Sonraí Tosaithe na Míosa le haghaidh Bealtaine Foilsithe
- Foilsithe: 20 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Déardaoin, an 20 Meitheamh 2024
D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Údaráis Áitiúil agus Oidhreachta a gcuid sonraí ar líon na bhFógraí Tosaithe (tógáil tithe atá tosaithe) le haghaidh Bealtaine 2024.
Léiríonn na sonraí gur cuireadh tús le 32,121 aonad sa chéad cúig mhí de 2024, níos mó ná a dhá oiread – ardú 147% – ó 12,987 sa tréimhse chéanna in 2023. Tá an líon don chéad cúig mí de 2024 anois ag 98% den líon iomlán (32,801) le haghaidh 2023 ar fad.
Le 12 mí anuas (Meitheamh 2023 go dtí Bealtaine 2024) cuireadh tús le 51,935 aonad, ardú do 86% ó 27,855 sa 12 mí roimhe sin (Meitheamh 2022 go Bealtaine 2023).
Le haghaidh Bealtaine 2024, bhí fógraí tosaithe ann le haghaidh 1,983 teach nua. Seo laghdú 35% ar an mBealtaine seo caite, nuair a cuireadh tús le 3,059 aonad agus baineann an laghdú seo leis an tarscaoileadh thobhach forbartha agus leis an aisíoc ar tháille cheangail Uisce Éireann a tháinig i bhfeidhm in Aibreán 2023 chun tuilleadh forbartha a chur chun cinn agus chun go mbeadh níos mó tionscadal inmharthana.
Bhí deireadh le cur leis na bearta seo in Aibreán 2024 agus mar sin mar as thugtar le fios le fianaise, cuireadh tús le líon mór tosaithe in Aibreán 2024 nuair a bhí an spriocdháta seo ag teannadh linn. Baineann an laghdú ar líon na bhfógraí tosaithe in Bealtaine 2024 leis an líon mór gníomhaíochtaí ar tugadh tús áite dóibh in Aibreán.
Toisc go raibh na tarscaoilte chomh héifeachtach sin maidir le tús áite a thabhairt do ghníomhaíochtaí, rinneadh iad a leathnú amach ar bhonn sealadach.
Is féidir teacht ar an tacar sonraí tosuithe iomlán ag: Staitisticí Gníomhaíochta Tógála anseo
CRÍOCH
Preasoifig na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil
Fón: (01) 888 2638 (díreach)
Ríomhphost: press@housing.gov.ie
Suíomh gréasáin: gov.ie/housing
Twitter: @DeptHousingIRL
Cláraigh le haghaidh an Nuachtlitir Ríomhiris Tithíocht do Chách anseo:
https://subscribepage.io/housingforallezine