríonn an talamh muidne” faigheann an tionscadal inspioráid ón smaoineamh nach féidir athchóiriú éiceolaíoch agus athcheangal daoine agus an tírdhreach a dhealú. Eascraíonn dóchas agus dearfacht as gníomh, agus tá súil ag foireann an tionscadail gur féidir le roinnt pobal a bheith páirteach i ngníomh fóinteach ar an láthair.
“Is é an chéad chéim ná teagmháil a dhéanamh linn, an fhoirm léirithe spéise a líonadh, agus cibé eolas atá agat a thabhairt dúinn, ionas gur féidir linn an nascadh agus an comhoibriú a thosú” a mhol Monica Byrne, as Tóchar.
Tá an tionscadal á bhainistiú ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra le hoifig tionscadail i mBiorra, Co. Uíbh Fhailí. Is é Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár na Tíre (EMRA), atá ina Údarás Bainistíochta do Chiste an AE um Aistriú Cóir.
Comhlánaigh an fhoirm léirithe spéise anseo nó chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost le do thoil chuig monicambyrne@npws.gov.ie
Ba cheart léirithe spéise a sheoladh ar ais trí ríomhphost chuig tocharwetlands@npws.gov.ie nó sa phost chuig Scéim Athchóirithe Bogach an Tóchair, SPNF, Ionad Teicneolaíochta Bhiorra, Sráid Bhreandáin, Biorra, Co. Uíbh Fhailí R42 HX39 faoi 31 Deireadh Fómhair 2024
Críoch