Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta


Cad í an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta

Is cineál tacaíochta tithíochta í an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta a sholáthraíonn d’údarás áitiúil.

Déanann údaráis áitiúla íocaíocht chíosa mhíosúil le do thiarna talún.

Íocann tú ranníocaíocht sheachtainiúil i leith an chíosa leis an údarás áitiúil.

Ligeann an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta duit oibriú go lánaimseartha, agus tacaíocht tithíochta a fháil fós.

Conas cáiliú

Caithfidh d’údarás áitiúil tú a cheadú le haghaidh tacaíochta tithíochta sóisialta.

Má tá tú ar liosta tithíochta d’údaráis áitiúil cheana féin, beidh tú incháilithe le haghaidh Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta.

Aistreofar faighteoirí an Fhorlíonta Cíosa a cháilíonn le haghaidh tacaíochta tithíochta sóisialta ó Fhorlíonadh Cíosa go Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta.

Féadfaidh d’údarás áitiúil seiceáil an gcáilíonn tú le haghaidh tacaíochta tithíochta sóisialta agus Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta.

Déan teagmháil le d’údarás áitiúil.

Na Rátaí Íocaíochta

Tá an ranníocaíocht cíosa bunaithe ar ioncam do theaghlaigh. Ríomhtar é ar an mbealach céanna leis an gcíos a íocann tionónta ar mhaoin faoi úinéireacht údaráis áitiúil.

Déanfaidh d’údarás áitiúil íocaíocht mhíosúil go díreach le do thiarna talún, ar an gCéadaoin deireanach de gach mí.

Tá teorainneacha le haghaidh Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta bunaithe ar líon na ndaoine i dteaghlach agus ar an margadh cíosa sa cheantar.

Tá solúbthacht theoranta ag údaráis áitiúla dul os cionn teorainneacha cíosa i roinnt cásanna.

Féadfaidh tú tuilleadh faisnéise faoi na teorainneacha a bhaineann le do theaghlach a fháil ó d’údarás áitiúil .

Do thiarna talún agus do thionóntacht

Féadfaidh d’údarás áitiúil Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta a dhéanamh nuair a fhaigheann sé foirm iarratais bhailí uait féin agus ó do thiarna talún. Má bhogann tú isteach i réadmhaoin roimhe seo, beidh ort aon chíos atá dlite a íoc tú féin.

Tá an íocaíocht faoi réir téarmaí agus coinníollacha lena n-áirítear teorainneacha cíosa.

Ní hé an t-údarás áitiúil do thiarna talún. Is é do thiarna talún an duine a ndéanann tú an comhaontú cíosa leis.

Caithfidh tú do ranníocaíocht cíosa a íoc le d’údarás áitiúil nó féadfar Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta le do thiarna talún a chur ar fionraí agus iad a stopadh sa deireadh.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoi do chearta agus do fhreagrachtaí mar thionónta a fháil ar láithreán gréasáin an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe.

Do chóiríocht a fháil

Caithfidh tú maoin phríobháideach ar cíos a fháil atá laistigh de theorainneacha cíosa Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta. Cuirfidh d’údarás áitiúil in iúl duit cad iad na teorainneacha cíosa.

Má tá an cíos míosúil a comhaontaíodh le do thiarna talún níos mó ná an teorainn chíosa don cheantar, caithfidh tú an difríocht a íoc go díreach le do thiarna talún.

Déanfaidh d’údarás áitiúil iniúchadh ar do chóiríocht laistigh de ocht mí ón gcéad Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta lena chinntiú go gcomhlíonann do chóiríocht na caighdeáin tithíochta ar cíos.

Má aimsíonn tú cóiríocht i gceantar údaráis áitiúil eile, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an rannán Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta den údarás áitiúil atá agat faoi láthair chun comhairle a fháil.

