English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Deontas um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta



Cad is Deontas um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta ann

Tá an Deontas Cúnaimh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta ar fáil chun cabhrú le daoine scothaosta a bhfuil cónaí orthu i ndroch-choinníollacha tithíochta deisiúcháin nó feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh. Is iad na húdaráis áitiúla a riarann an scéim.

Is é an deontas uasta éifeachtach faoin scéim ná €10,700, agus féadfaidh sé seo 100% de chostas na n-oibreacha a chlúdach.


Cé atá in ann iarratas a dhéanamh

Is do dhaoine atá 66 bliain d’aois nó níos sine an deontas seo, chun obair dheisiúcháin riachtanach a dhéanamh, ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh ina gcónaí ina dteach féin. Ó am go chéile, is féidir an deontas seo a íoc le daoine atá faoi bhun 66 bliain d’aois, ach i gcásanna cruatain amháin.


Tástáil acmhainne tairseach ioncaim

Déanfar iarratasóirí a mheas ar bhonn a n-ioncam teaghlaigh, is é sin, ollioncam bliantúil úinéara (agus a gcéile) cláraithe na maoine sa bhliain chánach roimhe sin.

Tá tuilleadh sonraí maidir leis seo ar fáil ar an bhfoirm iarratais aonair atá ar fáil thíos.

D’fhéadfadh go mbeadh an deontas uasta éifeachtach de €10,700, a d’fhéadfadh suas le 100% de chostas na n-oibreacha a chlúdach, ar fáil d’iarratasóirí a bhfuil ollioncam teaghlaigh suas le €37,500 in aghaidh na bliana acu, ag laghdú go dtí 30% d’iarratasóirí a bhfuil ollioncam teaghlaigh idir €62,501 agus €75,000 in aghaidh na bliana acu.


Cineálacha oibre atá ceadaithe

Is féidir leat an deontas seo a úsáid chun obair dheisiúcháin riachtanach a dhéanamh. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist:

  • cabhair chun an díon a dheisiú nó a athsholáthar
  • an sreangú leictreachais a uasghrádú
  • deisiú nó soláthar téimh lárnaigh
  • doirse agus fuinneoga a dheisiú nó a athsholáthar

Iarratas a dhéanamh

Is féidir leat an fhoirm a íoslódáil thíos, nó is féidir leat cóip den fhoirm a fháil ó Rannóg na nDeontas Tithíochta i d’Údarás Áitiúil nó ar a suíomh gréasáin.

Ba cheart foirmeacha iarratais atá comhlánaithe go hiomlán a sheoladh ar ais chuig d’Oifig Údaráis Áitiúil.

Foirm iarratais: Deontas um Oiriúnú Tithe do Sheanóirí agus do Dhaoine faoi Mhíchumas
Amharc amharc