English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tithíocht do Chách – Staidéar ar Chostas Tógála Cónaithe foilsithe ag tacú le soláthar tithíochta atá inbhuanaithe go heacnamaíoch san fhadtéarma

D’aontaigh an Chomh-aireacht inniu (Déardaoin 4 Bealtaine) go bhfoilseofaí an Tuarascáil ar Staidéar ar Chostas Tógála Cónaithe, tionscnamh comhpháirteach de chuid Ghrúpa na hEarnála Foirgníochta agus an rialtais faoin straitéis Tithíocht do Chách. Cuireann an staidéar bearta chun cinn maidir le costas tógála cónaithe a laghdú agus caighdeánú i ngníomhaíochtaí tógála cónaithe a mhéadú.

Is gné eile den phlean Tithíocht do Chách é an staidéar – ag déileáil go sonrach le táirgiúlacht, laghdú costais agus nuálaíocht san earnáil tógála chun cabhrú le soláthar tithíochta a dhéanamh níos inbhuanaithe ó thaobh na heacnamaíochta san fhadtéarma.

Comhlánaíonn na gníomhartha seo raon gníomhaíochtaí eile i dTithíocht do Chách chun cabhrú le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch a bhaint amach lena n-áirítear Modhanna Nua-Aimseartha Tógála a fhorbairt agus bunú ‘ConstructInnovate’, an t-ionad teicneolaíochta tógála nua arna óstáil ag Ollscoil na Gaillimhe.

Ag fáiltiú roimh an tuarascáil, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien:

“Cé go bhfuilimid dírithe ar go leor de na dúshláin phráinneacha atá romhainn i gcúrsaí tithíochta, táimid tiomanta freisin d'earnáil fhoirgníochta láidir fhadtéarmach a fhorbairt a fhorbróidh margadh tithíochta feabhsaithe agus inbhuanaithe ó thaobh méide agus luacha de. Cuireann an tuarascáil seo go mór leis an obair sin.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine ón Earnáil Foirgníochta – lena n-áirítear ionadaithe ón gCumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann (CSCÉ), Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (IRAÉ), Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta (CTF) agus an Ghníomhaireacht Bainistíochta an Rialtais Áitiúil (GBRÁ), Grúpa na hEarnála Foirgníochta (GEF) - agus leis an raon leathan rannpháirtithe tionscail, rialtais áitiúil agus na hearnála poiblí a thug a gcuid ama agus a saineolais don staidéar seo agus táim ag tnúth le comhoibriú leanúnach leo le linn fhorbairt agus chur i bhfeidhm na ngníomhartha seo.”

Maidir le forbairt chónaithe, is ionann costais tógála atá comhdhéanta den chuid is mó d'ábhair dhíreacha agus saothair agus thart ar 50% de na costais forbartha iomlána. Tá an staidéar seo dírithe ar na costais tógála amháin agus aithníonn sé obair atá déanta, agus tuilleadh oibre le déanamh, chun scrúdú a dhéanamh ar an 50% eile de chostais forbartha, ar a dtugtar costais bhog uaireanta (mar shampla: costais ceannaithe suíomhanna, táillí gairmiúla, costas maoinithe, corrlaigh, CBL, margaíocht).

Thug an staidéar faoi chur chuige comparáideach idirnáisiúnta ag baint úsáide as ceithre thionscadal cás-staidéir Éireannacha – teach scéime leathscoite trí sheomra leapa, foirgneamh árasán fo-uirbeach, foirgneamh árasán uirbeach agus foirgneamh cóiríochta saintógtha do mhic léinn. Cuireadh costais i mBaile Átha Cliath i gcomparáid le Birmingham, Beirlín, Cóbanhávan agus Utrecht. Fuarthas roinnt torthaí agus sonraítear iad sa tuarascáil iomlán, mar aon le moltaí agus gníomhartha le cur i bhfeidhm.

Nuair a rinneadh costáil i gcathracha na hEorpa atá inchurtha le hÉirinn bhí an costas a bhain leis an árasán céanna a thógáil mar a chéile a bheag nó a mhór. Bhí an costas a bhain leis an teach céanna a thógáil 15% níos lú in Birmingham. Baineann gníomhartha molta chun costais tógála a laghdú le sonraíocht (caighdeánú, tíopeolaíochtaí agus bailchríocha) agus scóip na n-oibreacha (daingneáin agus feistis, fearas) agus méid agus leagtar amach go mion iad sa tuarascáil.