Conas iarratas a dhéanamh

Más iarratasóir nua thú ar thacaíocht tithíochta sóisialta, ní mór duit foirm iarratais ar Thacaíocht Tithíochta Sóisialta a chomhlánú ar dtús, foirm atá ar fáil ó d’údarás áitiúil.

Ní mór duit ansin d’fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig d’údarás áitiúil mar aon leis na doiciméid go léir a theastaíonn chun do chás a mheas.

Gheobhaidh tú liosta de na doiciméid sin ar fhoirm iarratais ar thacaíocht tithíochta sóisialta d’údaráis áitiúil.

Má fhaomhtar thú le haghaidh tacaíocht tithíochta sóisialta, nó má tá tú ar liosta tithíochta d’údaráis áitiúil cheana féin, ansin féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar líne le haghaidh Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta. Mura bhfuil tú in ann iarratas a dhéanamh ar líne, féadfaidh tú foirm iarratais ar Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta a iarraidh ar d’údarás áitiúil.

Ná déan iarratas ar Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta go dtí an tráth tar éis duit lóistín a aimsiú. Caithfidh an tiarna talún aontú lena réadmhaoin a ligean ar cíos do thionónta Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta.

Má tá Forlíonadh Cíosa (FC) á fháil agat agus má tá tú i dteideal tacaíocht tithíochta sóisialta a fháil, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta le haghaidh do lóistín reatha. Ní mór do do thiarna talún glacadh leis an scéim Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta.

Tar éis duit agus do thiarna talún glacadh le tionóntacht, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar líne chomh luath agus is féidir. Ní mór do do thiarna talún foirm ar líne a líonadh isteach freisin.

Conas íoc

Ní mór duit clárú le hoifig Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta d’údaráis áitiúil.

Féadtar do ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil Scéime Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) a asbhaint trí na modhanna seo a leanas:

  • An Post (Asbhaint Buiséad Teaghlaigh)
  • Buanordú bainc

Roimh íocaíocht a dhéanamh trí mhodh íocaíochta eile, le do thoil déan cinnte nach raibh do chíos ÍCT bainte go huathoibríoch ó do bhainc ná oifig an phoist.

Mura n-asbhaintear do chíos seachtainiúil ÍCT go huathoibríoch, bain úsáid as ceann de na modhanna seo a leanas chun íocaíocht a dhéanamh:

  • Íoslódáil an aip ÍCT chun íocaíocht a dhéanamh, chun féachaint ar do chuntas agus chun ráiteas a íoslódáil (aitheantas agus pasfhocal d’fhaighteoir ÍCT ag teastáil).
  • Ar líne ag baint úsáid as an tairseach Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta (aitheantas agus pasfhocal d’fhaighteoir ÍCT ag teastáil).
  • Glaoigh ar 061-556600 (aitheantas agus pasfhocal d’fhaighteoir ÍCT ag teastáil).
  • Cárta Íocaíochta Bille ÍCT (eisithe laistigh de 10 lá ón lá ar thosaigh sé) in aon Oifig an Phoist nó aon siopa a thaispeánann an comhartha PostPoint chun do chíos seachtainiúil a íoc.

Is féidir do shiopa áitiúil PostPoint a aimsiú ar www.postpoint.ie/store-locator.

Aistríodh tairseach Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta go córas nua íocaíochta ar an ngréasán.

Beidh ort do sheoladh ríomhphoist a chlárú agus pasfhocal a chruthú.

Nuair a úsáideann tú an tairseach chun íoc ar líne, bainfidh tú úsáid as d’aitheantas faighteora/custaiméara um Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta agus as an bpasfhocal a chruthaigh tú.

Tabhair faoi deara gur féidir leat ráiteas do chuntais ar líne féin um Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta a ghiniúint agus a íoslódáil tríd an tairseach Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta. Is féidir an tairseach a úsáid freisin chun riaráistí a ghlanadh nó chun do chíos seachtainiúil ÍCT a íoc ar líne, más gá.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat