English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Ciste na Struchtúr Stairiúil


Tá oidhreacht thógtha uathúil ag Éire arardchaighdeán – tá ár bhfoirgnimh agus struchtúir stairiúla mar chuid ríthábhtach d’ár n-oidhreacht náisiúnta. Tá beagnach caoga míle foirgneamh ann atá faoi chosaint ar fud na hÉireann. Tá géarghá ag roinnt mhaith acu siúd ar infheistíocht, chun a dheimhniú go gcaomhnaítear iad agus go leanfar ar aghaidh le húsáid a bhaint astu ionas go mbeidh siad mar chuid bheo dár stair agus dár saol pobail amach anseo.

Cé go bhfuil an príomhfhreagracht ar an úinéir cúram agus caomhnú an fhoirgnimh atá faoi chosaint, tá caipiteal riachtanach á infheistiú ag an gCiste um Struchtúir Stairiúla inár n-oidhreacht thógtha luachmhar agus tá sé ina chúnamh do shealbhóirí agus do choimeádaithe struchtúr stairiúil chun cosaint a thabhairt dóibh amach anseo ar mhaithe le leas an phobail.

Is iad príomhaidhmeanna an chiste seo:

  • éascú le hoibreacha caomhnaithe ar scála níos airde a bheith curtha i gcrích ar struchtúir oidhreachta a mheastar a bheith suntasach agus tacaíocht phráinneach ag teastáil uathu.
  • spreagadh a thabhairt d'athghiniúint agus d'athúsáid réadmhaoine oidhreachta agus chun cabhrú leis an caomhnú struchtúr cosanta agus/nó sócmhainní atá suntasach go cultúrtha;
  • tacaíocht a thabhairt d’infheistíocht de mhaoiniú príobháideach i dtionscadail dhlúthshaothair a bhfuil sé d’aidhm acu struchtúir stairiúla atá i seilbh phríobháideach agus poiblí araon a chaomhnú i gcomhair úsáid an phobail.
  • tacaíocht a thabhairt d’fhostaíocht sna tionscail chaomhnaithe agus tógála.
  • tógáil athléimneachta inár maoine oidhreachta chun cur ar a gcumas seasamh in aghaidh tionchar athrú aeráide.

Cuirtear fáilte ar leith roimh iarratais maidir le tionscadail athchóirithe nó athúsáid a bhaineann le struchtúir oidhreachta, agus ina léirítear sochar cónaithe soiléir. Caithfear tionscadail den sórt sin a chur ar aghaidh tríd an bpróiseas pleanála de réir mar is gá.

D’fhéadfadh go mbeadh suim ag iarratasóirí ar an CSS san Scéim Deontais um Chomhairle Chaomhnaithe do Thithe Traidisiúnta Folmha. Níl iarratais ar an scéim seo oscailte faoi láthair, ach osclófar arís i 2025.


Cistiú

Don bhliain 2025, tairgfidh Ciste na Struchtúr Stairiúil deontais ó €50,000 suas go dtí €200,000 amháin, agus díreoidh sé ar thionscadail níos mó a bhaineann le feabhsú, athchóiriú nó athúsáid struchtúr oidhreachta, sna cásanna seo a leanas:

  • Léiríodh go soiléir go mbaineann leas an phobail áirithe nó an phobail i gcoitinne leis an struchtúr, nó
  • Tá buntáiste soiléir cónaithe léirithe (ní mór tionscadail den sórt sin a chur chun cinn tríd an bpróiseas pleanála de réir mar is gá)

Moltar d’úinéirí struchtúir chosanta atá ag lorg maoinithe le haghaidh oibreacha ar scála níos lú, nó nuair nach bhfuil aon leas pobail ná poiblí ann, iarratas a dhéanamh ar Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Tógtha (SIOT).


Iarratais Incháilithe

Cuireann an Ciste um Struchtúir Stairiúla cistiú caipitil ar fáil le haghaidh oibreacha ar struchtúir cháilithíoch, lena n-áirítear:

  • Struchtúir atá faoi Chosaint: Struchtúir atá ar Thaifead ar Dhéanmhais Chosanta (RPS) gach údarás áitiúil;
  • Struchtúir atá incháilithe nó molta le cuimsiú san RPS; ach nár faomhadh go foirmiúil iad go fóill. Caithfidh a leithéid de struchtúir critéir an údaráis áitiúil le cuimsiú san RPS a shásamh, i.e. caithfidh go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíche, sóisialta nó teicniúil de.
  • Struchtúir nó oibreacha laistigh de Limistéir Chaomhantais Ailtireachta (LCA); nó laistigh de chonláiste Séadchomhartha Náisiúnta, sa chás go bhfuil cúinsí eisceachtúla i gceist.

Is iad seo a leanas a bheidh mar thionscadail incháilithe:

a) tionscadail molta ag údaráis áitiúla de réir iarratas ó iarratasóirí príobháideacha gur úinéirí nó airigh de struchtúir stairiúla iad.

b) tionscadail molta ag údaráis áitiúla d’oibreacha ar struchtúir atá faoi úinéireacht phoiblí, sa chás gur léirítear fócas oidhreachta agus pobail follasach, nó tairbhe don phobal.


Déan Iarratas

Déanann iarratasóirí iarratas trína n-údarás áitiúil.

Tá am na n-iarratas thart anois. Féidfear liosta na dtionscadal a gheobhaidh maoiniú i 2025 a fheiceáil seo thíos. Faoi réir maoiniú, féidfear iarratais a chur isteach don scéim seo i 2026.

Ba cheart d’iarratasóirí seiceáil lena n-údarás áitiúil chun teacht ar an dáta deiridh ina gceantar. Beidh sonraí na scéime agus treoir maidir le conas iarratas a dhéanamh ar fáil ó gach údarás áitiúil. Tá na doiciméid scéime ábhartha ar fáil thíos.

Ciste na Struchtúr Stairiúil (HSF) 2025 - Tairiscintí Deontais Molta


doiciméid

Historic Structures Fund (HSF) List of Projects 2025
Amharc amharc
Foirm Iarratais Chiste na Struchtúr Stairiúil
Amharc amharc
Seicliosta Iarratasóra ón gCiste um Struchtúir Stairiúla
Amharc amharc
Leabhrán Treorach Ciste na Struchtúr Stairiúil d'Iarratasóirí
Amharc amharc
Ciorclán Ciste na Struchtúr Stairiúil
Amharc amharc