Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Cóiríocht don Lucht Siúil

Cad í Cóiríocht don Lucht Siúil

Ceanglaítear le hAcht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998 ar gach údarás áitiúil, tar éis próiseas comhairliúcháin, cláir chóiríochta rollta 5 bliana a ullmhú, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais chóiríochta reatha agus réamh-mheasta an Lucht Siúil ina gceantair.

Soláthraíonn na cláir seo treochlár do thosaíochtaí infheistíochta na nÚdarás Áitiúil thar thréimhse an Chláir. Tá siad mar bhunús le leithdháileadh maoinithe ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Conas cáiliú

Cuirtear cóiríocht ar fáil don Lucht Siúil thar raon roghanna agus is féidir leis an Lucht Siúil aon chineál cóiríochta a roghnú.

Ina measc seo tá:

  • tithíocht chaighdeánach údaráis áitiúil, a mhaoinítear ó leithdháiltí caipitil na Roinne do thithíocht shóisialta
  • cóiríocht phríobháideach ar cíos
  • tithíocht phríobháideach le cúnamh ó údaráis áitiúla nó eagraíochtaí deonacha
  • cóiríocht a bhaineann go sonrach leis an Lucht Siúil a fhaigheann maoiniú caipitil 100% ón Roinn. Cuimsíonn cóiríocht a bhaineann go sonrach leis an Lucht Siúil scéimeanna tithíochta grúpa agus láithreáin stad.

Seo a leanas na Treoirlínte maidir le cóiríocht don Lucht Siúil:

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat