English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (AIE) - Iarratas a Dhéanamh



Conas iarratas AIE a dhéanamh

Ba chóir iarratais ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a dhéanamh chuig:

Access to Information on the Environment Information Requests

Seoladh:
AIE, Department of Housing, Local Government and Heritage, Newtown Road, Wexford, Y35 AP90
Ríomhphost:

aie@housing.gov.ie

Agus iarratas á dhéanamh agat ar fhaisnéis faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, iarrtar ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • luaigh go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin AIE agus é a chur isteach i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach aie@housing.gov.ie
  • do chuid sonraí teagmhála a thabhairt
  • an fhaisnéis chomhshaoil a theastaíonn a lua, i dtéarmaí atá chomh sonrach agus is féidir, agus sonraigh an fhoirm agus an modh rochtana atá ag teastáil.

De ghnáth cuirfear an cinneadh ar iarratas in iúl duit laistigh de mhí tar éis é a fháil.


Má tá tú míshásta le cinneadh

Má mheasann tú gur diúltaíodh d’iarratas bunaidh ar fhaisnéis chomhshaoil go hiomlán nó go páirteach, nó nár déileáladh leis i gceart de réir fhorálacha na Rialachán AIE, féadfaidh tú, tráth nach déanaí ná mí tar éis duit an cinneadh a fháil ón Roinn, a iarraidh ar an Roinn athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar an gcinneadh go páirteach nó go hiomlán.

Ní ghearrfar aon táille ar an bpróiseas athbhreithnithe inmheánaigh.

Eiseofar toradh i scríbhinn maidir le d'athbhreithniú a chuirfidh an cinneadh, an chúis atá leis an gcinneadh agus comhairle maidir le do cheart achomhairc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann le hachomharc den sórt sin laistigh de mhí amháin ón dáta a fuarthas an t-iarratas ar an athbhreithniú.


Táillí


Cúnamh chun iarratais a dhéanamh

Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh le hAonad AIE ar an bhfón:

  • +353 (0)53 911 7385 (Alison Barron)
  • +353 (0)53 911 7334 (Laura Molloy)
  • +353 (0)53 911 7387 (Aoife Carroll).

Ríomhphost: AIE@housing.gov.ie


Pointe faisnéise

Is pointe faisnéise é an láithreán gréasáin seo chun críche Threoir AIE. Má theastaíonn tuilleadh faisnéise faoin gcomhshaoil uait ná mar a chuirtear ar fáil ar an láithreán gréasáin, féadfaidh tú iarratas AIE a chur isteach nó teagmháil a dhéanamh leis an Aonad AIE, mar atá mínithe thuas.