Déan Iarratas um Shaoráil Faisnéise (FOI)
- Foilsithe: 5 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 20 Meán Fómhair 2022
- Cad atá i gceist leis
- Conas iarratas FOI a dhéanamh
- Táillí
- Faisnéis ar féidir rochtain a fháil uirthi
- Cad is féidir liom a dhéanamh má táim míshásta le cinneadh ar m'iarratas?
Cad atá i gceist leis
Cuireann FOI faisnéis bhreise ar fáil trí rochtain ar thaifid nach gcuirtear ar fáil go rialta a cheadú.
Conas iarratas FOI a dhéanamh
Ní mór iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart go léireodh sí go bhfuil an fhaisnéis á lorg faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba cheart go mbeadh an iarraidh soiléir go leor freisin le cur ar ár gcumas na taifid atá á lorg a aithint.
Más mian leat na taifid a athbhreithniú ar bhealach ar leith (m.sh. iniúchadh a dhéanamh ar na taifid, fótachóipeanna, diosca ríomhaire, srl.) ba cheart duit é seo a shonrú nuair a dhéanann tú iarratas.
Mura bhfuil tú cinnte cad ba cheart duit a iarraidh, beidh foireann an Aonaid um Shaoráil Faisnéise sásta cabhrú leat. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad um Shaoráil Faisnéise ar an bhfón ag +353 (0)53 911 7385 (Alison Barron), +353 (0)53 911 7334 (Laura Molloy) nó +353 (0)53 911 7387 (Aoife Carroll), agus trí r-phost ag foi@housing.gov.ie
Is féidir iarratais a dhéanamh tríd an bpost trí scríobh chuig:
FOI
- Seoladh:
- Department of Housing, Local Government and Heritage, Newtown Road, Wexford, Y35 AP90
- Ríomhphost:
Tabhair do chuid sonraí teagmhála le do thoil agus iarratas um Shaoráil Faisnéise á dhéanamh agat.
Ba cheart go gcuirfí an cinneadh maidir le d’iarratas in iúl duit laistigh de 4 seachtaine tar éis d’iarratas a fháil.
Táillí
Ní ghearrtar aon táille ar iarratais. D’fhéadfadh go mbeadh táillí ann as an am a chaitear ag aisghabháil taifead agus cuirfear in iúl duit más amhlaidh an cás.
Faisnéis ar féidir rochtain a fháil uirthi
Tagann na taifid seo a leanas faoi raon feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise:
- gach taifead a bhaineann le faisnéis phearsanta iarratasóirí is cuma cathain a cruthaíodh iad
- gach taifead eile a cruthaíodh ó thosach feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise (an 21 Aibreán, 1998)
- aon taifid is gá chun taifead reatha a thuiscint fiú má cruthaíodh iad roimh an 21 Aibreán 1998.
Tá taifid áirithe díolmhaithe óna scaoileadh faoin Acht. I measc na bpríomh-dhíolúintí tá taifid a bhaineann le:
- cruinnithe rialtais
- próisis phlé an chomhlachta phoiblí
- cúrsaí parlaiminte agus cúirte
- forfheidhmiú an dlí agus sábháilteacht phoiblí · slándáil, cosaint agus caidreamh idirnáisiúnta
- faisnéis rúnda agus íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis phearsanta (seachas faisnéis a bhaineann leis an duine a dhéanann an t-iarratas)
Tabhair ar aird le do thoil gurb é beartas na roinne iarratais um Shaoráil Faisnéise a fhoilsiú ar an láithreán gréasáin seo.
Cad is féidir liom a dhéanamh má táim míshásta le cinneadh ar m'iarratas?
Má tá tú míshásta le cinneadh na roinne, féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a iarraidh ag ball athbhreithnithe níos sinsearaí sa roinn. Ba chóir iarratais ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh i scríbhinn chuig an Aonad um Shaoráil Faisnéise.
Tá táille iarratais de 30 euro, (10 euro d’iarratasóirí a chumhdaítear le cártaí leighis), ar iarratais ar athbhreithniú inmheánach ar iarratais um Shaoráil Faisnéise. Ní ghearrtar aon táille ar iarratas ar athbhreithniú inmheánach ar chinneadh a bhaineann le faisnéis phearsanta an iarratasóra nó ar iarratas ar athbhreithniú inmheánach ar chinneadh táillí a ghearradh.
Má tá tú míshásta leis an gcinneadh a rinne an t-athbhreithnitheoir inmheánach, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise, a bhfuil a sonraí teagmhála mar seo a leanas:
Oifig an Choimisinéara Faisnéise,
Seoladh: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Láithreán Gréasáin: www.oic.ie/
Ríomhphost: info@oic.ie
Uimhir theileafóin: +353 (0) 1 639 5689
Tá táille iarratais 50 euro (15 euro ar iarratais a chumhdaítear le cártaí leighis) as iarratas ar athbhreithniú chuig an gCoimisinéir Faisnéise. Ní ghearrtar aon táille ar iarratas ar athbhreithniú chuig an gCoimisinéir Faisnéise ar chinneadh athbhreithnithe inmheánaigh a bhaineann le faisnéis phearsanta an iarratasóra nó le cinneadh táillí a ghearradh.