Tá cur chuige comhoibríoch leis an tionscal chun cur chuige caighdeánaithe a fhorbairt maidir le dearadh agus tógáil tithíochta ar féidir leo treoir a thabhairt do dhearadh tionscnamh beartais agus a úsáidfear mar dhea-chleachtas ag an tionscal sna gníomhartha chun na deiseanna laghdaithe costais a shainaithnítear sa tuarascáil a bhaint amach.

Nótaí

Geallann Tithíocht do Chách gur gá an córas tithíochta a chur ar bhonn fadtéarmach atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de, Tá na costais a bhaineann le tógáil chónaithe ard i gcónaí agus ní mór dul i ngleic leo chun margadh tithíochta atá ag feidhmiú a chumasú, go háirithe maidir le tógáil árasáin.

Gníomh 19.1 Gheall Tithíocht do Chách Anailís a dhéanamh ar gach gné de chostas tógála a bhaineann le forbairt tithe agus árasán, bunaithe ar chomparáidí idir chostas le tíortha ón AE atá inchurtha le hÉirinn. Is comhghrúpa de chuid na hEarnála Tógála agus de thionscnamh rialtais é an staidéar, arna éascú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

D’ainmnigh an GEF Grúpa Stiúrtha i mí an Mhárta 2022 chun maoirseacht a dhéanamh ar an staidéar, ar a bhfuil ionadaithe ó Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (IRAÉ), Cumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann (CSCÉ), Gníomhaireacht Bainistíochta an Rialtais Áitiúil (GBRÁ) agus Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta (CTF). Tar éis próisis soláthair phoiblí, ceapadh comhairleoir eacnamaíocht foirgníochta, Mitchell McDermott, i mí Iúil 2022.

Chuathas i gcomhairle go forleathan le hearnáil na Tionsclaíochta le linn an staidéir lena n-áirítear rannpháirtíocht le Coiste Stiúrtha Ghrúpa na hEarnála Foirgníochta agus ceardlanna tionscail agus earnála poiblí.

Is iad na príomhghníomhartha a aithníodh sa tuarascáil ná:

• a chinntiú go gcuirfear torthaí an staidéir seo san áireamh agus bearta beartais á bhforbairt amach anseo. Cur chuige caighdeánaithe a fhorbairt maidir le dearadh tithíochta le cur i bhfeidhm níos leithne chun beartas a chur ar an eolas agus chun leagan amach simplithe a spreagadh

• sonraíochtaí a fhorbairt do chineálacha caighdeánaithe áitribh

• clár oiliúna agus feasachta a sheachadadh, maidir le tionchar costais na n-ábhar agus na bailchríocha a úsáidtear go coitianta san earnáil tógála cónaithe agus an acmhainneacht le haghaidh réitigh dearaidh eile atá ar ardchaighdeán, nuálach agus éifeachtach ó thaobh costais de chun cuidiú leis an bpróiseas pleanála agus forbartha

• sonraíochtaí deartha caighdeánaithe a fhorbairt do chóiríocht na mac léinn

• modhanna nua-aimseartha tógála a chur chun cinn trí leanúint le forbairt caighdeánaithe ar fud na gcomhpháirteanna tógála éagsúla, modhanna tógála nualaíoch lena n-áirítear sonraí tógála foinse oscailte agus cur chuige dearaidh Dearadh Déantúsaíochta agus Cóimeála (DDC) a chur chun cinn

• athbhreithniú a dhéanamh ar chomh-thógáil ballaí seachtracha, measúnú agus tástáil a dhéanamh ar roghanna eile maidir le hoiriúnacht, lena n-áirítear duille seachtrach, do dhálaí aeráide na hÉireann, do thithe nua agus d’fhoirgnimh árasáin

• ag cur leis an staidéar seo agus le staidéir roimhe seo, costais tógála agus costais ‘boga’ (m.sh. táillí, talamh) a ionchorprú i gcostas forbartha foriomlán

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, léigh Tuarascáil ar Staidéar ar Chostas Tógála Cónaithe.