English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Pirít



Cad é an Scéim um Leasúchán Piríte

Is scéim de rogha dheiridh í an scéim um leasúchán piríte a bhfuil sé mar aidhm aici tithe áirithe a dheisiú a ndeachaigh damáiste suntasach piríteach i bhfeidhm orthu i gcás nach bhfuil aon rogha indéanta eile ag úinéirí tí chun cúrsaí a chur ina gceart. Ullmhaíodh an scéim de réir fhorálacha an Achta um Leasúchán Piríte 2013 agus thosaigh sí ag glacadh le hiarratais an 26 Feabhra 2014.


Céimeanna a ghlac an Rialtas

An Bord um Réiteach Piríte

Bunaíodh an Bord um Réiteach Piríte den chéad uair go luath in 2013 agus cuireadh ar bhonn reachtúil é an 10 Eanáir 2014 faoin Acht um Réiteach Piríte 2013. Tá an Bord freagrach as cur i bhfeidhm na na scéime feabhais piríte a stiúradh agus a mhaoirsiú agus tá cúnamh á tabhairt dó ag an nGníomhaireacht Tithíochta ina leith seo.

Painéal Piríte

Bhunaigh an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil Painéal Piríte neamhspleách i Meán Fómhair 2011 chun imscrúdú a dhéanamh ar na fadhbanna a bhíonn mar thoradh ar bhrú piríteach in áitribh áirithe in Éirinn. Foilsíodh Tuarascáil an Phainéil Piríte i Meitheamh 2012.

An tAcht um Réiteach Piríte

Soláthraíonn an tAcht um Réiteach Piríte 2013a foráil chun an Bord um Réiteach Piríte a bhunú agus chun scéim feabhais piríte a dhéanamh d’áitribh áirithe a ndéanann pirít difear dóibh. Tháinig an tAcht i bhfeidhm an 10 Eanáir 2014.

Na Rialacháin um Réiteach Piríte (Caighdeán le haghaidh Tástála) 2017

Foráiltear leis na Rialacháin um Réiteach Piríte (Caighdeán le haghaidh Tástála) 2017 (IR 556 de 2017), de bhun alt 14(9) (a) den Acht um Réiteach Piríte 2013, gurb é an “caighdeán tástála” chun críche an Achta Caighdeán na hÉireann 398-1:2017 - Pirít imoibríoch in ábhar truncála fo-urláir - Cuid 1: Prótacal tástála agus catagóirithe, mar a d’fhoilsigh Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann an 4 Lúnasa 2017. An 15 Nollaig 2017 dáta oibríochta na Rialachán seo.


Conas cáiliú le haghaidh díolúine cánach maoine

Foráiltear leis an Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) 2012a (arna leasú) go ndéanfar díolúine shealadach sé bliana as a chéile ar a laghad ón gcáin mhaoine áitiúil ar mhaoin chónaithe áirithe:

  • nuair a chomhlánaítear deimhniú damáiste
  • nuair a ghlactar teaghais isteach sa scéim feabhais piríte
  • nuair atá cuideachta árachais tar éis teaghais a leigheas agus
  • nuair atá an tógálaí / forbróir tar éis an teaghais a leigheas.

Tuilleadh eolais